AGALLAMH BEO
Niamh Dunne, An Ridire Ceoil
Mícheál Ó hAodha Mícheál Ó hAodha

Labhair Mícheál Ó hAodha le ridire mná, Niamh Dunne, a shiúlann bóithre mhór-ranna an domhain mar bhall den bhuíon aitheanta oilte Beoga.

Íomhá
Niamh Dunne
Lizzy Doe)
Íomhá
Ag gabháil fhoinn sa Ghearmáin
(le Ralf Schulze, rs-foto, ar Flickr)
Íomhá
Niamh ar an ardán le Damien Mc Kee & Éamonn Murray
(Amber Wilkie a tharraing ar Flickr)
Íomhá
Niamh
Lizzy Doe)
Íomhá
Le Beoga
(Ralf Schulze, rs-foto, ar Flickr)
Íomhá
Obair na poiblíochta don díolaim is déanaí
Lizzy Doe)

M.Ó.H: fíorchaoin fáilte romhat go Beo.ie, a Niamh.

ND: Go raibh maith agat, a Mhíchíl.

M.Ó.H: -Inis dúinn fút féin a Niamh?

ND: Ceoltóir is ea m’athair, Mickey Dunne. Is píobaire é agus seinneann an fhidil leis. Is ball den Lucht Siúil é agus bhí a mhuintir siúd lárnach i saol cultúrtha na hÉireann sna blianta siar. Thóg siad ceol ó phobal na tuaithe, scaipeadar an ceol sin agus thugadar a gceol féin don phobal chomh maith. Chuirtí na muartha fáilte i gcónaí roimh ridirí an bhóthair: bhídís le cloisteáil ag gach ócáid a mbeadh daoine bailithe le chéile ann ar nós aonaigh, margaí, cluichí peile agus iománaíochta agus mar sin de. Bhí an-mheas ag an gcosmhuintir ar cheol m’uncail agus mo shean-athar agus bhaineadar cáil mhór amach fud fad na tíre. An uair úd, slí bheatha ab ea ceird agus ceol an cheird a bhí againne.

an t-ádh liom go raibh an ceol i gcónaí i mo shaol agus go mbíodh (agus go mbíonn) an ceol á sheinm sa bhaile i gcónaí riamh. Fuaireas a lán tacaíochta ó mo Dhaid agus ó mo mháthair agus ag teacht aníos. Is sárcheoltóir í mo dheirfiúr Bríd freisin, agus bhíodh ár dtuismitheoirí bochta dár dtiomáint timpeall na tíre chuig ócáidí ceoil, fleadhanna, chuig ranganna ceoil i gcónaí. Mo chluas a phioc an ceol suas ó m’athair agus ansin dheineas staidéar ar an gceol clasaiceach i Scoil an Cheoil i Luimneach. Nuair a chríochnaigh ar scoil, d’fhreastail ar Ollscoil Luimnigh mar ar bhain céim amach sa cheol traidisiúnta. Ina dhiaidh sin bhuaileas le Seán Óg. Sheinneamar go minic lena chéile i Luimneach. agus tar éis tamaillín eile is ea a thosnaíos ag seinm agus ag canadh le Beoga!

Ag Leanúint na hOidhreachta

M.Ó.H: Is mar fhidléirí a bhí cáil ar na Dunnes i dtús, nach ea? LeithéidíThe Fiddler Dunne’ mar shampla.

N.D.: Is de shliocht ársa na bhfidléirí fáin féin. Na ceoltóirí taistil. de phribhléid agam é sin a bheith mar oidhreacht agam. B’in mar a shocraíomar ar albam teaghlaigh a dhéanamh lena chéile tamall de bhlianta ó shin, chun ceiliúradh a dhéanamh ar an oidhreacht shainiúil dar díobh muid, an traidisiún áirithe ceoil sin a chaomhnú agus é a sheachadadh go dtí an chéad ghlúin eile.

M.Ó.H: Rinne staidéar ar an gceol in Ollscoil Luimnigh, a Niamh. Ar thaitin sin leat?

N.D.: Thaitin thar barr liom. Bhí an-chraic go deo againn agus is ann a bhuaileas le cuid de na cairde is dlúithe atá agam. Bhí ceolchoirmeacha, seisiúin agus eile ar siúl an t-am go léir agus rabhamar díomhaoin riamh. D’fhoghlaimíos an t-uafás ó thaobh an cheoil de in Ollscoil Luimnigh. Bhí sraith de cheoltóirí cónaitheacha ansin acu agus cuid acu ba mháistrí ar a gceird iad. Mar an gcéanna i gcás na gceoltóirí éagsúla a thugann cuairt go rialta ar an ollscoil.

M.Ó.H: Cad a thug ort spéis a chur sa Ghaeilge?

N.D.: Mo mháthair. an-phaiseanta faoin nGaeilge. Ar bhonn pearsanta, sílim go mbaineann an Ghaeilge le gach duine againn agus tábhachtach í a úsáid go rialta más féidir, fiú muna bhfuil ach beagán di ar eolas againn. Cén dochar? Théinn chuig an nGaeltacht gach samhradh agus is ann a d’fhoghlaimíos an chuid is de mo chuid Gaeilge. cion faoi leith agam ar Chontae Chiarraí agus is de thairbhe na teanga é sin freisin.

An Chéad Díolaim

M.Ó.H: Inis dúinn faoin gcéad albam aonair agat, Portraits?

N.D.: Bailiúchán d’amhráin tíre agus den cheol traidisiúnta a thaitníonn go mór liom atá cuimsithe agam ar an albam seo. Bailiúchán ceoil is ea é a léiríonnar nósportráide’ is dócha bhfuilim féin mar cheoltóir agus mar amhránaí i láthair na huaire agus forbairt atá déanta agam sa réimse seo. Is cineál aistir é an ceol feictear domsa, aistear oilithreacht a dhéanann an ceoltóir ó bhreith go bás. réir sin, is tábhachtach an é sos a thógaint ó am go chéile agus machnamh a dhéanamh ar na ceisteanna bunúsacha ealáine sinConas ag éirí liom i láthair na huaire? Cén sprioc atá ar intinn agam, agus eile. Ag bogadh agus ag athrú a bhímid de shíor ar an saol seo. Ach is fiú pictiúr portráid’ a dhearadh ó am go chéile a léiríonn bhfuil do threo agus bhfuil do mhianag an am áirithe sin.

M.Ó.H: Cad a cheapann de réimse an cheoil in Éirinn i gcoitinne?

N.D.: saol éasca é ar chor ar bith, go háirithe agus ag tosú ar an mbóthar i dtús báire. go leor constaicí os do chomhair amach agus is deacair slí bheatha a shaothrú mar cheoltóir in Éirinn ár linne. Ach, nach amhlaidh atá i ngach réimse den saol inniu? Caithfear a bheith diongbháilte agus tiomanta i leith réimse saothair is áil leat, go háirithe i láthair na huaire agus cúrsaí geilleagair mar atá. Is í mo thuairim gur ar éigean go bhféadfadh caighdeán an cheoil a bheith níos airde mar atá faoi láthair. an-chuid ceoltóirí óga a bhfuil tallann den scoth acu ag seinnt ceoil traidisiúnta agus gach saghas ceoil in Éirinn faoi láthair agus mórán de na ceoltóirí seo, is ón iasacht a thánadar an chéad riamh. ilghnéitheacht agus saibhreas agus beocht sa cheol a sheinntear inniu a bhí in easnamh b’fhéidir san am atá thart.

M.Ó.H: Cén cineál ceoil a thaitníonn leat féin? Cén cineál ceoil a n-éistfeá go rialta leis?

N.D.: Isfolkie’ go bunúsach ! Éistimse le réimse leathan amhránaithe ó na traidisiúin tíre éagsúla. Is saghas andúiligh i leith rac-amhránaithe móra na 1990í freisingo háirithe iad siúd a bhí ar i mbarr a réime ag tús na nóchaidí!

M.Ó.H: Cad a spreagann chun amhrán nua a chur le do stór amhrán pearsanta féin chun amhrán nua a chumadh?

N.D.: Sin ceist mhaith! Is tábhachtaí an t-amhrán domsa an a chasann an t-amhrán. An bhfuil scéilín eachtra cumhachtach luaite leis an amhrán áirithe sin? An bhfuil mothúcháin dhoimhne le brath ann? Na mothúcháin chéanna sin a chur trasna ar an lucht éisteachtasin is amhrán ann i mo thuairimse.

Beoga

M.Ó.H: ag seinm leis an ngrúpa Beoga le blianta fada agus an domhan mór siúlta agaibh. Inis dúinn beagán faoi sin.

N.D.: Táimid ar an mbóthar le fada an anois agus bhí d’ádh orainn cuid mhór taistil a dhéanamh agus camchuairt a thabhairt ar réimse leathan tíortha, mar ar bhuaileamar le ceoltóirí ó na ceithre hairde. Táimid ar ár gcuigiú halbam a chur amach go luath, agus táimid go léir fós ag caint lena chéile, éacht suntasach ann féin! Táimid gafa i gcónaí leis an gceol is dual dúinn agus is aoibhinn linn go bhfuilimid ag baint slí bheatha as foirm ealaíne a bhfuil ár gcroí is ár n-anam inti. Ainmníodh an t-albam The Incident ar ghearrliosta ghradam na Grammys sa bhliain 2010, agus bhíomar an-bhróduil as sin. cúigear againn sa bhanna, ceathrar lads agus bean amháin. dhá bhosca ceoil againn, pianó amháin, bodhrán amháin agus bím féin ag seinnt ar an bhfidil agus ag canadh. dearcadh úr againn i leith an cheoil ceapaim, agus spéis faoi leith againn i gcruthú ceoil atá úrnua agus uathúil. ár bhfuaim féin againn, is dócha. Is Tuaisceartaigh iad baill an ghrúpa, seachas mise. Is as Contae Antroma do thriúr de na lads agus is as Contae Dhoire don leaid eile. Agus mise mar Luimníochi m’aonar! Is mór an spórt iad na lads agus bíonn an-chraic againn lena chéile.

M.Ó.H: Conas a tháinig sibh le chéile an chéad riamh?

N.D.: sin spéisiúil. Bhíomar go léir páirteach i gComhaltas Ceoltóirí Éireann agus bhímis ag na feiseanna éagsúla fud fad na tíre leis na blianta fada. Ba i gCiarraí a thánamar le chéile den chéad uair i ndáiríre áfach agus shocraíomar ar bhanna a chur ar bun. B’in ag an bhFleadh i Lios Tuathail beagnach 9 mbliana ó shin. Bhraitheamar ceangal láidir agus spiorad faoi leith eadrainn féin ón gcéad riamh.

M.Ó.H: Cén chaoi ar tháinig sibh ar an stíl cheoil uathúil atá ag Beoga?

N.D.: Chun an fhírinne a , chuaigh réimse leathan ceoil idir shean agus nua i bhfeidhm orainn, ar bhonn aonair agus mar ghrúpa. tionchar ag réimse leathan ceoil orainnan ceol domhanda san áireamh. An rud is ansa liom faoi Bheoga go bhfuil an oiread sin saoirse againn mar cheoltóirí ó thaobh tionchair agus stíle de. mbeifeá chun cur síos a dhéanamh orainn ó thaobh stíle de, is dócha go bhféadfá a mhaíomh gur meascán eicléicteach atá ann idir cheol traidisiúnta na hÉireann, ceol na muintire agus an ceol domhandatáimid oscailte don iliomad tionchar agus stíle - ó Michael Jackson go Mozart!

Rotha Mór an tSaoil ag Síorchasadh

M.Ó.H: Cad iad na deacrachtaí is atá le sárú ag an nglúin óg ceoltóirí atá ag teacht in inmhe anois meas más mian leo slí bheatha a bhaint amach i réimse an cheoil?

N.D.: An fhadhb is , bhféidir go bhfuil gach ag athrú chomh tapa sin. Le teacht an idirlín, cúrsaí athraithe go mór agus is deacair do mhéar a leagan ar conas a bheidh cúrsaí sna blianta amach romhainn. saol an cheoil athraithe as éadan le hais mar a bhí deich mbliana ó shin fiú amháin. féidir ach buille faoi thuairim a thabhairt faoi conas mar a bheidh againn i gceann deich mbliana eile. Ach déanta na fírinne, raibh riamh éasca do shlí bheatha a shaothrú leis an gceol agus toisc go mbíonn ag streachailt leis an saol go minic, hionann sin is a nach fiú é. idir bhuntáistí agus mhíbhuntáistí ag baint leis an idirlíon maidir leis an gceol de.

Dar ndóigh is deacracht mhór é gur féidir an t-uafás ceoil a íoslódáil go mídhleathach agus saor in aisce anois ach buntáistí móra ag baint leis an idirlíon do cheolteoirí comhaimseartha. Fúinne atá na nua-theicneolaíochtaí seo dála twitter agus eile a oibriú ar mhaithe linn féin agus lenár gceird.

M.Ó.H: hiad na hamhránaithe óga Éireannacha a bhfuil meas agat orthu?

N.D.: Nell Chróinín. D’fhéadfainn éisteacht léi ar feadh an lae... Banna ceoil óg as Luimneach agus Sligeach ó dhúchas iad is ea Moxie agus taitníonn a gcuid ceoil go mór liom.

Ealaín Luimnigh

M.Ó.H: Bhí Luimneach sa nuacht go minic le déanaí - cad a cheapann de shaol cultúrtha/ceoil Luimnigh i gcoitinne?

N.D.: Ceapaim go bhfuil roinnt de na ceoltóirí is fearr i Luimneach sa atá inniu annach táimse claonta dar ndóigh. Cúis aifeála a bhí ann gur thosaigh bliain na Cathrach Cultúrtha amach ar an mbonn mícheart. Agus caithfear é a arís eile. ceoltóirí den scoth i gcathair Luimnighceoltóirí go bhfuil saoldearcadh agus réimse fairsing stíle ar a dtoil acu. hamháin sin ach saibhreas ealaíontóirí, damhsóirí agus filí i Luimneach. Is dóigh liom féin gur maith an rogha atá ann don chathair chultúrtha toisc chomh spreagúil agus bríomhar atá saol ealaíne na cathrach le fada an .

M.Ó.H: Cén scannán a thaitin leat, le déanaí abair?

N.D.: Bhí Django Unchained go hiontach.

M.Ó.H: An leabhar is ansa leat?

N.D.: Taitníonn leabhar cócaireachta Yotam OttolenghiJerusalem’ go mór liom. bhíonn deis agam a bheith ag léamh go rómhinicach amháin nuair a bhímid ar camchuairt. Taitníonn an chócaireacht go mór liom agus taitníonn an bia liom reir! Is breá liom a bheith ag turgnamh le cineálacha nua bia agus i bhfad an iomarca leabhair cócaireachta sa bhaile agamdar fia! - níl greannmhar sláintiúil.

M.Ó.H: Tionscadail cheoil amach anseo?

N.D.: Táim chomh gafa sin le Beoga agus le stuif aonair ar na saolta seo nach bhfuil am agam cuimhneamh ar an amárach. Ta tionscadal an-deas idir lámha agam le Seamie O Dowd, Pauline Scanlon agus Damien O Kane: Homeward Bound, amhráin a dhéanann ár bhfód dúchais a cheiliúradh. Ba dheas liom albam aonair eile a dhéanamh amach anseo.

M.Ó.H: Go raibh míle maith a Niamh!

N.D.: Céad fáilte a Mhíchíl. Go raibh maith agat féin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.