AR NA SAOLTA SEO
Na Lochlannaigh
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Beidh deis ag lucht iomraimh gabháil ar bord longbhád Lochlannach ar an Life agus in ionaid go leor eile an bhliain seo chugainn. Tá roinnt sonraí ag Tony Birtill.

Íomhá
Paul Mercer, An Méara Moira Mc Laughlin agus an tOll. Stephen Harding
Íomhá
Ag Cumann Iomraimh Victoria Peter & Barbara Duff, Jim Bibby, an Méara, S. Harding, P. Mercer
Íomhá
Leithinis Cilgwri
(le Ordanance Survey OpenData ar Vicipéid)

“Tá na Lochlannaigh ag teacht !” sin an stocaireacht a mhothaigh muintir Cilgwri i Mí Eanáir nuair a chuala cruinniú poiblí faoin scéim chun bád fada a sheoladh ón Iorua go Baile Átha Cliath trí Londan, Albain, Oileán Mhanainn agus trí Wallasey.

Tá Wallasey ar an leathinis Cilgwri, idir na haibhneacha Merswy agus Dyfrdwy, os comhair Learpholl, agus bhí Méara an bhaile, Moira McLaughlin i láthair chun fáilte a chur roimh an Ollamh Stephen Harding, atá ag eagrú teacht i dtír an bháid sa cheantar agus tá Paul Mercer atá ina chúntóir ag bunáit an togra: Haugesund san Iorua. (féach ar Viking Kings.

Ba as Baile Átha Cliath seanathair an Mhéara, ach téann an ceangal idir an leathinis agus an Life i bhfad níos sia siar ná sin, ar ndóigh, mar a mhínigh an tOllamh Harding ina leabhar ‘Ingimund’s Saga: Norwegian Wirral’ (Countrywise Publications, 2000). Insíonn an leabhar seo an scéal a fuair an fear léinn, Seán Ó Donnabháin, ó sheanlámhscríbhinn agus a d’fhoilsigh The Irish Archaeological and Celtic Society i 1860. Thug sé cur síos ar an Lochlannach Ingimund agus a lucht leanúna, a díbríodh as Éirinn sa bhliain 902 tar éis brú ó Chearbhall, Rí Chúige Laighean. Chuaigh siad go Ynys Môn ar dtús, ach chuir na Breatnaigh an ruaig orthu. Ansin, fuair siad cead ó Edelfrida, banríon Mercia i dtuaisceart Shasana, dul i dtír ar Cilgwri.

Chomh maith leis na hannála Éireannacha, tá scéal Ingimund in annála na Breataine Bige, is é sin Annales Cambriae agus Brut Y Tywysogion (Croinic na dTaoiseach).

Aniar as Éirinn

Ceantar neamhspleách a bhí ag na Lochlannaigh ar Cilgwri. Cé go raibh siad i dteagmháil leis na Lochlannaigh san Iorua, ar Oileán Mhaninn agus in Éirinn, níor thug siad géillsine do rí eile. Bhí parlaimint acu féin, in áit darbh ainm Thingwall (cosúil leis an Tynwald i Manann agus Dingwall in Albain) Tháinig teifigh eile as Éirinn go dtí an Cilgwri tar éis Chath Chluain Tarbh 1014. Lochlannais a bhí mar theanga ar an Cilgwri go dtí an 13ú haois agus de réir Stephen Harding tá nios mó ná 600 logainm de bhunús Lochlannach ar Cilgwri, agus os rud é gur tháinig na Lochlannaigh trí Éirinn, tá logainmneacha de bhunús Ghaeilge ann fosta, mar shampla Nochtorum (Cnoc Tirim) agus Liscard (Lios Ard). (Féach go bhfuil Lizard Point i gCorn na Breataine chomh maith.)

Mar gheall ar leabhar Harding, tá ceangal láidir idir Cilgwri agus Críocha Lochlainn anois agus d’inis sé don chruinniú sa Victoria Rowing Club faoin togra is déanaí: an bád fada Draken Harald the Fairhair a sheoladh don leathinis. Thaispeáin sé sleamhnáin dúinn, ina chur i láthair, den bhád atá á tógáil faoí láthair i Haugesund. Tá fad 35 méadar inti agus tá 6 méadar ar leithead inti agus sáfar í i Mí Meithimh i mbliana. Beidh trialacha farraige cóngarach do chósta na hIorua sula rachaidh sí ar an chéad turas ar an tseanfharraige samradh na bliana seo chugainn 2013.

Ní hé seo an chéad atógáil de longbhád, ár ndóigh - cuir i gcás The Viking, macasamhail 2/3 a tógadh i 1890, nó The Sea Stallion, a tógadh i 2004 agus atá bunaithe ar an an seanbád Skuldelev 2, a tógadh i mBaile Átha Cliath i 1050. Ach beidh The Draken Harald Fairhair (DHF) ar an atógáil is mó riamh, le 25 péire maide rámha ann - sin bád 50 buille - agus le beirt ar gach maide sin 100 fear iomraimh ar an fhoireann loinge 150 duine.

Beidh inneall ann fosta, mar gan é ní bhfaigheadh sé teastas acmhainn farraige, a mhínigh Paul Mercier dúinn. "It is there to get you out of trouble. The aim will be to do it under our own strength" a dúirt sé.

Athchruthú na Staire

Seachas sin, beidh an bád díreach mar a bhíodh siad 1000 bliana ó shin. Tá sé bunaithe ar iarsmaí ón seansaol, mar shampla an bád Gokstad (850 AD, Sandefjord) agus Askekarr (1000 AD Gothenburg), líníochtaí ar galláin agus eolas sna ságaí. Mar shampla, luann siad go raibh seolta déanta as síoda acu, agus sin mar a bheidh sé ar an DHF. Cheannaigh siad téada cnáibe ón tSín go speisialta. Beidh an bád féin déanta as adhmad darach, le crann seoil péine. Scairdhéanta a bheas sé agus tá na seanscileanna fós ag saoir loinge ar chósta thiar na hIorua, áit a bhfuil Haugesund. “Tá sléibhte eatarthu agus an chuid eile den tír; mar sin féachann siad siar ar an fharraige - sin an domhan s’acu féin” a mhínigh Paul Mercer dúinn. Tá trí bhád trialach déanta acu cheana féin, iad 8 méadar ar fhad.

“Níor dhearna duine ar bith iarracht bád chomh mór leis an DHF a sheoladh le 1000 bliana agus mar sin caithfidh muid neart cleachtadh a dhéanamh agus scileanna a fhoghlaim,” a dúirt Paul.

Tá siad ag trealmhú an bháid le rudaí fíor-Lochlannacha, málaí codlata déanta as craiceann róin, fágaim. “Bhíodh beirt in gach ceann acu - leathbhádóir rámha, is dócha, " a dúirt Paul. Ceannófar iad i gCeanada, mar tá cosc orthu i Sasana.

Is é an fear gnó Sigurd Aase, pátrún an togra agus a thug cead don bhád teacht go Cilgwri.

Tapaigh do Dheis

Beidh rámhaithe sa bhreis de dhíth i ngach áit a gcuirfidh siad an t-ancaire agus sin an fáth go raibh an cruinniú sa chumann rámhaíochta, mar sin an áit a bheas an traenáil don fhoireann a bheas a rámhaíocht an bád fada trasna an Mersey go Learpholl sa samhradh 2013. Má tá duine ar bith in Éirinn ag iarraidh a leithéid a dhéanamh nuair a bheas an DHF ar an Life, is féidir leo eolas faoin togra a fháil ó Viking Kings

Má bhaineann an bád Baile Átha Cliath amach gan teip, leanfaidh sé ar aghaidh go Brest sa Bhriotáin, Liospóin agus isteach sa Mheánmhuir go Marbella, Barcelona, Nice, An Róimh, An Aithin agus sa deireadh go hIostanbúl sa Tuirc. Is áiteanna iad ina raibh na Lochlannaigh 1000 bliana ó shin. Dúirt Paul Mercer linn gur thug na Lochlannaigh Micklegard ar Chonstantinople agus bhí buíonta acu siúd ina ngarda cosanta pearsanta ag an Impire ansin.

Is siocair mórtais san Iorua go bhfuil an longbhád ag dul ar an turas farraige seo agus mar aitheantas don obair a rinne an tOllamh Stephen Harding, bhronn Rí na tíre, Harald V, ridireacht air i Mí Eanair - Ridire Den Kongelige Norske Fortjensteorden is ea é anois!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.