AR NA SAOLTA SEO
Níl Ár bPosóid Gléasta
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Galar gan leigheas, foighid is fearr air. Cibé póit atá ar dhaoine sa tuaisceart, tá Robert McMillen den bharúil nach mbeidh sé furasta a leigheas a dhéanamh.

Íomhá
Séamas Ó Muirgheasáin, gléasta mar Jamie Bryson
Íomhá
John Larkin
Íomhá
Gerry Adams

Bhí mé ar meisce an tseachtain seo caite. Ní minic a bhím mar sin ach bhí gearrsteall ólta agam le cairde de mo chuid agus muid ag plé cúrsaí foclóireachta, ceist a bhfuil fairsinge inti mar atá a fhios agaibh agus ábhar ar ceart cuid mhór ama a chaitheamh i mbun chur agus cúiteamh á plé i dtithe leanna.

Ar ndóigh, nuair a bhain mé an baile amach agus chonaic mé aghaidh chrosta mo mhná chéile, thug mé iarraidh áitiú uirthi nach raibh mé dóigh ar bith ar meisce ach ba léir di go raibh mé ar na cannaí. Sin mar atá cuid mhór daoine i dtuaisceart na hÉireann agus gan braon ólta acu.

Cad é an mheisce a bhí ar Ard-Aighne Thuaisceart Éireann John Larkin nuair a mhol sé gan dul ar aghaidh le fiosrúcháin ar choireanna a tharla le linn na dTrioblóidí? Cinnte, ba bhreá le Rialtas na Breataine a leithéid ar mhaithe le cúrsaí airgid agus ar mhaithe le rúndacht (bhí alt ar an Guardian inné faoin dóigh ar loisc na húdaráis Bhriotanacha cáipéisí a chuirfeadh aiféaltas orthu sular fhág siad na tíortha Afraiceacha a bhain neamhspleáchas amach sna 1960í). Agus de réir mar atá eolas ag teacht chun solais faoi rannpháirtíocht na bhfórsaí ‘slándála’ sa sceimhlitheoireacht, tuigfidh tú cén fáth.

Ba bhreá le trodaithe na dtrioblóidí dearmad a dhéanamh de na huafais a raibh siad freagrach astu. Ach Ard-Aighne, an t-oifigeach dlí is tábhachtaí sa dhlisteanacht, ag rá gur cóir do dhaoine dóchas a chailleadh go mbainfidh siad ceart amach? Scannalach. Ó mhuintir Dhomhnach na Fola agus íobartaigh an chlaonpháirteachais go dtí mná chéile na bpóilíní a maraíodh agus na daoine nach ndearna éagóir riamh ina saoil ach a sciobadh ar shiúl óna dteaghlaigh mar gheall ar ghníomhartha foréigin nach raibh baint nó páirt acu leo, tá sé de dhualgas orainn sásamh éigin a thabhairt do na daoine seo, más féidir é.

Saochan Céille ar Aontachtaigh

Cad é an mheisce atá ar an bhunaíocht Aontachtach? Samhlaigh Aire Gnó i rialtas ar bith ag rá go bhfuil sé de cheart ag daoine ceann de na laethanta siopadóireachta is gnóthaí sa bhliain a scrios le go dtiocfaidh 10,000 de lucht leanúna King Canute isteach go lár na cathrach. Tá smacht ag na pótairí ar an ghrúdlann ach ní dhéarfaidh duine ar bith: “Tá tú ar meisce. Seo cupán tae, gabh a luí.”

Cad é chomh hólta is atá, ní hamháin Jamie Bryson, ach na daoine a thugann creidiúint dó? Tá rún ag Jamie cóir agóidíocht a dhéanamh in éadan urraithe an CLG cionn is go bhfuil siad ag tabhairt cúnaimh do sceimhlitheoirí. Is cumann sceimhlitheoireachta é an CLG i súile Jamie agus tá Banc Uladh agus Vodafone agus O Neill’s páirteach sa chomhcheilg dar le Bryson agus pléitear leis mar a bheadh saoi ann.

An raibh an BBC i mBéal Feirste an oiread sin ar meisce gur chaill gach tuairisceoir dá chuid an scéal faoi mharú Roseanne Mallon, máthair mhór 74 bliana d’aois, go raibh baint ag an ghléas airm lenar maraíodh í le sé cinn de mharuithe eile, go raibh sé mar chuid den lastas a thug an spiaire Briotanach, Brian Nelson, go hÉirinn. B’fhéidir go raibh siad ag fanacht le John Ware ón chlár Panorama theacht anall agus an tuairisceoireacht a dhéanamh fána gcoinne. Dálta RTÉ ó dheas, is eagraíocht í BBC NI atá ann le dearcadh an rialtais a chur chun cinn i measc, mar a déarfadh Bryan Dobson, na n-amadán.

Sinn faoi Chúram Altra Mhór Mhíofar

Le coicís anuas, bhí níos mo clár faoi Gerry Adams ar an teilifís ná cláir chócaireachta. Go malltriallach, tá cuimhne ag teacht chuige faoin dóigh ar láimhseáil sé scéal a nia, Áine Dahlstrom ar bhain a hathair, Liam Adams, deartháir Gerry, mí-úsáid gnéasúíl aisti. Léiríonn sé a mhífheidhmiúil is atá an córas polaitíochta anseo gur féidir le Adams fanacht ina phost i ndiaidh an eolais atá ag teacht amach faoi. Ach ná déanaimis dearmad gurbh é Adams a thionscain an próiseas síochána i gcuideachta John Hume níos mo na 20 bliain ó shin. Cad é an chruth a bheadh ar na Sé Chontae inniu murach é?

Roimh an Nollaig, tiocfaidh Richard Haass chugainn agus leigheas póite aige dúinn. Dálta gach leigheas póite, ní bheidh sé iontach blasta agus beidh sé suimiúil a fheiceáil an bhfuil gach dream sásta glacadh leis. Tá altra mhór mhíofar - Stáit Aontaithe Mheiriceá - á thabhairt dúinn, mar sin beidh eagla ar a lán gan glacadh leis.

Ach tá lucht an óil ann, daoine nach nglacfaidh le haon leigheas, a bhaineann sult as a bheith ag amharc isteach sa ghloine fholamh. Cuireann an t-ól ar strae iad, éiríonn siad foréigneach, bíonn siad dímhúinte lena gcomharsana, scriosann siad rudaí.

Ach ní deoch mheisciúil atá i gceist anseo ach gloine lán gheire na staire, an díoltais, an forchiníochais agus an fhuatha. Mar shochaí, tá barraíocht againn tugtha suas don diúltachas sin. Sa chas seo, ní leigheas na póite ‘é’ a ól arís.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.