AR NA SAOLTA SEO
Nár Chóir Dúinne Aghaidh a Thabhairt ar Rud Níos Uaisle?
John Paul McCarthy John Paul McCarthy

Is mithid do bhainistíocht an BBC éisteacht le toil na ndaoine lasmuigh de sheomraí cumhachta na heagraíochta, nó tá John-Paul Mc Carthy den bharúil go bhfuil siad ag dul amú agus solas acu.

Íomhá
Matthew Mac Fadyen, aisteoir mór Ripper Street
(le Tomaholic ar Vicipéid)
Íomhá
Ripper Street an BBC
(© Tiger Aspect Productions)
Íomhá
Joseph Merrick sa bhliain 1889
(ar Vicipéid)
Íomhá
Charlene Nic Cionaoith, Ripper Street
(le Thierry Caro ar Vicipéid)

Éist anseo leis an alt á léamh ag Deirdre Ní Chonghaile as Árainn, Co. na Gaillimhe.

Ní léir fós an mbeidh an BBC in ann é féin a tharrtháil tar éis na dtubaistí ilghnéitheacha a bhuail leis le blianta beaga anuas. Ní féidir leo éalú ó thaibhse anróiteach Jimmy Saville, agus fiú dá bhféadfaidís, seasann na tuarastail arda sin don bhainistíocht os a gcomhair amach freisin. Ach cruthaímid an domhan go húrnua gach aon lá, agus más ea, is féidir leis an gcomhlacht seanda seo meas an phobail dhúchasaigh agus idirnáisiúnta a mhealladh in athuair trí obair fhiúntach.

Léiríonn an clár stairiúil nua acu, Ripper Street, an fiúntas sin atá fós le brath i smior an BBC. Bheartaigh an bhainistíocht an clár a chur ar ceal áfach cúpla seachtain ó shin, gan trácht fiú ar chaighdeán na haisteoireachta agus na drámaíochta sa tsraith speisialta seo. Baineann na cláracha go léir le sráideanna agus le himeachtaí Whitechapel i Londain i ndiaidh ruathair Jack the Ripper ar na striapaigh áitiúla. Ach níl i gceist ó thaobh an Ripper cháiliúil de ach seoladh isteach. Iarrachtaí ealaíonta ciallmhara na gcláracha go léir, dathanna ilghnéitheacha ré Victoria a dhearadh le samhlaíocht agus le daonnacht.

I dteannta triúr pearsantachtaí suimiúla ó H-Division, an Cigire Edmund Reid, an tSáirsint Bennett Drake agus an máinlia Meiriceánach, Captain Homer Jackson, déantar an lucht féachana a threorú tríd na conspóidí ba bhríomhaire sa naoú haois déag, ’sé sin scaipeadh na n-iarnród trí sheanphortaigh Londain, feidhm na n-otharlann agus na ndochtúirí i sochaí tionsclaíochta, an choiriúlacht idirnáisiúnta, an choimhlint idir an cosc dleathach argross indecency” agus cumhacht doshéanta na drúise homoghnéasaí, agus scáth na himpireachta féin ar fhallaí an Ten Bells.

Aird an Phobail Trí Chumhacht na bhFocal Amháin

Le caoga bliain anuas fiú, cheaptaí go mba dheacair an rud é sraith rathúil teilifíse a chruthú gan béim ar leith a leagadh ar an scéal féin, lena thús tobann, cuid lárnach beomhar agus críoch ghlan shásúil. Gan trácht ar Shakespeare, b’annamh an rud é go gcruthófaí sraith a dhéanfadh iarracht aird a mhealladh trí chumhacht na bhfocal amháin. Ní foláir nó gur éirigh le Ripper Street scéalta corraitheacha a thairiscint mar aon le foclóir saibhir neamhghnách. Nuair a thosnaíonn gach clár, cloistear ceol veidhlín go glinn, ceol atá ana-chosúil leis an gceol a úsáideadh ar an gclár Meiriceánach dar scríobh David Milch, Deadwood. Agus más ea, is féidir rian Milch a aithint ar an scríbhneoireacht agus ar an gcomhrá sna cláracha go léir i Ripper Street. I gclár amháin a bhain úsáid as an ‘Lapadán Fir’ cáiliúil, ’sé sin Joseph Merrick bocht, thug scríbhneoirí Ripper Street an deis dó fear cráite a tharraingt siar ó staighrí nuair a bhí fonn air lámh a ghlacadh ina bhás féin agus leanbh ina bhaclainn aige. B’iad focail Merrick seachas seift na bpóilíní a sholáthair an fhuascailt. Déanann sé luachmhaireacht an tsaoil dhaonna féin a cheiliúradh agus téann a eiseamláir ionraic i bhfeidhm go mór ar an athair a bhí ar thairseach an bháis. Nuair a mhaslaíonn Captain Jackson iarrachtaí an Chigire Reid “seomra báisnua-aimseartha cosúil le seomraí John Hopkins i mBaltimore a mhaisiú dó i Whitechapel, cuireann an cigire ceist ar an máinlia amhrasach: “Should we not aspire so high you and I?

Míshásamh Thuas Staighre

Dúnmharaítear póilín óg le linn dó dul i ngleic le bithiúnach brúidiúil a rinne iarracht pictiúirí d’inneall loingseoireachta nua a ghoid ón innealtóir. Caithfidh comhghleacaithe an phóilín chaillte a shaol a cheiliúradh agus é a sheoladh ar shlí na bhflaitheas. Cruinníonn siad le chéile i dtigh tábhairne áitiúil agus tar éis don leann a gcuid náire a leá, is féidir leo go léir na focail chuí a aimsiú. B’é ‘A Trooper Cut Down In His Prime’ an t-amhrán a dhéanann an chúis dóibh go léir agus iad ag ól agus ag caoineadh lena chéile i measc na gcoinnlí céire.

Níor thuig an-chuid daoine cad ina thaobh gur bheartaigh bainistíocht an BBC an clár a chur ar ceal tar éis dhá shraith a úsáideadh chun Giúdachas agus fiú feachtas na bhFiníní i Londain a chur trína chéile. De ir dealraimh, ní raibh na feidhmeannaigh thuas staighre sásta nuair nár éirigh le Ripper Street níos mó daoine a mhealladh ó na cláracha gan chéill sin a gheallann rachmas, clú agus cáil don ghnáthshaoránach, cláracha cosúil le I’m a Celebrity ar ITV. Ba chóir go nglacfaí leis an ndifríocht idir an dá chlár sin de réir mar a ghlacfaí le hábhar mórtais. Tugann Ripper Street siamsa agus oideachas le chéile, dúshlán ar leith ó thaobh na teilifíse de. Cailleadh Deadwood freisin go tobann cé gur ghnóthaigh an clár adhradh ó fhormhór na léirmheastóirí. An ndéanfaidh an teilifís féin an líofacht dhramadúil a thachtadh fé dheireadh?

MAIDIR LEIS AN ÚDAR
  • Is scríbhneoir staire ó chathair Chorcaí John-Paul McCarthy.
RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.