AR NA SAOLTA SEO/FACHTNA
Na meáin chumarsáide agus Triail na nArm
Fachtna Ó Drisceoil Fachtna Ó Drisceoil Fachtna Ó Drisceoil

gné scanrúil den scéal is deireanaí faoi Thriail na nArm nach bhfuiltear tar éis aird cheart a thabhairt uirthi. Aontaíonn gach duine gur chuir an clár ‘Prime Time’ a rinne Michael Heney an mhí seo caite eolas fíorthábhachtach os comhair an phobail. Chruthaigh an fhianaise a chuir an clár i láthair go rabhthas tar éis ráiteas duine de na príomhfhinnéithe sa chéad triail a athrú. Tá sé soiléir don saol mór go n-ardaíonn sé seo ceisteanna tromchúiseacha.

Ach ní i mí an Aibreáin a aimsíodh an fhianaise seo sa Chartlann Náisiúnta agus ní hé Michael Heney a d’aimsigh í. Ba é an Captaen James Kelly, duine de na cosantóirí ar deineadh an dochar is mó dá chlú de bharr thriail na nArm, a d’aimsigh an fhianaise sa chartlann sin. Ba i mí Eanáir a d’aimsigh sé í. Deineadh an scéal a thairiscint d’iriseoirí éagsúla ach níor tugadh aon aird air seachas sa News of the World agus i gceann de na nuachtáin áitiúla. Ar deireadh, chuir bean chéile James Kelly glao gutháin ar Michael Heney, thuig Heney tábhacht an scéil agus rinne sé an clár úd do ‘Prime Time’. Go tobann, bhí an saol is a mháthair ag caint faoin ráiteas a athraíodh, agus faoin éagóir a deineadh ar James Kelly dá bharr. Ach nuair a rinne Kelly féin iarracht an ‘scúp’ iontach seo a thabhairt do na meáin chumarsáide roimhe sin, tugadh an chluas bhodhar dó!

Cén fáth a bhfaca Michael Heney scéal san áit nach bhfaca éinne eile é? An é go raibh an fhianaise nua a d’aimsigh Kelly an-chasta agus nach bhféadfaí a tábhacht a thuiscint go héasca?

Cé go bhfuil scéal Thriail na nArm an-chasta, níl rud ar bith casta faoin bhfianaise nua. D’aimsigh James Kelly an ráiteas a thug duine de na príomhfhinnéithe, an Coirnéal Hefferon, do na Gardaí sa Chartlann Náisiúnta. Bhí gach sliocht a thagair don Aire Cosanta Jim Gibbons marcáilte ar an gcáipéis sin. Nuair a chuir Kelly an cháipéis sin i gcomparáid leis an ráiteas a tugadh mar chuid d’fhianaise na trialach, chonaic sé go raibh na sleachta marcáilte ar fad fágtha ar lár. Athraíodh an fhianaise d’aon ghnó chun an chuma a chur ar an scéal nach raibh eolas ar bith ag an Aire Cosanta faoin iarracht chun airm a iompórtáil. Is léir don dall tábhacht an eolais seo.

Ról na meán

Léiríonn an scéal seo rud éigin i bhfad níos tábhachtaí ná féith iriseoireachta Michael Heney. Nochtann sé an ról atá ag na meáin chumarsáide i gcruthú agus i gcaomhnú ‘stair oifigiúil’ an stáit seo. Bíonn muidne sna meáin chumarsáide ag iarraidh scéalta a insint. Chun scéal maith a insint bíonn bithiúnaigh agus laochra ag teastáil. I gcás Thriail na nArm rinne fórmhór na meán cinneadh gurbh iad Haughey, Blaney, Kelly, Hefferon, etc. na bithiúnaigh agus gurbh iad Jack Lynch, Des O’Malley, etc. na laochra. I dtús báire cuireadh é seo i láthair taobh le taobh leis na fíricí, mar anailís nó mar bhreithiúnas ar na fíricí sin. Ach in imeacht na mblianta, nuair a bhí iriseoirí ag tagairt do Thriail na nArm bhí sé níb áisiúla tagairt a dhéanamh don bhreithiúnas seachas na fíricí ar fad a chur i láthair arís. De réir a chéile ghlac an breithiúnas áit na bhfíricí (breithiúnas na meán, seachas breithiúnas na cúirte dar ndóigh!). Ba iad Haughey, Blaney, Kelly agus Hefferon na bithiúnaigh agus ba iad Lynch agus O’Malley na laochra. B’in an fhírinne docheistithe. Aon fhíricí nó aon eolas nár luigh isteach leis an ‘bhfírinne stairiúil’ seo, ní fhéadfaí go raibh aon bhunús ag baint leo. Tá greim chomh mór sin ag miotais den chineál seo ar fhormhór na n-iriseoirí nach bhfuil siad ábalta glacadh le heolas nua den chineál a chuir James Kelly ar fáil, fiú nuair a bhíonn sé i ndubh agus bán os a gcomhair amach.

Ní bheadh an alltacht chéanna anois ar dhaoine faoin eolas nua atá tagtha chun cinn faoi rólanna Des O’Malley agus Jack Lynch murach an stádas beannaithe a bhí tugtha dóibh i gcaitheamh na mblianta. Tá sé greannmhar an mearbhall a fheiceáil a bhíonn ar na meáin chumarsáide nuair a chuirtear ceann dá mbunmhiotais as a riocht. Ach tá sé baolach freisin. Cheana féin tá claonadh áirithe ann laochra a dhéanamh den dream ar bhithiúnaigh roimhe seo iad, agus vice versa. Gan ach sampla amháin a lua, má deineadh éagóir ar na hoifigigh airm a bhí páirteach san iompórtáil arm, ní hionann a gcás siúd agus cás Charles Haughey. D’admhaigh na hoifigigh sin go rabhadar páirteach san iompórtáil arm ach ba é a gcás siúd go rabhadar ag leanúint orduithe. Shéan Haughey i gcónaí go raibh aon eolas aige faoi na hairm.

Caitheadh na saighdiúirí agus na polaiteoirí isteach lena chéile cheana. Ná déanaimis an botún céanna arís ar mhaithe le scéal maith a insint.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.