CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Na Fíor-Bhéarlóirí

Ina dtoirchim suain a bhíonn an-mhórán daoine ar fud an domhain an chuid is mó den am. Sin í an áit a bhfuil an dochar. Ní thuigtear an leithcheal ar aicmí den phobal le linn ré na síochána sin. Ní thuigtear anchaoi an scéil go dtí go mbrise foighne duine, nó beirt, nó triúr. Is ansin a thosóidh an chorraíl, an cur is cúiteamh, an cruinniú, an chaismirt, an cur i gcoinne agus an choimhlint.

Íomhá
Athbheochan na Gaeilge 1965
Íomhá
An Seanadóir Jerry Buttimer
Íomhá
Lá an Choirp

In am an riastartha, am an éirí amach, feictear agus tuigtear gnéithe den saol a rabhthas dall orthu le linn na síochána sa mhéid is gur mhaígh an file WB Yeats mar sin é ‘scales fall from eyes long blind, man completes his partial mind’. Níor mhiste dá labhródh an aicme faoi chois amach in am a mbítear ag déanamh an leithcheal orthu. Ní maith an rud fanacht ciúin dea-mhúinte nuair ba cheart labhairt amach. Is follán an comhluadar daoine a mbíonn an chaint is cháir agus an gleo mór. Ar an dóigh sin, cuirfidh an aicme a mbítear ag déanamh leithcheal orthu iad féin agus a gcás in iúl don phobal mór. Is féidir rud éigin a dhéanamh faoina gcás ansin.

Is dream ciúin sinn

Deirtear gur dream caoinfhulaingteach sinn, Éireannaigh. Bhíodh, go dtí le gairid agus achan seans gur fíor a rá fúinn fós gur dream sinn a choinníonn an béal druidte nuair ba chirte dúinn labhairt amach níos túisce. Is sampla an-mhaith den iompar chaoinfhulaingteach seo, an lúb de lucht cainteoirí Gaeilge a luaithe a nochtfas duine gan Ghaeilge chucu, caithfidh gan éinne den chomhluadar tiontú ar an teanga eile. Is mór is fiú a bheith i láthair nuair nach dtarlaíonn an gnás áirithe sin. Is é sin, go dtagann duine gan Ghaeilge isteach chuig chruinniú nó chuig lúb sóisialta, ach go stiúrann duine amháin nó beirt an chaint i leith na Gaeilge d’ainneoin fear an Bhéarla. Is iondúil gur duine nó beirt iad, an dream stiúrach, a bhfuil an-mheas acu ar an teanga. An cúpla duine a bhfaca mé á dhéanamh, tógadh le Gaeilge iad, sa nGalltacht. Is féidir, measaim, a mhaíomh ar an láimh eile, nach bhfuil an chuid eile de mhuintir na Gaeilge a iompaíonn ar an Bhéarla lom láithreach chomh dílis céanna don teanga.

Easpa éigin atá ionainn

Fadhb measa ar ghnéithe dínn féin agus easpa muiníne ionainn féin, is geall le galar Éireannach é. Ní fios an dochar a rinne sé le glúnta anuas. Gaeilgeoirí na seascaidí, nuair a foilsíodh an Páipéar Bán ar an Ghaeilge, bhí oiread acu sa tír ag an am is dá labhródh siad í, níor ag fanacht le barr úr cainteoirí a theacht amach as an Ghaelscolaíocht a bheadh muid inniu.

Labhraímis amach in am nuair is ceart labhairt amach. Bíodh a fhios ag an chuid eile sin de mhuintir na hÉireann atá tumtha go domhain sa ghalar Éireannach úd, nach amháin go bhfuilimid thart sa timpeall, ach go bhfuilimid thart sa timpeall in aice leo. Éinne a ionsaíonn sinn, glacaimis chugainn an riastartha ceart san am ceart sa dóigh go gceisteoidh siad a seasamh féin inár leith, nó inár gcoinne, agus go ndéanfaidh siad athmachnamh. An mhí seo chuaigh thart, ionsaíodh sinn mar dhream. Ní fiú tráithíní an dream a d’ionsaigh sinn agus bímis soiléir faoi. Bhí de sciath thar lorg acu, gur ag cur tuí na háithe ar an mhuileann a bhí ar bonn – an Ghalltacht seachas an Ghaeltacht a bheith ag saothrú pingneacha na Gaeilge – nó arís, nach raibh in Acht na dTeangacha Oifigiúla ach amaidí. An tAcht céanna ann, agus gura fada buan é, ní miste a lua nach bhfuil vóta agam mar gheall nár ceadaíodh seoltaí Gaeilge, sa daonáireamh deiridh, taobh amuigh den Ghaeltacht agus Chontae BhÁC, ach gur ceadaíodh eisceacht amháin i gCo. an Chláir, agus ceadaíodh sin tar éis don dhuine bhocht a bheith ag scríobh ar feadh 20 bliain faoina chás. A leithéid sin, easpa vótála, le cois nithe eile ar ndóigh, a thug NICRA ar shráideanna na Sé Chontae. Mheabhródh sé crann na mílaoise do dhuine.

An Fhianaise: A Suíomhanna Idirlín

Fear díobh siúd a labhair go láidir sa Seanad i gcoinne pingneacha na Gaeilge, an Seanadóir Buttimer, tá sé le dealú lena chomhghleacaí an Seanadóir O Toole, ar phointe an-tábhachtach. Is léir ar shuíomh an tSeanadóra Buttimer nár caitheadh pingin rua le teanga ar bith ach leis an Bhéarla amháin. Tá iarracht dar teideal ‘Polasaí Gaeilge an tSeanadóra Joe O’Toole’ le feiceáil ar a shuíomh seisean, cé nach nglacfadh mórán de mhuintir na Gaeilge lena leagan amach ar ghnéithe den cheist ar nós ‘an iomaíocht teangachais i gCorca Dhuibhne’. Ar a laghad ar bith tá Gaeilge áit éigin ar an suíomh aige. Is difríocht shuntasach an méid sin le suíomh Jerry Buttimer.

Cén fáth go gcaitear airgead maith amú ar shuíomh iomlán Béarla nuair nach bhfuil mo leithéidse le fanacht leath nóiméid á bhreathnú? Tá de mhuineál aige siúd ansin labhairt amach faoi Acht Teangacha. Tá an lá thart go nglacfaidh daoine go ciúin le hachasáin ó dhuine mar é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.