AR NA SAOLTA SEO
mór do na polaiteoirí ceacht a fhoghlaim ón stair
Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail

Nuair a d’fhógair an IRA sos cogaidh cheana féin sna seascaidí dhearna Rialtais na hÉireann na Breataine go leor leis an phobal náisiúnach sna Chontae a chosaint. tábhachtach nach dtarlódh an rud céanna an iarraidh seo, dar le Dónall Ó Maolfabhail.

Íomhá
An RUC i dTaobh an Bhogaigh, 12 Lúnasa 1969
Íomhá
An Taoiseach Jack Lynch i 1969
Íomhá
Chonaic an pobal idirnáisiúnta an drochbhail a thug an RUC agus na B-Specials ar bhaill ghluaiseacht na gceart sibhialta

The leadership of the Resistance Movement has ordered the termination of the Campaign of Resistance to British Occupation ... All arms and other materials have been dumped and all full-time active service volunteers have been withdrawn.”

focail de chuid urlabhraí na Sealadach ar an 29 Iúil 2005 na cinn thuas, ach focail urlabhraí an IRA i Feabhra 1962. Ach ag an am sin, laistigh de sheacht mbliana, bhí glúin óg eile i mbun feachtais mhíleata ag iarraidh deireadh a chur le cumhacht na Breataine in Éirinn, feachtas a mhairfeadh 30 bliain agus a bheadh i bhfad níb fhuiltí an ceann a chuaigh roimhe. An bhféadfadh a leithéid tarlú arís?

Guinness, Naomh Pádraig agus U2 – táid ar fad le fáil ar fud an domhain agus aitheanta le hÉirinn. Le tríocha bliain anuas, acu a dtaitníodh leat nach dtaitníodh, ba chuma i lár na hAfraice i lár na hÁise, ndéarfá gurbh as Éirinn duit haon cheann de na nithe thuasluaite a luafaí leat ach an IRA. Níl aon amhras ach gur mhéadaigh feachtas an IRA an nimh idir an phobal ó thuaidh agus, réir, rinne ba dheacra é teacht ar chomhréiteach.

Ach, os a choinne sin, choimeád feachtas brúidiúil an IRA aird an domhain ar an oileán beag seo agus chinntigh nach bhféadfaí dearmad a dhéanamh go raibh rud éigin lofa faoi stát Thuaisceart Éireann. Chuir seo brú ar Rialtas an Stáit seo agus ar Rialtas na Breataine iarracht na cúiseanna ba bhunshiocair le bunú na Sealadach sa chéad a réiteach, ag súil go stopfaidís den chogaíocht. ábhar dóchais é, áfach, a laghad airde a thug an rialtas ar chruachás náisiúnaithe na Chontae an uair úd sna seascaidí a d’fhág an IRA an stáitse.

I 1966, trí bliana i ndiaidh don IRA a sos cogaidh a fhógairt, d’eagraigh Rialtas an Stáit seo comóradh ollmhór ar Éirí Amach na Cásca i 1916. Scanraigh an comóradh seo agus an chaint uilig faoin *"fourth green field and unfinished business” *aontachtaithe agus dílseoirí na Chontae; bhí siad den tuairim go raibh ar intinn ag Rialtas Lemass an t-arm a chur thar teorainn agus na Chontae a athghabháil.

Ar an 21 Bealtaine an bhliain sin, d’fhógair an UVF: *“From this day we declare war against the IRA and its splinter groups. Known IRA men will be executed mercilessly and without hesitation. We are heavily armed Protestants dedicated to this course”. *Sula mbeadh an bhliain istigh bheadh triúr Caitliceach, nach raibh aon bhaint acu leis an IRA, John Scullion, Peter Ward agus Matilda Gould, dúnmharaithe acu. raibh gíog as an IRA. nár maraíodh aon duine an bhliain dár gcionn chiallaigh an bealach a phléigh an RUC le léirsithe fheachtas na gceart sibhialta i 1968 gur mhéadaigh ar fhearg náisiúnaithe na Chontae. dhearna Rialtas na hÉireann faic, dhearna Rialtas an Breataine faic agus níorbh ann don IRA.

Bhí drochthús leis an mbliain i 1969 nuair a lig an RUC do bhuíon dílseoirí ionsaí a dhéanamh ar shlua mac léinn ón eagraíocht Peoples Democracy, a bhí ag máirseáil ar son cearta sibhialta ag tús mhí Eanáir. Níos déanaí an bhliain chéanna chuir an UVF buamaí ag oibreacha uisce Bhéal Feirste ag súil go gcuirfí an locht ar an IRA, agus cuireadh.

Bhí rudaí ag dul in olcas.

Ar an 12 Lúnasa bhris scliúchas amach nuair a rinne Apprentice Boys Dhoire iarracht máirseáil ar fhallaí na cathrach. Más leis an scliúchas a cheansú a chuaigh an RUC isteach i gceantair náisiúnacha Dhoire, ba é a mhalairt a rinneadar. Cath Thaobh an Bhogaighagus an bhatráil a tugadh do phobal náisiúnach Dhoire beo fós i gcuimhne mhuintir na cathrach sin. Níorbh é seo an chéad uair leithéid tarlú gar . Ach an babhta seo bhí ceamaraí i láthair. Anois d’fheicfeadh an domhan ar fad radharcanna de phóilíní de chuid an RUC agus na B-Specials ag tabhairt bascadh don phobal Caitliceach.

The present situation is the inevitable outcome of the policies pursued for decades by successive Stormont Governments,” a dúirt an Taoiseach Jack Lynch. “It is clear, also that the Irish Government can no longer stand by and see innocent people injured and perhaps worse.” Ach dhearna faic.

Círéibeacha

Go tobann bhí círéibeacha ag briseadh amach i mórbhailte uile na Chontae. I 1969 maraíodh naoi nduine dhéag, Caitlicigh a bhformhór, dódh breis agus céad eile as a dtithe agus theith na mílte eile ó dheas. “ bhfuil an IRA anois in am an ghátair le sinn a chosaint,” a d’fhiafraigh náisiúnaithe na Chontae? Ach níor tháinig aon fhreagra. Scríobhadh na focail *“IRA = I ran away” *ar fhallaí iarthar Bhéal Feirste. Ón bhliain sin ar aghaidh gheall náisiúnaithe na Chontae go mbeidís ullamh an chéad uair eile a d’ionsófaí iad. An bhliain dár gcionn bunaíodh na Sealadaigh agus lean cogadh breis agus tríocha bliain inar maraíodh níos trí mhíle go leith duine.

Anois agus an IRA imithe den stáitse is go mór a bheidh cás na Chontae sa nuacht agus réir in aigne daoine. bharr sin, beidh claonadh ag go leor daoine ó dheas, ó thuaidh agus sa Bhreatain, polaiteoirí ina measc, a gcúl a thabhairt leis na Chontae, agus an baol ann nach ndéanfar na geallúintí a tugadh i gComhaontú Aoine an Chéasta do náisiúnaithe na Chontae a chomhlíonadh. Go príomha, muna dtugtar cúram chúrsaí slándála Thuaisceart Éireann do rialtas i Stormont ina a mbeidh Sinn Féin páirteach, laistigh de thréimhse ghairid, bheidh muinín ag na náisiúnaithe as an PSNI, tiocfaidh na seanfhadhbanna chun tosaigh arís agus de réir a chéile méadóidh fearg an phobail náisiúnaigh in athuair.

Anuas air seo, caithfear a chinntiú nach bhfágfar choíche arís náisiúnaithe na Chontae gan cosaint ó ionsaithe dílseoirí. B’fhéidir go bhfuil a gcuid gunnaí tugtha uathu ag an IRA, ach hamhlaidh atá i gcás dílseoirí paraimíliteacha ar chabhraigh baill áirithe de sheirbhísí rúnda na Breataine leo líon mór arm a thabhairt isteach sna hochtóidí. Faoi láthair táid ag troid ina measc féin. Blianta ó shin, nuair a tharlaíodh sin, réitídís an t-aighneas trína gcuid gunnaí a dhíriú ar an phobal náisiúnach. An féidir bheith cinnte nach dtárlóidh seo arís? Gan an IRA ann leis an phobal náisiúnach ó thuaidh a chosaint, is an fhreagracht anois atá ar an rialtas.

Is faoi gach duine ar an oileán seo, pobal na Chontae amháin, atá ceacht staire a fhoghlaim agus a chinntiú nach ndéanfaidh na polaiteoirí na botúin chéanna arís. Mar, dhéanann, bheidh glúin eile Éireannach i bhfad ag teacht ar ghunnaí nua agus tógfaidh i bhfad níos faide 30 bliain cur ina luí ar an IRA Nua na gunnaí sin a dhíchoimisiúnú. Agus, le bheith fírinneach, a thógfadh orthu é?

As Baile Átha Cliath é Dónall Ó Maolfabhail. Is saoririseoir é atá ag scríobh d’fhoilseacháin éagsúla.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.