AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Na Páirtithe Coimeádacha ar ais i gCumhacht
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

míniú achan ghné de scéal an iompú rialtais san Astráil ag Bearnaí Ó Doibhlin, athrú tobann a tharla ina mhaidhm sa mhullach ar Pháirtí an Lucht Oibre.

Íomhá
Rupert Murdoch
(le Fóram Geilleagair an Domhain ar Flickr)
Íomhá
Áras úr an Rialtais, Canberra
(le Stewart Ross ar Picasaweb)
Íomhá
Preastionól ag Joe Hockey
(le 'Whats new' ar Vicipéid)
Íomhá
Abbott
(le Djack Manson ar Vicipéid)
Íomhá
Kevin Rudd, iar-Thaoiseach an athuair

Is léireasc seanbunaithe é i réimse na polaitíochta, nuair a bhíonn athrú rialtais, nach mbuann an freasúra an toghchán ach go gcailleann an rialtas é. Is amhlaidh a bhí cúrsaí san Astráil ar na mallaibh nuair a cuireadh Páirtí an Lucht Oibre as cumhacht, in ainneoin nach ndeachaigh Tony Abbott, ceannaire an fhreasúra, i gcion rómhór ar mhuintir na tíre. Glactar leis go forleathan gur chaill Páirtí an Lucht Oibre toisc go raibh an lucht vótála dubh dóite den achrann inmheánach a bhí ar siúl sa pháirtí le breis is trí bliana anuas. Ní háibhéil a rá go raibh an páirtí scoilte ó bhun go barr, mar a míníodh ar an iris seo sa samhradh. (Eagrán 148 , mí Lúnasa 2013)

Ní minic a bhíonn athrú rialtais abhus, ach nuair a tharlaíonn a leithéid bíonn ollbhua, nó tagann sé ina mhaidhm, ag an bhfreasúra de ghnáth, agus mar sin a thit sé amach an iarraidh seo. Tá 150 suíochán i dTeach na nIonadaithe agus chaill an t-iar-rialtas mionlaigh ocht suíochán déag. Beidh móramh an-mhór ag an rialtas nua, ar a dtugtar an Chomhghuaillíocht, atá comhdhéanta den Pháirtí Liobrálach agus den Pháirtí Náisiúnta.

Bhí tionchar na meán san fheachtas toghchánaíochta ina rírá lena linn, an chaoi ar chuimsigh an preas é ach go háirithe. Is le News Corporation de chuid Rupert Murdoch breis is 70 faoin gcéad de nuachtáin na hAstráile. Bhí nuachtáin Murdoch i mbun feachtais in aghaidh Pháirtí an Lucht Oibre le roinnt blianta anuas ach d’éirigh siad fíochmhar, fiú caolghlórach, a luaithe is a cuireadh tús oifigiúil leis an bhfeachtas toghchánaíochta go hoifigiúil ar 4 Lúnasa. Léiríonn ceannlíne ar chéad leathanach an Daily Telegraph in Sydney an lá dár gcionn a dhú-naimhdí is a bhí leagan phreas Murdoch: Kick This Mob Out!

É sin ráite, ní mheastar go raibh cuimsiú claonta phreas Murdoch freagrach as treascairt an pháirtí, cé gur ghoill sé ar dhaoine go leor, orthu siúd a chreideann go bhfuil preas saor mar mhír lárnach i dtír dhaonlathach. Ba léir ó na pobalbhreitheanna a foilsíodh le blianta beaga anuas go raibh sé ar intinn ag léitheoirí nuachtáin Murdoch bata agus bóthar a thabhairt don pháirtí. Níor ghá do na nuachtáin aon rud a áitiú orthu.

Léireasc eile a bhaineann le hathrú rialtais ná go n-athraítear an tír nuair a athraítear an rialtas. Cé nach raibh éagsúlachtaí móra idir na páirtithe móra ó thaobh dúnghaoisí de le sonrú le linn an fheachtais, tá athrú amháin beartaithe a chuireann an-déistin ormsa. Gheall an tAire Airgeadais nua, Joe Hockey, roimh an olltoghchán go mbainfí $4.5b as an méid a bhí beartaithe mar chúnamh don iasacht sa tréimhse amach romhainn. Tugtar an chuid is mó den chúnamh seo do thíortha beaga bochta inár gcomharsanacht. Is tír shaibhir í an Astráil atá go maith in ann lámh chúnta a sholáthar do na tíortha dealbhaithe seo. Tá an chuma ar an scéal go mbeidh an Astráil ina tír níos sprionlaithe mar gheall ar an athrú rialtais.

Athrú Dearcaidh

Tá Abbott ag feidhmiú mar an 48ú Príomh-Aire, an chéad uair a raibh Caitliceach ina cheannaire ar rialtas na Comhghuaillíochta. Tráth dá raibh, b’annamh a thugadh aon Chaitliceach tacaíocht do na páirtithe coimeádaithe abhus. Mar a dúirt Abbott:
In the 1960s Liberal Party, it was a severe handicap to be an obvious Catholic.

Dealraíonn sé lena cheapachán go bhfuil ré an tseicteachaisi dtaca le Caitlicigh agus Protastúnaigh ar a laghad – san Astráil thart.

Ní bhfuair Páirtí an Lucht Oibre ach 34.8 faoin gcéad den vóta náisiúnta, an céatadán is lú le céad bliain anuas, agus tá sé in ísle brí faoi láthair, gan aon agó. Nuair a bhuaigh an páirtí an t-olltoghchán sa bhliain 2007 bhí sé i gcumhacht i ngach stát agus críoch sa tír. Anois níl sé i gcumhacht ach in dhá stát agus san Australian Capital Territory, an chríoch bheag ina bhfuil Canberra lonnaithe. Tá tráchtairí áirithe ag maíomh go bhfuil a phort seinnte ag an bpáirtí, dá bhíthin sin. Feictear dom, áfach, nach bhfuil i gceist arís ach an tuile is trá taoide a bhí le feiceáil ó cuireadh tús leis an gcóras dhá pháirtí thiar sa bhliain 1944. Beidh lá eile ag an bpáirtí.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.