AR NA SAOLTA SEO
Na haontachtaithe agus na dílseoirí ag diúltú dul ar thraein na síochána
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Tá sé in am ag Protastúnaigh Uladh ról níos dearfaí bheith acu sa tsochaí ó thuaidh, dar le Robert McMillen.

Íomhá
An Ginearál John de Chastelain
Íomhá
An tOirmhinneach Harold Good
Íomhá
Carr trí thine le linn círéibe i mBéal Feirste an samhradh seo

B’fhéidir go bhfuil barraíocht úsáide bainte as na línte seo, ach seo chugainn arís iad:

History says, don’t hopeOn this side of the grave.But then, once in a lifetimeThe longed-for tidal waveOf justice can rise up,And hope and history rhyme. Le teacht ráiteas – agus gníomh - an IRA an tseachtain seo caite, ní miste amharc ar an chead véarsa eile:

So hope for a great sea-changeOn the far side of revenge.Believe that further shoreIs reachable from here.Believe in miracleAnd cures and healing wells. (Seamus Heaney) Bhraith mé go leor mothúchán agus mé ag éisteacht leis an raidió le linn don Ghinearál John de Chastelain bheith ag tabhairt le fios go raibh gunnaí an IRA curtha ó mhaith.

Chóir a bheith go raibh na deora liom nuair a dúirt an tOirmhinneamh Harold Good go raibh sé féin agus an tAthair Alex Reid cinnte, go hiomlán cinnte, fá bheaichte thuairisc an Choimisiúin Monatóireachta Idirnáisiúnta (IMC).

“…Without any shadow of doubt, the arms of the IRA, have now been decommissioned,” arsa an tOirmhinneach Good ar son na beirte.

Ba léir do chuid don dream a chuala é a thábhachtaí is a bhí an ráiteas. Níor tharla a leithéid riamh i stair na hÉireann, ó aimsir Bhriain Boroimhe go dtí The Workers Party. Bhí na hairm mar *sine qua non *ghluaiseacht na poblachta ó tháinig Wolfe Tone, Henry Joy McCracken agus a gcomrádaithe le chéile ar Chnoc na hUaimhe i 1795 leis na hÉireannaigh Aontaithe a bhunú.

Dúirt Pádraig Mac Piarais i 1912 dá n-imreodh na Sasanaigh feall eile ar Éirinn, “there is a band in Ireland, and I am one of them, who will advise the Irish people never again to consult with the Gall, but to answer them with violence and the edge of the sword.”

easaontóirí ann go fóill ach is léir go bhfuil gluaiseacht na Sealadach ag dul a bheith mar chuid bhuan de pholaitíocht na tíre seo go ceann i bhfad eile. Leis an stádas sin a bhaint amach, b’éigean deireadh a chur leis an IRA mar eagraíocht mhíleata, b’éigean fáil réitithe de na hairm, cinneadh a ghlac ceannaireacht na gluaiseachta blianta ó shin; Perfidious Albion ba chúis leis an mhoilleadóireacht, dar le Sinn Féin, ach tá an lá tagtha.

Mar a dúirt an staraí aontachtach Donald Akenson liom: “Tá an bua ag na Caitlicigh agus tá cead á thabhairt do na Protastúnaithe géilleadh le dínit. Tabharfar glúin dóibh leis sin a chur i gcrích.”

Cinnte, tá am de dhíobháil orthu ach tá súil agam nach géilleadh atá de dhíth ar phoblachtánaigh uathu. Ghlac na hÉireannaigh Aontaithe an mionna ar Chnoc na hUaimhe i dtuaisceart Bhéal Feirste troid a chur ar Shasana, ach ag an am chéanna, Caitlicigh, Protastúnaigh agus Easaontóirí a thabhairt le chéile.

Na réaltachtaí úra

Tá am de dhíth le go dtig le gach duine meabhrú ar na réaltachtaí úra. Tá sé in am ag aontachtaithe toiseacht a mheabhrú ar an am atá rompu agus an cineál sochaí atá de dhíobháil orthu. Caithfidh siad é seo a dhéanamh ar dhóigh mhuiníneach, stuama, réadúil. A mhalairt ar fad atá feicthe againn go dtí seo.

Na racáin, an foréigean, an úsáid gunnaí agus caitheamh buamaí in éadan an PSNI a lean máirseáil an Oird Oráistigh ar Bhóthar Chluanaí an mhí seo caite, míníodh iad mar racht feirge in éadan na bochtaineachta ina bhfuil dílseoirí ag maireachtáil, racht in éadan na “concessions” a tugadh do náisiúnaithe, racht in éadan Choimisiún na bParáideanna a chuir brú ar an Ord Oráisteach bogadh cúpla céad slat suas an bóthar óna “mbealach traidisiúnta.”

Bhí siad chomh feargach sin gur thug cuid acu iarraidh péas a mharú, gur scrios siad a gceantracha féin, gur chuir siad moill ar na mílte duine agus iad ar a mbealach chun a gcuid oibre, chun na hotharlainne agus dá réir.

Nárbh fhearr labhairt lena macasamhail sa phobal náisiúnach, iad sin atá beo bocht, iad sin ar cuireadh cosc ar a gcultúr, iad sin atá ag iarraidh sochaí úr shíochánta shochma a chruthú?

Nárbh fhearr foghlaim ón fhéinmhuinín úr i measc na náisiúnaithe an dóigh le dul i ngleic lena gcuid fadhbanna mar atá déanta in iarthar Bhéal Feirste, mar shampla.

Tá cuid mhór le foghlaim ag dílseoirí ó phoblachtanaigh. D’fheadfaí gluaiseacht láidir aicme oibre a chruthú dá dtiocfadh an dá dhream le chéile, in éagmais na n-arm. Tá féidearthachtaí iontacha ann.

Ach cad é tá ar bun ag an DUP? Is léir nach bhfuil ach giar amháin acu – an giar cúlaithe. Cheannaigh siad ticéid do thraein na síochána ach tá siad ag diúltú dul ar bord, ag screadaigh go bhfuil Gerry Adams ag tiomáint na traenach. Ach seo an t-am a chaithfidh siad cinneadh a ghlacadh dul sa seans lena gcomh-Ultaigh nó fanacht leo féin, Sinn Féin Protastúnach.

Tá an traein ag taisteal i dtreo “the far side of revenge” Heaney. Dúirt Akenson liom go bhfuil Prods an tuaiscirt ábalta aire a thabhairt dóibh féin.

“Ach is é an demarche ar an stát ó dheas an rud is suimiúla, dar liom,” ar sé. “Dá mba bhall d’Fhianna Fáil mé, dhíolfainn mo scaireanna!” ar sé, ag gáire.

Is iriseoir leis an *Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.