AR NA SAOLTA SEO
Nua-Naitsithe ag Marú Daoine Gnaoiúla
Seosamh Ó Riain Seosamh Ó Riain Seosamh Ó Riain

Míníonn Seosamh Ó Riain an tslí gur fhág dearcadh amscaí údaráis na Gearmáine drong bheag dúnmharfóirí i mbun doirteadh na fola agus marú daoine ar feadh na mblianta.

Íomhá
Árasán loiscthe Zschäpe i Zwickau
(le André Karwath ar Vicipéid)
Íomhá
An fógra tóra don NSU
(leis an Deutsches Bundeskriminalamt ar Vicipéid)
Íomhá
Leac chuimhneacháin don phóilín Michéle Kiesewetter
(le P. Schmelzle ar Vicipéid)
Íomhá
Česka Browning, gléas a marfa
(le Jan Hrdonka ar Vicipéid)
Íomhá
Amtsgericht Dresden, fód an bháis ag Marwa El-Sherbini
(le X-Weinzar, Vicipéid)

D’fhág antoisceachas na heite deise deichniúr marbh, ar a laghad, agus na scórtha croíbhríste i ré uafáis sa Ghearmáin le blianta beaga anuas. Ba de bhunadh na Tuirce ochtar de na íospairtigh agus maraíodh Gréagach amháin idir Meán Fómhair 2000 agus Mí Aibreáin 2006.

Anuas air sin, tharla 14 robálacha bainc agus tharla, ar a laghad, dhá ionsaí le buamaí tairní. Maraíodh póilín mná i gceann amháin de na heachtraí robála in 2007, agus goideadh thart ar €600,000 ar an iomlán. Tá an chuma ar an scéal, faraor, go mb’fhéidir go n-ardóidh líon na n-íospartach de réir mar a fhiosrófar eachtraí nár reitíodh ag dul siar chomh fada le 1998.

Ní hé go ndearnadh na gníomhartha fill seo in aon chúinne amháin den tír ach an oiread mar gheall gur shínigh na láithreacha coire fud fad na tíre ó München, Heilbronn agus Nürnberg i nDeisceart na Gearmáine, go Dortmund agus Kassel in iarthar agus i lár na tíre, síos go Hamburg agus Rostock sa taobh ó thuaidh. Thug meáin na Gearmáine an t-ainm dímheasúil ‘Die Döner-Morde’ ar na maruithe uilig seo de bharr gurbh i siopaí kebab den chuid is mó a rinneadh iad. Scaoileadh le gach duine de na híospairtigh san aghaidh i lár an lae ghil agus na gunnadóirí gan ach cúpla slat uathu.

D’ainneoin fadhb aitheanta na nua-Naitsithe a bheith sa Ghearmáin, in Oirthear na tíre ach go háirithe, ghlac die Polizei - na póilíní go breá réidh leis gur ar bhithiúnaigh eachtrannacha amháin a bhí an fhreagracht iomlán as na dúnmharuithe brúidiúla seo. Mhaígh siad go neamhbhalbh fiú go raibh gach uile chosúlacht ar an scéal gur le lucht Mafia na Tuirce a bhí baint nach beag ag na híospairtaigh féin agus gurbh é smuigleáil drugaí croílár na faidhbe.

Dall ag a gClaontacht Féin

Mar bharr ar an donas, is é ‘Bosporus’, ainm chaolas Iostanbúl, a thug údaráis na Gearmáine ar an meitheal bleachtairí a bhí i mbun an fhiosrucháin. Ní hamháin sin, ach go mion minic is ar éigean gur cuireadh daoine muinteartha leis na íospairtigh ar an eolas faoi na maruithe go dtí gur chroch na póilíní leo ar iompú na boise lena gceistiú ina dtaobh!

Bhí 160 oifigeach ag obair ar an gcás, ag déanamh fiosrúchán ar 11,000 duine. Is ea gurbh í an tóraíocht ba mhó riamh ar dhúnmharfóirí srathacha i stair Bundesrepublik Deutschland.

Deamhan ratha a bhí ar a gcuid iarrachtaí, áfach, go dtí maidin 4 Samhain 2011. Agus beirt fhear ag éalú ó robáil bhainc i gcathair Eisenach in Oirthear na tíre, is amhlaidh gur thug duine éigin faoi deara iad agus chuir fios gan mhoill ar na póilíní. Ní fada ina dhiaidh sin go raibh an bheirt, a bhí i veain anois, timpeallaithe agus faoi léigear ag na húdaráis. Scaoileadh dhá urchar, laistigh den veain céanna, gníomh a thug bás na beirtebhí lámh curtha ina mbás féin acu.

Ba iad Uwe Mundlos, 38, mac le hOllamh ríomhaireachta, agus Uwe Böhnhardt, 34, beirt de na nua-Naitsithe ba mhó tóir sa Ghearmáin. Níor thúisce sin tarluithescrios buama árasán Beate Zschäpe ar 26 Frülingstrasse, cathair Zwickau, 110 míle ar shiúil. Ba léir do na póilíní sul i bhfad an dlúthbhaint idir an dá eachra. Trí lá ina dhiaidh sin, chuaigh Zschäpe, 36, isteach chuig stáisiún na bpóilíní lena dlíodóir in Jena agus thug le fios, “Is mise an duine atá sibh ag tóraíocht.” Comhchoirí ba ea í le Mundlos agus Böhnhardt agus ba as Jena i stát Thüringen, don triúr acu. Bhí siad ina gcónaí lena chéile san árasán ar 26 Frühlingstraße.

Físeanna Uafáis

Agus na póilíní ag póirseáil trí iarsmaí an árasáin, tháinig siad ar ghiotaí inchoiritheacha fianaise, lena n-áirítear gunnaí a úsáideadh sna ‘Döner-Morde’ mar aon le DVD Pink Panther a thug le fios go sceonmhar gurbh iad an triúr a bhí freagrach go díreach as na dúnmharuithe ar fad. Léirítear ar an DVD an carachtar cartúin, an Pink Panther, i mbun “thuras na Gearmáine”, ag comháireamh na n-íospartach, duine i ndiaidh a chéile. Bhí grianghraif de roinnt de na corpáin a glacadh ag láthair na coire, agus iad ar maos ina gcuid fola féin.

Chuir na dúnmharfóirí iad féin i láthair ar an DVD mar bhaill den ‘Nationalsozialistischer Untergrund’ (Páirtí Sóisialach Náisiúnta Faoi Thalamh nó an NSU), an mana acu ná ‘Gníomhartha seachas focail.’ Thairis sin, thángthas ar scriosliosta de 88 ainm san árasán, ainmneacha polaiteoirí ina measc. Creidtear gur cleas folaigh do ‘Heil Hitler’ é 88, mar gheall gurb é H an t-ochtú litir den aibítir. Tuigtear do na póilíní lena chois sin go bhfuil líonra mór daoine ag tabhairt lámh chúnta don NSU lena gcuid gníomhartha oilc a chur i gcrích.

Is mór an t-aighneas a chothaigh an cás seo, go háirithe an drochbhealach fíor-amscaí inar thug na póilíní faoi, ag díriú le fada ar choireacht eagraithe i bpobail eitneacha seachas ar cheannfháthanna ciníochais agus seineafóibe. Tá athruithe móra i gceist dá réir chun dul i ngleic leis an bhfadhb feasta, banc sonraí nua-Naitsithe san áireamh.

Eagraíodh searmanas oifigiúil i mBeirlín i gcuimhne na n-íospartach uile ar 23 Feabhra 2012 agus bhí nóiméad ciúnais timpeall na Gearmáine ar nóin an lá céanna. Dúirt an SeansailéirAngel Merkel, gur “náire don Ghearmáin” na dúnmharuithe seo.

Ciarraíoch is ea Seosamh Ó Riain a rinne Córais Ríomhaireachta in Ollscoil Luimnigh agus Ard-Dioplóma san Aistriúchán in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad ina dhiaidh sin.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Ciarraíoch is ea Seosamh Ó Riain a rinne Córais Ríomhaireachta in Ollscoil Luimnigh agus Ard-Dioplóma san Aistriúchán in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad ina dhiaidh sin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.