AR NA SAOLTA SEO
Nod don Eolach - ag Ceannach Cairr
Daragh Ó Tuama Daragh Ó Tuama

Murab é an rud is costasaí a cheannófas tú, is é an dara rud is daoire a deir Daragh Ó Tuama agus tugann sé comhairle shiosmaideach san alt seo i dtaobh carr a cheannach ar athláimh.

Íomhá
Dúil sna Jaganna
Íomhá
Carzone
Íomhá
Do rogha féin ar athláimh
Íomhá
Cartell, suíomh a chuideoidh leat

Bíonn sé casta, in amanna, nuair a cheannaíonn duine carr ar athláimh. Tá an-chuid rudaí ar cheart agus nár cheart a dhéanamh nuair a rachas tú ag ceannach. Caithfidh tú aire a thabhairt do d’infheistiú. Deirim i gcónaí gurb iad gluaisteáin an chéad nó an dara rud is costasaí a cheannaíonn an duine.

Beidh mé ag líonadh na leathanach seo le heolas faoi gluaisteáin nua agus faoi ghluaisteáin athláimhe – agus cuirfear liosta ar fáil de na rudaí ar cheart agus nár cheart duit a dhéanamh agus tú ag ceannach gluaisteán athláimhe.

Má tá tú buartha faoi dhroch-charr a cheannach nó faoi bhotún a dhéanamh agus tú ag ceannach cairr, lean na treoracha seo.

  • Ar dtús molaim duit taighde a dhéanamh ar an gcineál cairr atá uait. Is áis iontach é carzone.ie agus tú ag ceannach carr. Tabharfaidh suíomh den chineál seo tuairim duit faoi luach do rogha cairr – agus ní hamháin sin, ach taispeánfaidh sé duit go bhfuil rogha níos leithne ann duit.

Is Fearr Amhras ná Aiféala

  • Cé go mbíonn praghsanna níos fearr ar fáil ó dhaoine a dhíolann gluaisteáin go príobháideach, ar an ndrochuair, ní bhíonn an chosaint chéanna agat ó thaobh d’infheistithe. Má cheannaíonn tú ó dhíoltóir ceart beidh cosaint agat, fiú nuair nach dtugtar barántas duit. De réir an Achta um Dhíol Earraí agus Soláthar Seirbhísí 1980, tá sé de dhualgais ar dhíoltóirí gluaisteán a chinntiú go bhfuil a gcuid earraí de cháilíocht indíolta. Bíonn sé seo bunaithe ar an bpraghas a íocann tú ar do charr, cé chomh sean is atá sé agus ar an méid ar cheart duit a fháil ar an gcarr féin. Cé go mbíonn tú cumhdaithe faoin acht seo, molaimse duit iarraidh ar an ngaráiste nó ar an díoltóir, barántas a thabhairt duit. Mura bhfuil siad sásta ceann thabhairt duit, molaim duit a thabhairt do na bonnaí! Mura mbíonn an garáiste sásta barántas a thabhairt duit, ní dea-chomhartha é sin ó thaobh an chairr áirithe sin, ná ó thaobh an gharáiste.

  • Má bheartaíonn tú ceannach ó dhíoltóir príobháideach, agus mura bhfuil mórán eolais agat faoi charranna, iarr ar do mheicneoir áitiúil teacht leat chun féachaint ar an gcarr – nó tabhair an carr amach chuige agus tú á fhéachaint.

  • Ná ceannaigh carr agus tú faoi bhrú! Má cheannaíonn tú ceann athláimhe, bí cinnte go ndéanann tú turas trialach. Éist le fuaim an chairr agus an innill. Coinnigh súil ar na soilse rabhaidh, etc. Téigh abhaile ansin agus déan machnamh ar an scéal.

  • Déan haigleáil! Tá tú chun airgead maith a chaitheamh ar an ngluaisteán seo. Ná bíodh aon leisce ort stangaireacht a dhéanamh. Ná híoc thar a luach uirthi.

  • Aon uair a cheannaímse carr athláimhe, déanaim taighde ar na fadhbanna coitianta a bhaineann leis an gcineál cairr atá uaim. Chun an fhírinne a rá, má tá tú ag ceannach carr athláimhe, ag brath ar aois an chairr, ba cheart duit a bheith ag súil le fadhb nó dhó. Ach ní dhéanann sé aon dochar a bheith ar an eolas faoi na fadhbanna coitianta a bhíonn bainteach le do charr. Mar shampla, beidh mé ag caint faoin BMW 3 Series (E46) an mhí seo chugainn – agus is féidir liom a rá go mbaineann an-chuid fadhbanna coitianta leo. Ach tig liom a rá chomh maith gur féidir teacht roimh na fadhbanna seo agus gan a ligean a theacht chun cinn.

Cartell.ie

  • Sula gceannaíonn tú carr athláimhe, bí cinnte cláruimhir an chairr a fhéachaint le cartell.ie – nó lena leithéid. Inseoidh na suíomhanna seo stair an chairr duit. Inseoidh sé duit má tá an fheithicil faoi chonradh fruilcheannaigh. Inseoidh sé duit an raibh sí riamh díscríofa. Gheobhaidh tú eolas ann maidir leis an uair dheiridh ar íocadh cáin ar an gcarr agus maidir le haon tréimhse nár íocadh an cháin. Tá neart eolais eile ar fáil ann chomh maith.

  • Agus tú ag féachaint ar an ngluaisteán, molaim duit súil a chaitheamh air i rith an lae agus nuair a bhíonn an aimsir tirim. Faoi sholas an lae, bíonn sé i bhfad níos éasca fadhbanna a bhaineann le cabhail an chairr – agus leis an taobh istigh – a aimsiú.

  • Le linn duit a bheith ag scrúdú an chairr ar an taobh istigh, bí ag faire amach don chaitheamh agus don chuimilt. Mura bhfuil ach thart ar seachtó míle míle ar an gclog, ní ceart cuma róchaite a bheith ar an roth stiúrtha, ar an ngléas lámhghiarála ná ar an gcoscán láimhe. Má fheiceann tú lochtanna mar seo, is leideadh láidir iad gur athraíodh an míleáiste ar an gclog.

Sin roinnt nodanna le cuimhneamh orthu agus tú ag ceannach gluaisteáin nua. Beimid ag féachaint ar charranna nua agus ar charrana athláimhe sna míonna atá romhainn. Níl sna nodanna a thug mé daoibh ach nodanna. Cinnte, tá rudaí eile ar cheart duit a bheith ag faire amach dóibh – agus má tá tú ag iarraidh do chuid tuairimí féin a chur chugaim, déan é! Is féidir r-phost a chur chugam ag daraghotuama@hotmail.com.

An mhí seo chugainn beimid ag féachaint ar an BMW E46 – nó an 3 Series ón tréimhse 1999-2006. Mar sin, go dtí an mhí seo chugainn, go dté sibh slán i mbun tiomána!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.