CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Noel Burke: déantóir boghanna den scoth
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

Tá Noel Burke ar dhuine de na déantóirí boghanna is fearr ar domhan agus tá boinn óir bainte aige i roinnt mhaith comórtas idirnáisiúnta. Labhair Antaine Ó Faracháin le gairid leis an gceardaí seo atá ag cur faoi i gCeatharlach.

Íomhá
Grianghraf: Martin Diver
Íomhá
Íomhá
Íomhá

Antaine Ó Faracháin: Cad as duit ó thús agus cathain ar bhog tú go hÉirinn?

Noel Burke: Is as Londain dom ach b’as Sligeach do m’athair agus do mo mháthair. Is i 1997 a bhog mé féin ar ais go hÉirinn. Bhíodh muid ag filleadh go Sligeach gach bliain ar laethanta saoire agus bhí sé i gcónaí ar intinn agam socrú síos in Éirinn.

AÓF: Cathain a thosaigh tú ag déanamh boghanna?

NB: I 1989.

AÓF: Conas ar thosaigh tú ar an gceird sin?

NB: Bhí spéis agam riamh a bheith ag déanamh rudaí le mo lámha. Tá mo dheartháir Kevin Burke cúig bliana déag níos sine ná mé féin. Is fidléir cáiliúil é siúd anois ach bhí píosaí d’fhidleacha agus de rudaí a bhain le fidleacha i gcónaí ar fud an tí nuair a bhí mé ag éirí aníos. Ansin bhí cara ag mo dheaide, fear darbh ainm Tony Martin, a bhí ina chónaí i Londain ag an am. Ba dhéantóir fidleacha é siúd agus bhíodh muid go minic ag tabhairt cuairte air agus ar a cheardlann.

AÓF: Cén áit ar fhoghlaim tú scileanna na ceirde?

NB: Bhuel is fliúiteadóir mé ó bhí mé ocht mbliana d’aois agus dá bharr sin rinne mé cúrsa ar conas gaothuirlisí adhmaid a dhéanamh. Cúrsa lánaimseartha trí bliana i gColáiste Teicneolaíochta Newark a bhí ann. Ach ansin bhí mé mar aoi ag bainis i bPáras agus ba dhéantóir boghanna é an fear a bhí ag pósadh. Bhí triúr nó ceathrar déantóirí boghanna i láthair ag an mbainis, duine acu Charles Espey as Meiriceá. Le scéal fada a dhéanamh gearr thug mé cuairt air siúd ina cheardlann tamall ina dhiaidh sin. Bhog mé go Seattle agus chaith mé deich mí ann ag foghlaim uaidh mar phrintíseach. Nuair a bhí an tréimhse sin thart thóg cara leis, Stephane Thomachot i bPáras, isteach mé ar feadh cúpla mí. Níl ceardlann ar bith ar domhan níos fearr ná í leis an gceird a fhoghlaim. D’iompaigh an cúpla mí a bhí in ainm is a bheith ann ina chúpla bliain.

AÓF: Cad iad na scileanna is mó a chaitear a fhoghlaim?

NB: Scileanna láimhe. Tá cúpla traidisiún éagsúil ann ó thaobh déantúsaíochta boghanna de. Tá na traidisiúin i Sasana agus sa nGearmáin níos cosúla le hinnealtóireacht. Úsáidtear meaisíní. Ach i dtraidisiún na Fraince tá scileanna láimhe i gceist a théann siar trí chéad bliain agus is beag athrú atá tar éis teacht orthu. Is uirlisí láimhe simplí den chuid is mó a úsáidtear.

AÓF: An bhféadfadh duine ar bith na scileanna seo a fhoghlaim?

NB: Má tá luí aige leis an saghas sin oibre. Ach caitheann go leor daoine san aer é tar éis tamaill. Ba é an rud ba dheacra a rinne mise riamh. Ach faoin tráth seo is dóigh go ndéarfainn go bhfuil sé dúshlánach seachas deacair. Bíonn foighid ag teastáil.

AÓF: An ndéanann tú mórán botún, nó an ndéanann tú praiseach de riamh?

NB: Ní dhearna mé praiseach cheart de le fada anois. Ach úsáidim an bunábhar is fearr gur féidir liom a fháil. Pernambuco an t-adhmad a úsáidim agus tá thart ar €200 ar mhaide amháin de, le haghaidh bogha amháin.

AÓF: Cad é go díreach atá i gceist le bogha maith, nó cad iad na tréithe a bhíonn á lorg agat?

NB: Caithfidh an ceoltóir a bheith in ann é a phreabadh, é a tharraingt, é a bhrú, é a scaoileadh in áiteanna éagsúla ar fhaid an bhogha. Tá tréithe maithe ag

pernambuco. Tá spreang ann agus tá neart ann ag an am céanna. Ní féidir an cóimheas atá aige, idir meáchan agus neart, a shárú. Is féidir bogha maith a aithint ón mbunábhar atá ann agus ansin ar ndóigh bíonn stíleanna éagsúla ceardaíochta iontu. Is ag iarraidh aithris a dhéanamh ar na seanmháistrí a bhímse.

AÓF: Cén réimse praghsanna a bhíonn ann i gcás na mboghanna a dhéanann tú?

NB: Tosaíonn siad os cionn €3,000 agus téann siad suas go dtí thart ar €5,000.

AÓF: Cén fáth go leagann ceoltóirí áirithe an oiread sin béime ar bhogha maith a bheith acu? Nach é an veidhlín féin is tábhachtaí?

NB: Tá an bogha ar a laghad chomh tábhachtach céanna leis an veidhlín. Is é an bogha a chuireann an veidhlín ag caint, a thugann glór dó. Tá tionchar ollmhór ag an mbogha ar an bhfuaim a thagann ón veidhlín. Nuair a bhíonn gach rud ag obair i gceart lena chéile bíonn an veidhlín agus na sreanga atá air, an bogha, agus fiú an veidhleadóir féin, agus iad ar fad ar crith ar bhealach armónach lena chéile. Bíonn triantán ann: veidhlín, bogha, veidhleadóir.


AÓF: Cén saghas daoine a cheannaíonn boghanna uait?

NB: 90% de mo chuid custaiméirí is ceoltóirí clasaiceacha iad cé go bhfuil roinnt ceoltóirí traidisiúnta atá ag seinm go proifisiúnta tar éis boghanna a fháil uaim. Tá an taobh sin den ghnó ag fás le cúpla bliain anuas.

AÓF: Inis dom faoi na comórtais do dhéantóirí boghanna gur ghlac tú páirt iontu.

NB: Tá cúpla príomhchomórtas oscailte idirnáisiúnta ann - ceann amháin acu ag Cumann Veidhlín Mheiriceá a bhíonn ar siúl gach dhá bhliain, ceann eile á reáchtáil ag Iris Stradivarius gach trí bliana agus ceann eile i bPáras gach cúig bliana. Bíonn bord moltóirí ann de dhéantóirí agus de sheinnteoirí chun na boghanna is fearr a roghnú. Bhuaigh mé féin ocht mbonn óir sna comórtais seo go dtí gur éirigh mé as a bheith ag iomaíocht iontu. Is ag moltóireacht iontu anois a bhím.

AÓF: Is fidléir í do bhean chéile Eimer. Conas a bhuail sibh le chéile?

NB: Tháinig sí isteach sa cheardlann chugam lá amháin chun mo thuairim a fháil faoi bhogha a bhí aici. D’fhéadfaí a rá gur shiúil sí isteach le bogha amháin ach gur shiúil sí amach le ceardlann iomlán agus an déantóir féin!


Is féidir scríobh chuig Noel Burke ag an seoladh burkebows@oceanfree.net

Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.