AR NA SAOLTA SEO
Na Mórshiúlta
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Robert McMillen den tuairim gur mór idir mórshiúl spraoi agus siamsa i dtír ínteacht eile agus an mórshiúl abhus thrí cheantar nach bhfuil fáilte roimhe ann. Agus do bharúil, chomh maith le sin, cén aois an domhan?

Íomhá
Mardi Gras (le Toast to Life, Flicker, ar Vicipéid)
Íomhá
Íomhá
Sammy Wilson an DUP

Ócáidí pléisiúrtha, spraoiúla sa chuid is - Carnabhal Rio, Notting Hill, na Féile Pádraig i Nua-Eabhrac, Mardi Gras agus an Walt Disney World Christmas Day Parade.

I dtuaisceart na hÉireann, mórshiúlta na nOrd Dílse againn, cuid acu a cheiliúrann bua an Liam ar an Séamus 319 bliain ó shin, cuid eile a cheiliúrann an Protastúnachas agus dílseacht do Mhonarcacht Shasana. Níl rud ar bith cearr leis sin go teoiriciúil ar ndóigh, ach b’ionann riamh anall, cuid bheag de na mórshiúlta seo agus achrann, foréigean (http://www.youtube.com/watch?v=Qlt6RGYvgo&NR=1) agus crá croí dóibh sin nach Protastúnaigh iad. ceist na mórshiúlta i mbéal an phobail arís agus ceangal déanta ag an DUP le haistriú cumhachtaí cirt agus póilíneachta go Tionóil Thuaisceart Éireann. Tchí Dia sinn. (http://www.youtube.com/watch?v=MSfB5WjfuU)

Mar atá a fhios ag an saol mór súil agam - níl ach cuid bheag de na mórshiúlta, corradh le 3,000 acu gach bliain, a tharraingíonn conspóid ar bhonn rialta. Tarraingíonn siad conspóid mar go dtéann siad thrí cheantair nach mbíonn fáilte rompu. (http://www.youtube.com/watch?v=rjzGZxRcRWA&feature=related) (http://www.youtube.com/watch?v=7Z2jsWoDZmc&feature=related) (http://www.youtube.com/watch?v=qjXq1UaQIgk&feature=related) (http://www.youtube.com/watch?v=y0zNMBL6tFg&feature=related) (http://www.youtube.com/watch?v=JuFuJ262pnY&feature=related)

Cothroime do Chách

Is furasta an scéal a réiteach. Suíodh ionadaithe an Oird agus ionadaithe na n-áitritheoirí síos le chéile agus oibríodh siad amach cén bealach is fearr a bheadh oiriúnach don dhream. Is éigean seo a dhéanamh ar bhonn logánta. Nuair a theipfidh ar na chéad idirbheartaíochtaí, tosófar as an úr. Agus arís. Agus arís go dtí go n-aimseofar socrú cothrom do chách. eolaíocht diúracáin atá ann. Bhí de sprioc ag Aontachtaithe riamh anall fáil réitithe de Choimisiún na Mórshiúlta. (http://www.paradescommission.org/) fáilte curtha roimh mholta Athbhreithniú Straitéiseach ar Mhórshiúlta a bhfuil an polaiteoir Sasanach Paddy Ashdown ina chathaoirleach air mar go gcreidtear go gcuirfidh an tAthbhreithniú deireadh leis an Choimisiún. (http://www.youtube.com/watch?v=TD_1Nar7hsY) Ach Sean Murray, fear ar cuireadh ina leith go raibh ar Chomhairle Airm an IRA, ina bhall den choiste Athbhreithnithe. (http://www.youtube.com/watch?v=3c9lUvn5qC8) mholfaí a dhath nach mbeadh Shinn Féin leis nach mbeadh an páirtí Sinn Fein ábalta a lucht vótála a fháil ar a shon.

Measaim féin nach mbeadh Sinn Féin chomh buartha sin uilig scor Choimisiún na Mórshiúlta, d’ainneoin a bhfuil ráite acu. déan dearmad gur ghlac an Coimisiún cinnidh - go háirithe maidir le mórshiúl Ard Eoin - nach raibh náisiúnaigh sásta leis agus is cinnte go mbeidh cearta na n-áitritheoirí aitheanta i cibé eagraíocht córas a thiocfaidh mar chomharba ar an Choimisiún.

Brú ón Imeall

Cén fáth mar sin go bhfuil an bac nua seo tógtha ag Robinson ar fhuascailt fhadhb aistriú cumhachtaí póilíneachta agus cirt?Freagra: An TUV, the True Unionist Voice de chuid Jim Allister.Arís eile, brú á chur ag dreamanna an imill - an TUV ar an taobh aontachtach agus easaontóirí ar thaobh na náisiúnach - ar na páirtithe atá i gcumhacht. Ach an bhfuil an pobal aontachtach chomh truamhéileach sin gur tábhachtaí leo an tOrd Oráiste a fheiceáil ag siúl ar Bhóthar Gharbhachaidh smacht a bheith ag a chuid ionadaithe ar chúrsaí póilíneachta agus cirt?

Agus an bhagairt atá ag teacht ó easaontóirí Poblachtanacha ag méadú i ndiaidh lae, an é an chloch is ar a bpaidrín (cor cainte mífhóirsteanach, is dócha) cosa Oráisteacha i gceantracha Caitliceacha? In amanna, cailleann focal nath cainte brí bhaintear barraíocht feidhme as. Sin mar atáCommunity ConfidencePheter Robinson. Cad é mar a thógfaidh scor Choimisiún na Mórshiúlta muinín aontachtach?

Faoi láthair tuairim ar 35,700 ball den Ord (i 1948, bhí 76,500 ann). Is ionann 37,500 agus 2.3 faoin chéad de dhaonra Thuaisceart Éireann. fuath ag cuid den phobal Protastúnach ar an Ord. An bhfuil todhchaí shíochánta an réigiúin ag brath ar dhiongbháilteacht na heagraíochta rúnda seo siúl thrí cheantracha nach bhfuil fáilte rompu agus crosadh atá á thabhairt dóibh ag Peter Robinson ar aon dul chun cinn ar réimsí eile polaitíochta? Is furasta a chreidbheáil.

Mar a thug scríbhneoir an bhlaig 3000 Versts of Loneliness faoi deara agus é ag scriobh bhaill an DUP: “ feachtas Ian McCrea ann le cosc a chur ar an Phápa theacht go Tuaisceart Éireann; ráitis lánfuatha Iris Robinson dhaoine aeracha; séanadh Sammy Wilson go bhfuil baint ag an chine daonna le hathrú aeráide; Edwin Poots agus a mhacasamhail a chreideann nach bhfuil an domhan ach 5000 bliana d’aois; Jim Wells atá in éadan wifi ...”

Labhair Gregory Campbell ar son phionóis an bháis an tseachtain seo. Cén fáth mar sin gurbh ábhar iontais go bhfuil siúlóidí Oráisteacha ina thosaíocht ag an DUP i mbliain seo an drochshaoil 2009?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.