THALL IS ABHUS
Ó Searcaigh ag tabhairt aghaidhe ar Mheiriceá
Cathal Ó Searcaigh Cathal Ó Searcaigh

Beidh an file Conallach Cathal Ó Searcaigh ag tabhairt aghaidhe ar Stáit Aontaithe Mheiriceá an t-earrach seo chugainn chun a shaothar a léamh. Tá sé ag dul ansin i mí an Mhárta agus i mí an Aibreáin de bharr na suime atá á léiriú ag grúpaí agus ag ollscoileanna sa tír ina chuid dánta. Beidh sé sásta a shaothar a léamh go dátheangach agus ceardlanna filíochta agus scríbhneoireachta a thabhairt in aon áit sa tír i rith na tréimhse sin.

Tá Oideas Gael ag cabhrú le Cathal a sceideal a eagrú. Is féidir le haon ghrúpa nó ollscoil ar spéis leo cuireadh a thabhairt do Chathal dul i dteagmháil le Liam Ó Cuinneagáin ag oideasgael@eircom.net.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.