AR NA SAOLTA SEO
Muintir Dalit
Alan Desmond Alan Desmond Alan Desmond

Is iomaí cineál mionlaigh ar an saol, ach is tearc mionlach chomh líonmhar leis na Dalit in oirthear domhain. Ní go maith a caitheadh leo leis na cianta cairbreacha. Tá a scéal ag Alan Desmond.

Íomhá
Dalit sáraithe le tuirse ina luí ar urlár stáisiúin i Delhi (cc le Pxel03 ar Picasaweb)
Íomhá
Príomh-Aire Uttar Pradesh, An Taoiseach Mayawati (cc le Sanjay R. Panchal ar picasaweb)

Tharla crith talún faoin bhfarraige san Aigéan Indiach 26 Mí na Nollag 2004 ba chúis leis an saoiste báite, nó an súnámaí, is mó a bhfuil cur amach ag domhan mór an lae inniu air. Is amhlaidh go raibh breis is súnámaí amháin i gceist leis an tubaiste seo atá ar na hanachana aiceanta is measa ó tosaíodh ar an stair a thaifeadadh: maraíodh breis is 230,000 duine dá dheasca, líon ollmhór daoine, agus ba iad an Indinéis, an Téalainn, Srí Lanca agus an India na tíortha ba mhó a d’fhulaing.

San India bhí an t-aos seachanta, nó na Dalit mar is fearr aithne orthu, thíos go mór leis an tubaiste. Sa stát deisceartach, Tamil Nadu, meastar go bhfuair breis is 10,000 díobh bás is gur easáitíodh tuairim is 650, 000 díobh.

Ach níorbh é sin ach leath an léin a leanfadh Dalit Tamil Nadu mar gheall ar an súnámaí. Bhí córas na sainaicmí fós chomh mór sin i réim is nár ligeadh do na Dalit tairbhiú go hiomlán den fhóirithint anachaine a chuir eagraíochtaí carthanachta an domhain ar fáil dóibhsean a tháinig beo as an léirscrios a rinne súnámaí 2004. Ba mhinic nár cheadmhach dóibh úsáid a bhaint as na campaí fóirithinte seifte a tógadh. Nuair a cuireadh foscadh éigin ar fáil dóibh, ba i ngar d’áiteanna cosúil le reilig is carn fuílligh a bhí sé, gan aon chóras ceart sláintíochta.

Anuas air sin, níor ligeadh dóibh uisce a tharraingt as na humair iniompartha a fuarthas ó ghníomhaireachtaí idirnáisiúnta ar eagla go dtruailleofaí na sainaicmí uachtair dá n-ólfaidís uisce a raibh baint ag na Dalit leis. Más é seo an tslí inar caitheadh leo nuair ba mhó a ngátar, is féidir talamh slán a dhéanamh de nach maith an bhail a thugtar orthu agus riachtanais bheatha nach bhfuil chomh bunúsach le huisce á n-éileamh acu.

Mionlach líonmhar

Nuair a chloistear an focal mionlach is gnách smaoineamh ar mhuintir Ogiek na Céinia is na Tansáine arb ann do 40,000 díobh, nó ar mhuintir Ogoni na Nigéire a bhfuil tuairim is leathmhilliún díobh ann, nó fiú ar Choirdínigh na Tuirce a bhfuil suas le 25 milliún díobh ann dar le tuairimí áirithe.

Ach i gcás Dalit na hIndia tá breis is 160 milliún duine i gceist. Sin daonra na hÉireann, móide daonra na hÍsiltíre, móide daonra na Fraince, móide daonra na Gearmáine. Is deacair glacadh leis gur mionlach é grúpa atá chomh líonmhar sin, ach is é sin díreach atá i gceist leis na Dalit san India, tír a bhfuil breis is billiún duine beo inti, agus is mionlach iad na Dalit a bhfuil an chos ar bolg is an cur faoi chois is measa amuigh á fhulaingt acu le sinsearacht.

Leatrom leitheadach le fada

Is é is brí le Dalit ná ‘brúite’, nó ‘meilte’, ach tá an téarma sin glactha chucu féin ag an aos seachanta agus samhlaítear an focal anois le hiarracht ar iompú chun feabhais, le gluaiseacht ar son an athraithe. Ach dá mhéad an gá le hathrú is ea is faide siar a shíneann an íde a thugtar do na Dalit.

Tá corás na sainaicmí bunaithe ar fhealsúnacht an Manusmriti [nó Reacht Manach], téacs Hiondúch naofa ón dara haois roimh Chríost. Fiú sna laethanta sin, bhí cosc ar an aos seachanta páirt a ghlacadh i saol sóisialta is creidmhach an phobail. Ní raibh cead acu dul isteach i dteach na scoile ná i dteampall. Is é a bhí mar chúram orthu ná obair thruaillitheach cosúil le marú beithíoch is diúscairt dramhaíola.

Agus an ghluaiseacht ar son neamhspleáchas na hIndia ar bun sa 20ú haois, tháinig dhá mhodh chun cinn a raibh sé mar aidhm acu scéal riabhach an aosa sheachanta a fheabhsú. Dar le Mahatma Gandhi go mba cheart deireadh a chur le cóir tháireach na Dalit, ach san am céanna gnéithe áirithe den chóras sainaicmí a choimeád. Ba é tuairim B. R. Ambedkar, ar dhuine den aos seachanta é féin, go gcaithfí córas na sainaicmí a scrios chun deireadh a chur le stádas seachanta na nDalit.

Níl deireadh curtha leis an gcóras sainaicmí go fóill ach sa bhunreacht a achtaíodh i 1950 i ndiaidh don India neamhspleáchas a bhaint amach, ní hamháin gur cuireadh ar ceal stádas an aosa sheachanta ó thaobh an dlí de, ach maidir le fostaíocht, oideachas is ionadaíocht toghcháin, tugadh an t-idirdhealú dearfach isteach. Ní go rómhaith a d’éirigh leis an idirdhealú dearfach go fóíll, áfach, agus tá cúiseanna éagsúla leis seo atá fite fuaite ina chéile. I mbeagán focal, níl suim ag lucht cliarlathais na sainaicmí uachtair sa cheartas sóisialta sa mhéid is go mbaineann sé leis na Dalit. Ní chuirtear an dlí sa réimse seo i bhfeidhm agus ní leor an spéis atá ag an rialtas láir ná ag rialtas na stát chun dul i ngleic leis an bhfadhb.

Tiarnaí Talún agus Úsairí

Fágann sé seo gurb iad na Dalit fós an dream beagdheise is mó i sochaí na hIndia. Is ag an nócha faoin gcéad díobh a bhfuil cónaí orthu i gceantair tuaithe atá an scéal is measa. Is feirmeoirí imeallacha nó saothraithe gan talamh a bhformhór. Tá roinnt mhaith díobh i bhfiacha is bíonn orthu na fiacha a íoc trí obair mar lucht saothair faoi bhanna, in ainneoin gur cleachtas é seo a cuireadh ar neamhní i 1976. Is é atá i gceist le saothar faoi bhanna ná go bhfaightear iasacht ó thiarna talún, nó úsaire, is oibrítear ar son an duine sin go dtí go n-aisíoctar an iasacht. Ach bíonn rátaí úis ard agus is minic nach leor an t-aon iasacht amháin mar gheall ar an mbochtaineacht. Ina fhianaise sin, ní hionadh go leanann fiacha is saothar faoi bhanna ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile.

Má chuirtear in aghaidh an chórais éagóraigh seo, imrítear foréigean ar na Dalit ceannairceacha. Is é an forneart an freagra a thugar ar Dalit a théann isteach i saotharchumainn nó a dhéanann dul chun cinn i gcúrsaí oideachais is geilleagair.

Léaró Dóchais: Mayawati

Ní dubh duairc ar fad atá scéal an mhionlaigh líonmhair seo, áfach. In Uttar Pradesh, an stát is mó san India, tá an-dul chun cinn déanta ag an Bahujan Samaj Party (BSP). Is é an BSP atá i gcumhacht in Uttar Pradesh ó 2007 agus é mar aidhm ag an bpáirtí, dar leis an gceannaire conspóideach Mayawati, dul i ngleic le hanró is anás na nDalit.

Ní fios nach gcuirfear an cuspóir seo i gcrích. Tá an chuma ar an scéal nach bhfuil drochshaol daite do gach aon neach ar Dalit é. Is amhlaidh gur duine dá n-uimhir é an Príomh-Bhreitheamh reatha, díreach mar a bhí deichiú Príomh-Aire na tíre. Dealraíonn sé go n-éiríonn le Dalit sna cathracha a slí féin a dhéanamh sna gairmeacha éagsúla.

Ach i gceantar tuaithe atá formhór mór na Dalit, ar ndóigh, agus is ar son na ndaoine mí-áidh sin is cóir do leithéidí BSP a ndícheall a dhéanamh. Buntáiste mór amháin é líon an mhionlaigh seo. Is deacair neamhaird a thabhairt ar éilimh atá á ndéanamh ag breis is 160 milliún duine.

Naisc: http://en.wikipedia.org/wiki/Dalithttp://en.wikipedia.org/wiki/Manusm%E1%B9%9Btihttp://en.wikipedia.org/wiki/Smritihttp://www.hindubooks.org/manusmriti.pdf

Mayawati

http://www.youtube.com/watch?v=s7Bv9UynD8&feature=relatedhttp://upgov.nic.in/upinfo/cmprofileblue%20latest.htm http://www.youtube.com/watch?v=zO6L2UGZyE&feature=related http://www.youtube.com/watch?v=-IzpWzepMLohttp://en.wikipedia.org/wiki/Mayawati

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.