AR NA SAOLTA SEO
Neamhaird á tabhairt ar an chlaonpháirteachas
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Tá go leor fianaise ann go raibh claonpháirteachas leanúnach i gceist idir na fórsaí slándála sna Sé Chontae agus paraimíleataigh dhílseacha ach, mar a mhíníonn Robert McMillen, níl an toil pholaitiúil ann dul i ngleic leis an scannal.

Íomhá
AK 47: an raidhfil a d'úsáid gunnadóirí an UFF
Íomhá
Pat Finucane: dúnmharaíodh é i 1989
Íomhá
William Stobie
Íomhá
Al Hutchinson: ag iarraidh ar dhaoine díriú ar an todhchaí

Caithfidh go raibh sceoin ar an ghasúr ocht mbliana d’aois. Bhí sé i halla snúcair a bhí ceangailte leis an Devenish Arms i mí na Nollag 2001 nuair a rith beirt ghunnadóirí de chuid an UFF isteach, maisc ar an bheirt acu.

Léim an tachrán, Christopher Lawless, isteach faoi thábla snúcair ach chonaic duine de na gunnadóirí é. Scaoil an sceimhlitheoir san aghaidh é le piostal Browning. Go hádhúil, ní bhfuair an gasúr bás ach chaill sé súil san ionsaí a d’fhág Aidan Wallace marbh agus triúr eile gortaithe go dona.

Trí mhí ina dhiaidh sin, chuaigh beirt ghunnadóirí de chuid an UFF isteach i siopa geallghlacadóra ar Bhóthar Ormeau, raidhfil AK47 ag duine acu agus an piostal céanna Browning lenar scaoileadh Christopher Lawless agus Aidan Wallace. Thosaigh fear an AK47 ag scaoileadh. Nuair a bhí sé thart, chuaigh fear an Browning thart ar na daoine a bhí ina luí ar an urlár agus chuir piléir isteach iontu. Maraíodh cúigear, beirt déagóirí ina measc.

Nach uafásach na heachtraí iad sin? Ar ndóigh, tharla sé go mion minic ó thuaidh. 1,525 Caitliceach, 1,250 Protastúnach agus 691 ó taobh amuigh de na Sé Chontae a maraíodh suas go dtí 2002, gach eachtra acu uafásach ina dóigh féin.

Ach tá difear mór idir an dá eachtra thuas agus an chuid eile. San ionsaí ar an Devenish Arms agus ar Graham’s Bookmakers, ba iad na póilíní a thug an piostal Browning do na dúnmharfóirí!

Cad é mar a fuarthas na gunnaí? Bhuel, mar a fuair an Breitheamh Peter Cory amach, chuaigh fear de chuid an UDA/UFF, Ken Barrett – an fear a phléadáil ciontach as Pat Finucane a mharúisteach i mbeairic de chuid an UDR agus éide an UDR air. D’iarr sé dhá raidhfil AS-80, ceithre philéarlann agus dhá phiostal Browning le cleachtadh targaide a fháil. Tugadh dó iad agus d’imigh sé leis. Bhí sé ceithre lá sular thug an tArm faoi deara go raibh na hairm ar iarraidh. Mhaígh Barrett le linn a thrialach go raibh a fhios ag na húdaráis cad é bhí ar bun aige mar gur cuireadh na ceamaraí slándála as le linn dó bheith sa bheairic.

Tugadh na hairm ghoidte do William Stobie, máistir ceathrún an UDA agus gníomhaire de chuid an RUC. (Is é an máistir ceathrún atá freagrach as airm Airm nó grúpa paraimíleatach i measc rudaí eile.)

B’ionann cúrsaí slándála ó thuaidh agus Alice in Wonderland in amanna – agus seans mór gurb ionann sa lá atá inniu féin.

Easpa fianaiseirt an tSeirbhís Ionchúiseamh Chorónach (CPS) an tseachtain seo caite nach bhfuil “go leor fianaise” acu le péas a bhí páirteach sna heachtraí thuas – gunnaí a thabhairt do mháistir ceathrún eagraíochta marfaí agus marú Pat Finucane – a thabhairt os comhair na cúirte.

I gcas ghunnaí Stobie, deir an CPS go bhfuil an póilín a thug na gunnaí don

sceimhlitheoir aimsithe acu ach nach bhfuil a fhios acu cén t-oifigeach sinsearach a chinn ar na huirlisí dúnmharaithe a thabhairt ar ais agus nach bhfuil a fhios acu an raibh aon oifigeach sinsearach freagrach as Stobie a stiúradh agus na gunnaí ina sheilbh aige.Dochreidte.

Bhí John Stevens ábalta teacht ar fhianaise, áfach. Dúirt Stevens ina thríú tuarascáiltá milliún leathanach curtha i dtoll a chéile ag foireann Stevens ar chás Pat Finucane – go raibh cineálacha éagsúla claonpháirteachais ann. “Collusion is evidenced in many ways,” a dúirt sé.

Luaigh sé teip d’aon turas taifid a choinneáil, díobháil cuntasachta, coinneáil siar faisnéise agus fianaise, síos fríd an réimse iomlán, dúnmharaithe á ndéanamh ag gníomhairí an Stáit san áireamh.

“My three enquiries have found all these elements of collusion to be present,” arsa an Tiarna Stevens.

Bhailigh trí Fhiosrúchán John Stevens 10,391 doiciméad, 16,194 taispeántan, chuir siad agallamh ar 15,000 duine agus ghlac siad 9,256 ráiteas scríofa i dtréimhse ceithre bliana déag.

Sa deireadh, níor foilsíodh ach 19 leathanach den tuarascáil!

Luadh an tionchar féideartha a bheadh ag foilsiú na tuarascála ar chásanna cúirte – ní ann don leithscéal sin a thuilleadh. Is mithid anois an chuid eile a fheiceáil.

Cén fáth? Le nach dtarlódh sé arís. Tá cur agus cúiteamh forleathaníospartaigh agus an dóigh ar caitheadh agus a gcaithfear leo. Tá ráite ag Ombudsman úr na bpóilíní, Al Hutchinson, gur cheart do mhuintir an tuaiscirt bheith ag díriú ar an todhchaí agus ní ar mhíghníomhartha na bpóilíní san am atá thart.

D’fhulaing barraíocht daoine mar thoradh ar na míghníomhartha sin le go ndéanfaí dearmad orthu.

Dá dtiocfadh an CPS agus, sa deireadh thiar, Rialtas na Breataine, amach agus gan clóca a chaitheamh ar an fhírinne, nó murar bhain fórsaí “slándála” úsáid as sceimhlitheoirí dílseacha le Caitlicigh a mharú, ní bheadh an cheist á tógáil.

Is iriseoir leis an Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.