CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Na polaiteoirí á náiriú ag an chlárRip-Off Ireland’

léargas an-mhaith á thabhairt sa chlár teilifíseRip-Off Ireland”, atá á chraoladh ar RTÉ faoi láthair, ar chomh neamhinniúil is atá go leor de pholaiteoirí na hÉireann.

Íomhá
Láithreoir &alt;Rip-Off Ireland&alt;, an Corcaíoch Eddie Hobbs
Íomhá
Máire Ruairc agus Pádraig Ó Floinn: cháin Hobbs go géar iad

suimiúil an dóigh a bhfuil ag éirí le clár teilifíse, a bhfuil buiséad measartha íseal ag baint leis, polaiteoirí na tíre seo a chur faoi bhrú. Mar chlár teilifíse, thiocfaí a go bhfuil mórán stíle cruthaitheachta ag baint leRip-Off Ireland”, ach sa chás áirithe seo is í an teachtaireacht atá á tabhairt, seachas an tslí a bhfuil á cur i láthair, atá ag spreagadh daoine chun díospóireachta.

láithreoir an chláir, an Corcaíoch Eddie Hobbs, gona chanúint ghéar dhúchasach, ag díriú go neamhbhalbh ar an tslí a bhfuil ar cháiníocóirí na tíre seo bheith ag streachailt leis an saol agus, ag an am chéanna, bheith ag íoc as drochbhainistíocht i gcás tionscadal mór caipitil a gcaitear na milliúin euro breise orthu mar a bhí i gceist a dhéanamh.

polaiteoirí an Rialtais ar a mbealach ar ais óna saoire na laethanta seo agus is dócha nach dtuigeann siad i gceart go fóill cad é atá i ndiaidh tarlú. Gach oíche Luain, Eddie Hobbs ina sheasamh os comhair lucht féachana in Amharclann an Helix i mBaile Munna agus chéad míle duine eile ina suí sa bhaile ag breathnú ar a thuairiscí cáinteacha.

an t-iaraire Máire Ruairc tar éis buille a fháil mar gheall ar an ró-chaiteachas faoi thrí a bhí i gceist maidir leis an Luas i mBaile Átha Cliath. Cuireadh tairne eile i gcónra Phádraig Fhloinn, an tIaraire Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta, nuair a rinneadh iniúchadh ar na socruithe a rinneadh leis an chomhlacht National Toll Roads (NTR), atá i gceannas ar dholadhroichead an M50. Chaill Máirtín Ó Coileáin aon chreidiúnacht a bhí fágtha aige nuair a tugadh cur síos sa chlár ar an chóras vótála leictreonaí agus ar an chostas atá ag baint le stóráil an trealaimh agus gan é á úsáid ar chor ar bith.

polaiteoirí áirithe go láidir den tuairim nár cheart go mbeadh an tseirbhís náisiúnta craoltóireachta ag tabhairt deise do chomhlacht neamhspléach an cáineadh seo a dhéanamh agus an Cathaoirleach de choiste amháin Dála ag gur cheart ceannairí RTÉ a thabhairt os a gcomhair láithreach bonn!

Beidh suimiúil feiceáil cad é atá i ndán don chlárRip-Off Ireland”. Bheifeá réasúnta cinnte de do chuid airgid gcuirfeá geall nach mbeidh an dara sraith ann! Tuigeann polaiteoirí, go háirithe lucht an Rialtais, gur féidir leis an taoide casadh go fealltach ina n-aghaidh; seans gur seo an chéad mhaidhm!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.