AGALLAMH BEO
Nikki Ragsdale
Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill

Bhí aithne ag Nikki Ragsdale tráth ar roc-cheoltóirí mór le , ach na laethanta seo níos tógtha leis an chultúr Gaelach agus le cur chun cinn na Gaeilge i gceantar San Francisco. Labhair le hÉamonn Ó Dónaill faoin dóigh ar fhás a grá don teanga agus faoina cuid oibre mar dhearthóir suíomh gréasáin.

Íomhá
Nikki Ragsdale
Íomhá
Keith Emerson ón ghrúpa Emerson, Lake and Palmer
Íomhá

Tráthnóna hAoine ag deireadh mhí Mheán Fómhair atá ann. beagnach leathchéad duine bailithe le chéile do chúrsa Gaeilge deireadh seachtaine san Fhoras Cultúir Gaeil Aontuighthe, an United Irish Cultural Center (UICC), sa Sunset District, in aice na farraige i San Francisco. an grúpa daoine seo thar a bheith ciúin, iad siúd nach raibh anseo cheana pas beag neirbhíseach, b’fhéidir, faoi bheith ag tabhairt faoi fhoghlaim na teanga. Seasann Nikki Ragsdale, bean de bhunadh California, agus cuireann fáilte roimh na foghlaimeoirí chuig an anDeireadh Seachtaine Gaeltachta”, mar a thugtar ar an imeacht bliantúil seo.

Gaeilge líofa ag Nikki agus díograis i dtaobh na teanga ag baint léi nach mbíonn le fáil ach go hannamh i measc daoine in Éirinn. Chuir tús leis an deireadh seachtaine Gaeilge seo trí bliana ó shin agus d’éirigh go seoigh le gach imeacht go dtí seo, an ceann thuasluaite ag deireadh na míosa seo caite san áireamh.

Is mór idir an saol atá aici anois, ar maos i dteanga agus i gceol na hÉireann, agus an saol a chaith go dtí go raibh ina cuid tríochaidí. raibh eolas ar bith aici ar an chultúr Gaelach ar an teanga ar feadh na mblianta agus níor thuig fiú gur de shliocht Éireannach í féin.

Rugadh Nikki i nGlendale i gCalifornia agus chaith cuid hóige i gceantair Los Angeles agus San Francisco. B’innealtóir é a hathair a bhí ag obair leis an chomhlacht mór idirnáisiúnta Bechtel’s agus thug a chuid oibre thar lear é go háiteanna éagsúla agus Nikki ag éirí aníos. Nuair a bhí cúig bliana d’aois, mar shampla, bhog an teaghlach go Napoli na hIodáile, áit ar chaith siad bliain go leith. Nuair a bhí sna déaga, phill siad ar an tír chéanna agus chuir siad fúthu i Milano. Bliain go leith ina dhiaidh sin arís, thóg siad a seoltaí in athuair agus thug siad aghaidh ar München na Gearmáine, áit ar chaith siad ceithre bliana.

Ba dheacair ceangal a choinneáil leis na daoine a raibh cairdiúil leo. Ach ag an am céanna, bhí deas a bheith ábalta aithne mhaith a chur ar dhaoine agus eolas a chur ar thíortha agus ar theangacha eile. Chaith dhá mhí sa Pholainn am amháin agus an Pholainnis a d’fhoghlaim ag an am sin agam go fóill. D’fhoghlaim roinnt Sualainnise chomh maith agus na habairtí sin agam go fóill fosta. Is breá liom teangacha.”

Bhog an teaghlach ar ais go California nuair a bhí Nikki naoi mbliana déag ach bhí fonn siúil uirthise agus, deich ina dhiaidh sin, díreach tar éis a fichiú breithlá, thug aghaidh ar Londain. Chuaigh ansin ina haonar ach bhí aithne mhaith aici ar go leor ceoltóirí a bhí ag maireachtáil sa chathair de bharr go raibh tréimhse caite aici ag obair i gclub darbh ainm PN Hithouse i gceantar Schwabing a mbíodh grúpaí Sasanacha ag seinm ann.

An jab a bhí agam tar éis na hardscoile ag obair mar dhioscmharcach i gclub. Na flaithis a bhí ann do dhéagóir mar mise. Go minic thagadh bannaí go dtí an club agus bhíodh siad ag seinm ansin ar feadh míosa. D’fhás fíorchairdeas idir féin agus cuid de na ceoltóirí, mar shampla Jon Anderson a bhí le banna darbh ainm The Warriors. Theip ar an bhanna sin agus chuaigh Jon isteach sa ghrúpa Yes ina dhiaidh sin.”

Chas Nikki le Jimi Hendrix ag an am seo fosta mar gur sheinn féin agus a ghrúpa, The Jimi Hendrix Experience, i München, díreach agus cáil idirnáisiúnta á baint amach aige.

Saol iontach sóisialta

Fuair post i Londain le Bechtel’s, an comhlacht céanna a raibh a hathair ag obair . Thosaigh ag foghlaim dearadh grafach leis an chomhlacht sin agus ag freastal ar an London College of Printing, áit ar chaith ceithre bliana. Bhí saol iontach sóisialta aici agus í mar chuid de ghrúpa mór ar cheoltóirí go leor acu. Théadh siad go clubanna agus tábhairní éagsúla, leithéidí The Ship, La Chaisse, The Marquee agus The Speakeasy, agus chuir Nikki aithne ar go leor ceoltóirí a bhí i mbéal an phobail le linn na tréimhse sin.

Bhuail le Keith Moon, mar shampla, agus le David Bowie bliain mar sin sular rugadh Ziggy Stardust. Bhí aithne agam ar Keith Emerson ó Emerson, Lake and Palmer agus bhog isteach ina árasán nuair a bhog féin agus a bhean amach. Bhuail le go leor ceoltóirí fríd na blianta agus chuir aithne mhaith ar roinnt acu.”

Le linn na trí bliana déag a chaith i Londain bhí postanna éagsúla aici. D’oibir mar fhreastalaí agus mar rúnaí, cuir i gcás, agus bhí gnólacht aici féin agus ag cara léi, Eileen Ennis, ar feadh tamaill.

Bhí siopa beag againn sa mhargadh i King’s Road ar dtús agus ina dhiaidh sin ar Kensington High Street. One Of’s an t-ainm a bhí air. Rinne muid éadaí a dhearadh, amanna do cheoltóirí ach go minic do ghnáthdhaoine chomh maith. Chuir muid aithne ar Phil Lynott agus Marianne Faithfull, daoine mar sin. Thagadh Phil Lynott go dtí an caife a bhí sa mhargadh go minic agus bhíodh muid ag caint leis anois is arís. Duine cairdiúil a bhí ann.”

go raibh saol suimiúil agus lán spraoi aici i Londain, bhí rud éigin ag léi go raibh in am an áit a fhágáil. I 1982, chinn air sin a dhéanamh.

Sna blianta deireanacha i Sasana, áfach, thosaigh strainséirí a casadh uirthi ag fiafraí di cén áit in Éirinn arbh as í. Tharla seo suas le cúig huaire ar fad. Níor thuig ag an am sin go raibh ceangal aici le hÉirinn, gur ansin a rugadh a sin-seanmháthair. raibh cuairt tugtha aici ar an tír ach tháinig an deis chun cinn tamall gearr sular fhág Sasana. Bhí cara léi ag dul ar cuairt chun na tíre agus thug cuireadh do Nikki dul ina cuideachta.

Chaith muid trí seachtaine in Éirinn agus chuala an Ghaeilge ansin den chéad uair, ar an Cheathrú Rua. Chuaigh an teanga i bhfeidhm go mór orm. Bhí brónach agus muid ar ár mbealach ar ais go Sasana, bhí mo chroí trom. Bhí na mothúcháin ba láidre ba cheart dóibh a bheith. Chuala an ceol agus an sean-nós chomh maith le linn an turais sin agus bhí tógtha leo ón nóiméad sin.”

Thóg taifeadadh de ghrúpaí agus de cheoltóirí éagsúla, leithéidí The Bothy Band agus The Chieftains, ar ais go California léi agus d’éist leo gan staonadh. Dhírigh a hintinn ar fhoghlaim na Gaeilge chomh maith agus í ar ais ar an fhód dúchais.

Bhí ag cuartú dóigh a mbeinn ábalta an Ghaeilge a fhoghlaim. Bhí deacair rud ar bith a fháil ach tar éis tamaill thosaigh ag obair le haonach athbheochana i rith an tsamhraidh. Casadh duine orm a raibh roinnt leabhar Gaeilge aige a bhí ag múineadh cúpla focal as Buntús Cainte. Cheannaigh féin an leabhar ansin agus thosaigh ag éisteacht leis sa charr arís is arís eile.

Cúpla bliain ina dhiaidh sin, i 1988 sílim, tháinig ar bhean as Dún na nGall, Imelda White. Bhí sise ag múineadh Gaeilge ag an am i Mountain View - bunrang agus meánrang - agus chaith roinnt blianta ag staidéar léi. Bhí ag tiomáint na mílte agus na mílte chuig an rang sin. raibh rud ar bith eile le fáil ag an am ach anois níos ar siúl ó thaobh na Gaeilge de. Caithfidh a lán stáidéir aonair a dhéanamh agus do Ghaeltacht féin a chruthú. Rinne mise é sin.”

Cás cúirte

Agus í ar ais i gCalifornia, thosaigh ag obair ar chás cúirte frith-iontaobhais a thóg comhlacht leagtha píopaí darbh ainm ETSI i gcoinne cúig chomhlacht iarnróid a chuir cosc orthu ar feadh trí bliana déag píopaí a leagan chun gual a iompar trasna na Stát Aontaithe. Bhí i mbun taighde don chás ar feadh cúig bliana. Bhuaigh ETSI an cás agus fuair siad cúiteamh de $3.1 billiún ó na comhlachtaí iarnróid.

Dhírigh isteach ar scríbhneoireacht theicniúil agus ar obair ghrafach le Bechtel’s ansin ar feadh roinnt blianta ach chinn féin agus comhoibrí cuid, Sandy Neal, ar a gcomhlacht féin, One Source Graphics, a bhunú i 1993 nuair a tharladownsizinga d’fhág díomhaoin iad. Thosaigh siad ag dearadh suíomh gréasáin an bhliain dár gcionn nuair a chuir custaiméir gcuid in iúl dóibh gur theastaigh uaidh catalóg chuid earraí a chur ar an idirlíon. D’fhoghlaim siad beirt HTML agus chuir tús le hobair atá ar bun acu ó shin.

Sa dara cuid de na nóchaidí, chuir aithne ar an amhránaí sean-nóis Peadar Ó Ceannabháin as Conamara. Chuir seisean comhairle uirthi ar an ríomhphost maidir leis na hamhránaithe arbh fhiú éisteacht leo agus na hamhráin ab fhiú a fhoghlaim, agus chuidigh léi ó thaobh na teanga chomh maith. Níor thuig i dtús ama gur amhránaí a bhí ann féin. Nuair a chuala , áfach, gur amhránaí ab ea é, chinn ar shuíomh gréasáin a dhearadh .

Rinne an suíomh sin saor in aisce ar mhaithe leis an amhránaíocht ar an sean-nós. Thug Peadar a lán tacaíochta domh maidir leis an sean-nós. Chuir muid aithne ar a chéile ar an idirlíon fríd an liosta Gaelic-L agus bhí an-chuiditheach i gcónaí.”

Chuir Peadar Tadhg Mac Dhonnagáin as Maigh Eo, cumadóir amhrán do dhaoine fásta agus do leanaí, i dteagmháil le Nikki i 1998. Bhí Tadhg ag obair ar chlár teilifíse darbh ainmCúrsaí Ealaíne”, a chraoltaí ar RTÉ, agus chuir agallamh ar Pheadar faoina dhlúthdhiosca nua.

Bhí Tadhg tógtha leis an smaoineamh go raibh suíomh á dhearadh d’amhránaí sean-nóis. Thug spléachadh ar shuíomh Pheadair agus chuir teachtaireacht chugam. Rinne suíomh do Thadhg ansin agus gan aithne phearsanta agam airsean ach oiread.”

Cúrsa i nDún na nGall

Chuir Nikki aithne ar Liam Ó Cuinneagáin, stiúrthóir Oideas Gael i nGleann Cholm Cille, ag ócáid san UICC i 1998 agus chinn ar cheann de chúrsaí Gaeilge an chomhlachta a dhéanamh an samhradh sin.

Bhain tairbhe mór as an chúrsa sin. Thug misneach domh Gaeilge a labhairt. Chuir aithne ar Thadhg an uair sin i mBaile Átha Cliath ach bhí ag labhairt Béarla leis ar dtús mar go raibh faitíos orm labhairt i nGaeilge. Ach ansin, tar éis an chúrsa, bhí níos misnigh agam agus bhí ábalta labhairt leis i nGaeilge.”

Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair?

An Dara Mám le Seán Bán Mac Meanman.

Cén ceol is fearr leat?

Le blianta anuas, ceol agus amhránaíocht Éireannach. Ach is maith liom roc-cheol agus ceol clasaiceach fosta.

Cén scannán is fearr a chonaic riamh?

Taitníonn The Secret of Roan Inish liom, Elvira, Mistress of the Dark agus Beauty and the Beast le Jean Cocteau, an stiúrthóir Francach. An scannán is fearr a chonaic le déanaí Chocolat.

dtéann ar saoire?

Caithim a lán ama ar cuairt ag mo thuismitheoirí i Nevada. Seachas sin, téim go hÉirinn.

Cad é an méid ama a chaith thar lear anuraidh?

Beagnach in Éirinn, an chuid is den tréimhse i nDún na nGall.

Cén bhialann is fearr leat?

An Mermaid Café i mBaile Átha Cliath. na freastalaithe go maith agus an bia blasta.

Cén duine is a bhfuil meas agat air/uirthi?

meas agam ar a lán daoine.

Cén rud is a chuireann isteach ort?

Na rudaí atá ag tarlú sa Teach Bán agus an duine sin atá ann. ( maith liom uachtarán a thabhairt air.) Cuireann na polasaithe fearg orm.

Cad iad na huaireanta a oibríonn gach seachtain?

Oibrím beagnach achan - deacair agam iomlán a fháil saor. Braitheann - idir 40 agus 60 uair an chloig.

Cad iad na rudaí a chuireann strus ort?

A bheith róghnaitheach.

Theastaigh uaithi pilleadh ar Éirinn arís i 1999, ach raibh deis aici é sin a dhéanamh.

Bhunaigh an Deireadh Seachtaine Gaeltachta an bhliain sin de bharr nach raibh ábalta dul go hÉirinn. Dúirt le Liam Ó Cuinneagáin, ‘Níl ábalta dul go hÉirinn, mar sin caithfidh Gaeltacht a chruthú anseo! D’éirigh go geal leis an imeacht agus choinnigh muid leis. Bhí lán i gcónaí ón chéad chúrsa sin.”

Le cois an imeachta áirithe sin, bíonn seisiún ceoil agus Oíche Ghaeltachta ar siúl san UICC ar an tríú Domhnach de gach . moladh mór ag Nikki don dream atá i mbun an ionaid sin, go háirithe do Leo Walsh atá ina stiúrthóir ar an Roinn Imeachtaí Cultúrtha. Is beag béim a bhí ar an teanga san ionad roimhe seo ach deir Nikki go bhfuil siad an-bháúil leis an Ghaeilge agus sásta gach tacaíocht a thabhairt cuid iarrachtaí féin í a chur chun cinn.

Is amhránaí sean-nóis den scoth í Nikki agus baint mhór aici le Craobh Cooley Keegan de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann i San Francisco le tamall anuas. mar Threoraí Gaeilge leis an chraobh sin agus ag éirí léi cur ina luí ar na baill eile go bhfuil tábhacht ag baint leis an teanga.

Ba mhaith leo tuilleadh béime a chur ar an teanga anois. Le tamall anuas, nuair a bhí imeachtaí mar ceoil ar siúl, bhí mise ag go gcaithfeadh sean-nós a bheith i gceist, agus bhí. rún agam roinnt imeachtaí eile a chur le chéile an bhliain seo chugainn, laethanta Gaeltachta, mar shampla, ag a mbeidh múinteoirí áitiúla ag múineadh na Gaeilge. a lán suime ag daoine ina leithéid.”

Albam

beartaithe ag an bhean thar a bheith gnóthach seo albam a thaifeadadh go luath chomh maith, ar a mbeidh amhráin sean-nóis agus dhá cheann nua-chumtha. Beidh cairde cuid ar Gaeilgeoirí iad, Galt Barber agus Janet Herman, le cloisteáil ag seinm roinnt port idir na hamhráin ach níl cinnte fós an mbeidh tionlacan leis na hamhráin féin.

dhá amhrán nua-chumtha i nGaeilge faighte aici ó Éireannach Ceanadach darb ainm Tadhg Ó Muiris, nár casadh ar a chéile riamh iad. Sheol teachtaireacht ríomhphoist chuici tar éis suíomh gréasáin Thaidhg Mhic Dhonnagáin a fheiceáil.

Níl aithne agam ar Mhuiris ar chor ar bith. Níor chuala a ghuth riamh. Bím i dteagmháil leis fríd an ríomhphost amháin. Dúirt leis gur thaitin na liricí a bhí ar a shuíomh liom agus thairg amhráin a thabhairt domh. Sheol téip chugam agus d’fhoghlaim na hamhráin ón téip sin.”

Nikki an-tógtha le stíl Chaitlín Maude, an t-amhránaí sean-nóis as Conamara a fuair bás go hóg i 1982, agus teastaíonn uaithi cuid leaganacha d’amhráin Chonamara a chur ar an dlúthdhiosca nua.

téip Chaitlín Maude as cló anois. D’fhoghlaim amhráin uaithise agus anois ba mhaith liom iad a chur ar fáil do dhaoine eile.”

Nuair a chuala Nikki an Ghaeilge den chéad uair i gConamara fiche bliain ó shin agus í ar cuairt ag teaghlach ar an Cheathrú Rua, gheall go mbeadh an teanga aici nuair a d’fhillfeadh . hamháin gur chomhlíon an gheallúint sin, ach éacht déanta agus á dhéanamh aici ó thaobh na Gaeilge de i gCalifornia. Nár laga Dia a lámh.

Roinnt suíomh gréasáin úsáideach:

Tadhg Mac Dhonnagáin www.FutaFata.com

Peadar Ó Ceannabháin www.GrafxSource.com/MCS/CuiddentSaol.html

Deireadh Seachtaine Gaeltachta www.OneSourceGraphics.com/Gaeilge/DeireadhSeachtaine.html

Irish Network of Northern California www.IrishNetworkNorCal.org/

One Source Graphics www.OnesourceGraphics.com

Craobh Cooley-Keegan, Comhaltas Ceolteoirí Éireann www.ccewest.org

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.