AR NA SAOLTA SEO
Na Nuachtáin Nua
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Ríomhann Breandán Delap na dúshláin a bheas le sárú ag an dá nuachtán Ghaeilge nua agus fiafraíonn sé an bhfuil a ndóthain de mhargadh ann dóibh.

Íomhá
Mar a bhí
Íomhá
Pádraig Ó Céidigh
Íomhá
Cathal Mac Coille
Íomhá
Mar atá anois

Tá nuachtáin Ghaeilge mar a bheadh busanna ann. Fanfaidh tú ar feadh scaitheamh fada fá choinne ceann amháin agus tiocfaidh cúpla ceann ansin sa mhullach ar a chéile. Tá leathbhliain ann ó tháinig deireadh le Foinse agus beagnach bliain ó stad Lá Nua ag trádáil. Tréimhse chorrach i stair na hÉireann a bhí againn san idirlinn agus gan ghuth ceart clóite ag pobal na Gaeilge is na Gaeltachta le scagadh a dhéanamh ar cheisteanna a bhain leo go sonrach. Bhí neart plé ar siúl ar na hábhair seo i meáin chraolta na Gaeilge, cinnte, ach ba bheag a scríobhadh. Bhí muid ag brath ar bhlagadóirí agus ar chláracha plé éagsúla, ach dá fheabhas an díospóireacht agus na barúlacha spéisiúla a nochtaíodh orthu, ní raibh iontu i ndeireadh ama ach tuairimíocht seachas tuairisceoireacht, údarásach, neamhchlaonta.

Óir is cinnte go raibh scagadh ceart de dhíth i bhfoirm cló ar na himpleachtaí a bhí ag tuarascáil an Bhord Snip don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Clár sceanairte a bhí molta sa tuarascáil úd - idir dheireadh a chur le Roinn na Gaeltachta, go leor dá gcúraimí a bhaint de Údarás na Gaeltachta, dheireadh a chur le COGG agus Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge srl. – ach ní raibh aon fhóram clóite ann leis na ciallachais a scansáil. Bíonn sé de bhuntáiste ag tuairiscí nuachtáin go dtig iad a léamh agus a athléamh ar do shóchúlacht murab ionann agus tuairiscí teilifíse is raidió. Bhí an folús cló le feiceáil fosta sa chíoradh a bhain leis an idirbheartaíocht maidir leis an Straitéis Fiche Bliain i leith na Gaeilge agus plean tárrthála na Gaeltachta. Ba sna nuachtáin Bhéarla a tharla an díospóireacht faoi chostaisí aistriúcháin agus cearta bunreachtúla phobal na Gaeilge agus níor mhiste a rá go raibh cuid de bunaithe ar aineolas is ar chlár oibre folaithe. Bhraith mé nuachtán Gaeilge uaim fosta aimsir an Oireachtais tráth ar tháinig an scéal brónach gur cailleadh Seán Mag Fhionnghaile, aisteoir iontach as Gaoth Dobhair, agus an scríbhneoir Mícheál Ó Brolcháin. Níl aon amhras ach go raibh marbhnaí tuillte acu beirt ach ó tharla gur i ngort cúng na Gaeilge a threabh siad a n-iomairí saothair, ní thiocfadh a bheith ag dréim go mbeadh a leithéid i gclo i nuachtáin náisiúnta an Bhéarla. I bhfocail eile, braithim go bhfuil géarghá le nuachtán Gaeilge mar gur boichte an saol dá uireasa le leathbhliain anuas.

Ar ndóigh, is ag trácht ar nuachtáin sa mhúnla traidisiúnta (a fhoilsítear agus a cheannaítear i siopaí) atá mé, óir tá moladh mór tuillte ag an iriseoir Eoghan Ó Néill a choinnigh beatha san fhocal scríofa Gaeilge leis an nuachtán ar líne Nuacht 24. Éacht ollmhór é seo atá ag feidhmiú gan aon chuidiú foirmiúil stáit. Ach mar sin féin, chroithnigh go leor de phobal na Gaeilge nuachtán clóite seachtainiúil.

FOINSE

Agus ansin i bhfaitheadh na súl seo chugainn, chan amháin athréimniú agus athbhrandáil Foinse, ach an fógra ó Fhoras na Gaeilge go mbeadh nuachtán náisiúnta eile ag teacht sna sála air, agus iad beirt lonnaithe i gConamara. San áit nach raibh cúinsí geilleagair is fógraíochta sách folláin le nuachtán amháin a bheathú, cad chuige go mbeadh muid ag dréim go mairfeadh dhá cheann agus na cúinsí airgeadais céanna imithe chun donais? Is minicí go dtagann scéala chugainn na laethanta seo faoi chomhlachtaí a bheith ag druidim, ach seo chugainn dhá thogra úra atá ag cur tús le gnó agus go deimhin ag dul in iomaíocht lena chéile agus iad lonnaithe i ngiorracht scread asail dá chéile! Dá olcas a bhí imeacht Lá Nua is an seanleagan de Foinse, is tubaisteach i bhfad é mura mbeadh ceachtar den dá nuachtán nua i mbun trádála cothrom an lae seo an bhliain seo chugainn. B’ionann sin agus buille an bháis do nuachtán Gaeilge. Tá gach tacaíocht (idir chúnamh airgid is mórálta) dlite don dá fhoilseachán má táthar leis na cosa a thabhairt leo ón ghéarchéim reatha.

Togra spéisiúil is misniúil atá idir lámha ag an fhear ghnó, Pádraig Ó Céidigh le hathsheoladh Foinse, sa mhéid is gur fiontar neamhspleách é nach bhfuil ag brath ar thacaíocht ón stát. Bhí cuma iontach snasta ar an chéad chúpla eagrán a bhí dírithe cuid mhór ar an aos óg, ar scoláirí meánscoile agus ar fhoghlaimeoirí. In áit iriseoirí fadbhunaithe agus téagartha ar nós Póilín Ní Chiaráin agus Cathal Mhic Coille a tharraing cáil amach don seanleagan de Foinse, tá colúnaithe éadroma ar nós Dhaithí Uí Shé agus Hector Uí Eochagáin sa leagan nua. Athrú treo is athrú béime, mar a bheifeá ag súil leis in athbhrandáil nuachtáin.

Ní dhéanann foireann Foinse aon leithscéal faoi gur togra gnó é atá ag iarraidh airgead a shaothrú. Ní miste sin a fhad is nach mbeadh dallamullóg ar éinne faoi spriocanna an Irish Independent fosta. Is beag tionscnamh a bhain leis an teanga le dornán blianta anuas nár ionsaíodh go fíochmhar i nuachtáin bhaicle an Independent. Trí sprioc a bheas ag an Independent leis an chomhpháirtíocht seo: cur le líon a gcuid léitheoirí, cur lena n-ioncam fógraíochta agus glúin úr léitheoirí a mhealladh tríd an leas a bhainfear as Foinse i scoileanna na tíre. Ach ná cuirimis dallmullóg orainn féin. Ní bheidh drogall dá laghad orthu deireadh a chur leis an chomhpháirtíocht mura bhfuil siad ag déanamh brabach as. Éinne gur cuimhin leo feachtas binbeach grúpa an Independent i gcoinne bhunú Theilifís na Gaeilge (>TG4), thuigfidís a laghad measa atá acu ar an Ghaeilge. Mar a déarfaí sa chúirt: “they have previous m’lud!” Agus i ndeireadh ama is forlíonadh seachas nuachtán é Foinse anois.

GAELSCÉAL

Is faoi Gaelscéal atá sé an bhearna do nuachtán seachtainiúil Gaeilge a líonadh. Ní haon ribín réidh a bhfuil rompu, ach níl aon amhras faoi chumas lucht a stiúrtha. Leis an sobaldráma Ros na Rún agus leis an nuachtán seachtainiúil An Curadh Connachtach, tá sé cruthaithe acu araon go bhfuil siad ábalta táirgí den scoth a chur ar fáil ina réimse féin de na meáin chumarsáide. Ní mór anois an saineolas sin a fháisceadh le chéile le nuachtán seachtainiúil, téagartha a chur ar fáil. Dúshlán nach beag, ach ceann atá indéanta mar sin féin.

Táthar ann a deir nach bhfuil dóthain léitheoirí ná scéalta ná éileamh ann le haghaidh dhá nuachtán sheachtainiúil i nGaeilge. Ach is beag tionchar a bheas ag líon na léitheoirí ná ag na scéalta a aimseofar ar inmharthanacht na nuachtán. Is ar fhógraíocht a mhaireann nó a éagann nuachtán Gaeilge. Thig a bheith cinnte de mar sin go mbeidh iomaíocht fhíochmhar ann idir an dá nuachtán úra do líon teoranta fógraí. Beidh buntáiste áirithe ag Foinse sa chath seo sa mhéid is go mbeidh siad ábalta a mhaíomh go bhfuil breis is 152,000 cóip den nuachtán á scaipeadh leis an Irish Independent le hais an chúpla míle cóip a bheas Gaelscéal ag díol. Anuas ar sin, beidh ionann is trí mhí de bhuntáiste acu sula bhfoilseofar an nuachtán úr.

Os a choinne sin, beidh ar Foinse a bpota óir a roinnt leis an Indo. Lena chois sin beidh deontas feidhmiúil stáit á fháil ag Gaelscéal ó Fhoras na Gaeilge, rud a chuideoidh leo maireachtáil fríd am an ghátair. Óir bhí dhá fhoinse airgid ag achan nuachtán Gaeilge le dhá scór bliain anuas – ’sé sin, ioncam fógraíochta agus deontas i gcabhair. Ní thig a thuar cad é mar a éireoidh le Foinse sna míonna amach romhainn siocair nár tugadh faoina leithéid de fhiontar ariamh cheana.

Fuíoll Fógraí?

Ach theip ar aon nuachtán Gaeilge go n-uige seo líon cruthanta de fhógraí a mhealladh ón earnáil phríobháideach, agus iad i dtuilleamaí, cuid mhór, ar fhógraíocht stáit agus ar phinginí beaga ó na heagrais Ghaeilge. Ní raibh fairsinge ar bith sa chiseán fógraíochta fiú nuair a bhí an tíogar Ceilteach in ard a réime, ach is in olcas go mór atá rudaí faoi láthair. Ar an lá a fógraíodh go raibh an conradh le haghaidh nuachtán Gaeilge seachtainiúil faighte ag Eo Teilifís agus ag an Connacht Tribune (20/11/2009), ní raibh ach trí leathanach folúntais san fhorlíonadh Business This Week san Irish Times agus 37 post fógraithe ann. Bhí dhá leathanach déag d’fholúntais ann agus corradh le 180 post fógraithe dhá bhliain roimhe sin (23/11/07). Léargas é seo go bhfuil an bhróg ag teannadh ar na mórnuachtáin Bhéarla. Ó tharla lánchosc a bheith ar earcaíocht sa státsheirbhís agus sa tseirbhís phoiblí (cé is moite d’eisceachtaí áirithe), tá tobar na fógraíochta folúntais tráite go hiomlán. Cén seans mar sin a bheas ag na nuachtáin bheaga, Gaeilge a bhfuil laincisí go leor agus ráchairt theoranta orthu? Ceann de na léitheoirí ba dhílse a bhí ag an seanleagan de Foinse ab ea an carachtar Tadhg Ó Direáin ó Ros na Rún agus ba ghnách leis a bheith ag scansáil an chóip is deireanaí ar an chuntar fad is a bhíodh sé ag pleanáil beart fealltach éigin nó ag díspeagadh na gcomharsan. Beidh le feiceáil cén nuachtán a bheas faoina ascaill ag an tábhairneoir dalba úd san athbhliain.

  • Is Clár-Eagarthóir le Nuacht TG4-RTÉ é Breandán Delap. Tá cónaí air sa Spidéal.
MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.