AR NA SAOLTA SEO
NAP
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Is údar aiféala le Tony Birtill é gur thit saothar L. S. Lowry ó mheas ach is maith leis go bhfuil Gaeil Shasana eile ag teacht faoi mheas ina áit.

Íomhá
Duaiseoir Northern Art Leo Fitzmaurice
(David Lindsay a tharraing)
Íomhá
Duais 2011 do Northern Art. Horizon Line ag baint feidhme as bailiúchán Dánlann Ealaíne Leeds. Leo Fitzmaurice
Íomhá
Liadin Cooke le ceann dá saothar sa Northern Art Prize
(David Lindsay a tharraing)
Íomhá
Le Liadin Cooke, sa Northern Art Prize
(David Lindsay a tharraing)
Íomhá
'The Way things appear' le Leo Fitzmaurice
(David Lindsay a tharraing)
Íomhá
Dealbh Uí Labhraí
(le A. Carty ar Vicipéid)

Nuair a smaoiníonn daoine ar ealaín sna mórbhailte agus sna cathracha i dtuaisceart Shasana, cuimhneoidh siad gan amhras ar chuid de shaothar LS Lowry(1887-1976), inar tharraing sé an tírdhreach tionsclaíoch in áiteanna mar Salford, cóngarach dá theach féin i Pendlebury, Manchain. Lawrence Lowry, an t-ainm agus sloinne a bhí air; ainm Éireannach mar rugadh a athair, Robert Lowry, in Éirinn agus cosúil leis na mílte Éireannach eile, fuair sé obair i measc na ‘muilte dorcha diabhlaí’ i Lancashire.

Cé go ndearna Lawrence cúrsa sa Manchester Municipal College of Art i 1905, níor choinnigh an ealaín an snáithe faoin fhiacail - d’oibrigh sé mar bailítheoir cíosa agus shiúil sé thart Manchain ag bailiú smaointe ar phiciúir chomh maith leis an airgead cíosa.

Ach thosaigh Iarsmalann agus Dánlann Salford ag ceannach a shaothair ó 1936 ar aghaidh agus sin é croí an bhailiúcháin iontaigh atá sa Lowry, ag Salford Quays. Osclaíodh an foirgneamh nua-aimsire seo i Mí Aibreán 2000 agus tá dhá amharclann ann, chomh maith le dánlann.

Is maith liom a shaothar, admhaím, agus bhí díoma orm mar sin nuair a léigh mé an preasráiteas ón Northern Art Prize i mbliana:

‘From the North have come some of the greatest international artists: David Hockney, Atkinson Grimshaw, Henry Moore, Damien Hirst and Barbara Hepworth.

Now in towns and cities across the North, an economic and cultural renaissance is transforming attitudes and confounding old stereotypes.....’

Bunadh na hÉireann

Níl a fhios agam an bhfuil ealaín Lowry ina shean-saobhshamhail agus sin an fáth nach bhfuil sé féin ar an líosta thuas, ach ar scor ar bith, tá an Duais Ealaín Thuaisceart Shasana (NAP) ina cúigiú bliain anois agus tugaim faoi deara go bhfuil ealaíontóirí de bhunadh Éireannach go láidir ann. Ba é Leo Fitzmaurice an buaiteoir i mbliana. Fógraíodh é ag ócáid i nDánlann Leeds, Yorkshire ag deireadh Mhí Eanáir, nuair a bronnadh an chéad duais air: £16,500. Rinne Leo, atá 48 bliana d’aois, staidéar ar ealaín sa Liverpool Polytechnic agus tá sé ina chónaí anois i Heswall, Wirral

“Ba as Malla, Co. Chorcaigh mo mháthair. Ba as An Bhreatain Bheag m’athair, ach ba as Éire a sheanathair féin,” a d’inis sé dom. D’admhaigh sé dom go raibh sceitimíní air faoin duais, ach fosta: “Is é an rud is mó ná go mbeidh mé in ann saothar a dhéanamh ar feadh cúpla bliain gan a bheith buartha faoi ghnóthaí airgid.”

Ba iad na breithiúna sa chomórtas: Caroline Douglas ó Chomhairle na hEalaíne; Tim Marlow, craoltóir ; Simon Starling a bhuaigh an Turner Prize; Simon Wallis, stiúrthóir The Hepworth Wakefield agus Sarah Brown, coimeádaí ag Dánlann Leeds. Ba an-údar mórtais do Leo gur roghnaigh siad é féin: “Tá meas mór orthu uilig i saol na healaíne,” a dúirt Leo liom.

Íor na Spéire

Rinne Leo dhá shaothar don chomórtas. Dob é Horizon (Leeds) an chéad cheann. Chun an píosa mór seo a chruthú, thóg sé 13 tírphictiúr as Dánlann Leeds agus chuir sé i líne iad sa dóigh go raibh bun na spéire i ngach ceann acu cothrom lena chéile.

Dob é The Way Things Appear an dara píosa. “Is iad grianghraif a tharraing mé ar mo ghuthán póca le seacht bliana anuas; grianghraif de phatrún atá le feiceáil i ngnáthrudaí, mar shampla leac ar an cosán sráide, nó bruscar nó wheelie bins fiú. Rinne mé seó sleamhnán astu le haghaidh an taispeántais,” a dúirt Leo liom.

Mhínigh sé dom go bhfuil an chuid is mó dá shaothar déanta as rudaí atá ann cheana féin: “Sílim go bhfuil barraíocht ábhair againn cheana féin. Is féidir linn athbreithniú a dhéanamh ar na rudaí atá againn in ionad rudaí nua a chruthú. Bhí áthas ar Leo nuair a fuair sé amach go raibh sé i measc an cheathrair ar an ghearrliosta: “Is ealaíontóirí aitheanta iad a bhfuil meas orthu. Tá aithne agam ar an chuid is mó acu,” dúirt sé. Ba iad: James Hugonin as Northumberland, Richard Rigg as Newcastle agus Liadin Cooke, Éireannach, atá ina cónaí i Huddersfield, Yorkshire.

cúlra neamhchoitianta aici: "Jewish and grew up in Catholic Ireland," an cur síos a thug sí uirthi féin in agallamh san iris Overlay i 2006. “Rugadh mé i gContae an Chláir, in oirthear an chontae le bheith cruinn, i sráidbhaile beag darb ainm Cuinche (Quin). Bhog muid cóngarach go Baile Átha Cliath i 1965, ar imeall na cathrach. Bruachbhaile atá ann anois, ach ansin bhí sé faoin tuath,” dúirt sí liom.

An Díláithriú

Rinne sí céim san ealaín/dealbhóireacht sa Coláiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha, Baile Átha Cliath 1983-87 agus bhí sí ina hEalaíontóir Cónaítheach i nDánlann Butler i gCill Chainnigh i 1992 sular bhog sí go Londain i 1994 le MA a dhéanamh i gColáiste Goldsmiths. D’fhan sí sa phríomhchathair go dtí 2000 nuair a bhog sí go Huddersfield, Yorkshire, lena páirtí agus lena mac. Mar bhall den Diaspora Ghiúdach, tá suim ar leith aici i ndiláithriú agus i ndiláithrigh."I am a very non-practising Jew but I am very interested in issues around displacement," dúirt sí liom. Sular fhág sí Éire i 1993 thocail sí cré as an talamh agus chruthaigh sí 21 liathróid as. D’iompair sí thart léi iad go dtí 1998 nuair a mhúnlaigh sí in alúmanam iad agus thug sí: 21 Balls of Clay Dug from an Irish Field at Closscregg orthu. Bhí an saothar seo le feiceáil sa taispeántas. (féach ar http://www.liadincooke.com )

Cé go bhfuil ceangal láidir idir Huddersfield agus Conamara le blianta fada, deir Liadin nach bhfuil baint ar leith aci leis an chomhphobal Éireannach sa bhaile; “though who is to say it might not develop in the future,” a deir sí. Tá cúpla togra suimiúil ar na bacáin aici faoi láthair, ag baint le hailtireacht an chuid is mó acu, d’inis sí dom.

Beidh an chéad taispeántas eile ag Leo Fitzmaurice i nDánlann Grundy, Blackpool, Lancashire, in éineacht le Paul Rooney. Osclófar an seó i lár na míosa seo (Mí Márta).

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.