AR NA SAOLTA SEO
Múinteoir TEFL sa Spáinn
Ross Ó Briain Ross Ó Briain Ross Ó Briain

tairbhe áirithe le baint as an imirce má roghnaíonn tú ionad oibre spéisiúil duit féin, dar le Ross Ó Briain. Ní bhfaighidh tú bás den ocras agus b’fhéidir go sloigfidh tú teanga sa bhreis thar lear freisin.

Íomhá
An t-údar i mbun teagaisc i gCórdoba
Íomhá
Clapsholas i gCathair Chórdoba
Íomhá
Ar an mbóthar go Timbeactú, Kidal, traslitrithe ar dheis
(le Alicroche ar Flickr)
Íomhá
Droichead na Rómhánach, Córdoba
(le James Gordon ar Vicipéid)

Cúig bliana caite ar an ollscoil agus an ghéarchéim gheilleagrach ag dul in olcas lá i ndiaidh lae. Céard a dhéanfainn i ndiaidh na céime? Thuig mé go sciobtha nach raibh mórán deiseanna ar fáil do chéimithe na Nua-Gaeilge agus an Bhéarla in Éirinn, ach mar a tharlaíonn sé, tá an-éileamh ar scileanna teanga in áiteanna eile ar domhan.

Chuala mé trácht ar theastas TEFL nó teastas i múineadh an Bhéarla mar theanga iasachta, ach bhí amhras orm ina leith ar dtús. An raibh mé ag iarraidh cur le tionchar an Bhéarla mar cheann de phríomhtheangacha an domhain mhóir? I ndáiríre, ní raibh an dara rogha agam, agus laistigh de mhí amháin den cháilíocht a bhaint amach bhí post mar mhúinteoir faighte agam i gcathair bheag, álainn i ndeisceart na Spáinne - Córdoba - croílár chultúr na Spáinne agus na hAndalúise. Thug mé aghaidh ar an Spáinn gan fiú is focal amháin Spáinnise a bheith ar eolas agamseachas hola agus gracias, ar ndóigh. Ba bheag nár thit mé i laige nuair a fuair mé amach gurb é an focal atá ann do bheoir ná cerveza! Cé nach raibh mé i bhfad ón mbaile, an bhféadfainn maireachtáil san áit choimthíoch seo ar feadh bliana, i ndáiríre?

Cur i bhFeidhm na dTeoiricí

Go teoiriciúil agus TEFL déanta agat, tá tú ceaptha a bheith in ann an Béarla a mhúineadh in áit ar bith ar domhan, ón mBablóin go Timbeactú! Déantar na ranganna a theagasc d’eachtrannaigh sa sprioctheanga amháin, is cuma cén leibhéal teanga atá acu sa teanga sin. Moltar gan teanga na tíre ina bhfuil tú a labhairt sa seomra ranga ar chor ar bith. Ar an gcaoi seo, is dócha go gcuirtear brú ar na daltaí a bheith ar an airdeall an t-am ar fad nuair a bhíos an rang ar siúl. Más múinteoir TEFL thú, is maith an rud é má tá bua na haisteoireachta agat – bheadh sé ina chúnamh mór duit! Chomh maith leis sin, úsáideann tú íomhánna, comharthaí láimhe agus foinse ar bith eile atá ar fáil chun do theachtaireacht a chur in iúl do na daltaí. De ghnáth, bíonn neart siamsa ann freisin! Céard faoi na dúshláin a bhaineann le bheith ar an gcoigrích, áfach? Téann mórán Éireannach agus Sasanach bliain i ndiaidh bliana ar laethanta saoire chun na Spáinne – an ghrian ag spalpadh anuas orthu agus iad ina luí ar na tránna áille, deochanna a cheannaigh siad ar leath an phraghais a bheadh orthu sa bhaile ina nglaic acu, sona sásta ar feadh coicíse agus tuige nach mbeadh? Ach sin iad na hionaid saoire, ceann scríbe na dturasóirí. Scéal iomlán éagsúil atá ann do dhaoine atá ina gcónaí ann ó thús go deireadh na bliana.

Scuainí na Réchúise

Sa chathair ina raibh mé, ní labhraítear mórán Béarla...ná Gaeilge! Ar bhealach, rud dearfach a bhí ann toisc gur chuir sé iachall orm an Spáinnis a fhoglaim. Bhí roinnt deacrachtaí eile agam, áfach. Mar shampla, ní féidir cuntas bainc a oscailt gan seoladh a bheith agat, ach ní féidir árasán a fháil ar cíos murar féidir a thaispeáint go bhfuil cuntas bainc agat chun an cíos a íoc! Anuas air sin, tá sé an-deacair guthán póca a cheannach gan seoladh a bheith agat, ach níl tú in ann cuntas bainc a oscailt gan uimhir ghutháin a bheith agat. Fáinne fí atá ann! Tá siad an-dian maidir le guthán a cheannach, mar de réir dealraimh, rinneadh an t-ionsaí sceimhlitheoireachta i Maidrid sa bhliain 2004 a chomhordú le gutháin phóca. Ní mór duit cóip do chlóicheada a sholáthar le guthán a cheannach.

Ní théann daoine i scuaine in áit ar bith ach oiread. Fiú ag uathmheaisín bainc, bíonn ort ‘¿Quién es el/la último/a?’ (‘Cé hé/hí an duine deireanach?’) a fhiafraí den scata daoine, agus téann tú i ndiaidh an té a fhreagraíonn an cheist! Cinnte, tá nósanna deasa ann chomh maith. Go minic, faigheann tú bia saor in aisce nuair a cheannaíonn tú deoch. D’fhéadfá do dhinnéar a ithe ar ag an gcaoi seo gach lá más maith leat, ach seans maith go mbeifeá ar leathchluais ag an deireadh!

Measaim féin go ndírítear ar ghnéithe diúltacha na heisimirce go rómhinic sna meáin, um Nollaig ach go háirithe - gur sinneglúin na heisimirce’, imirce daoine oilte, briseadh croí máithreacha na tíre a fágtar inár ndiaidh srl. Ag an am céanna, áfach, tugann an diabhal géarchéime in Éirinn deis taistil dúinn mar cuireann sí iachall orainn dul thar lear ar thóir na hoibre agus an deis chun aithne a chur ar chultúr iomlán éagsúil lenár gcultúr féin. Is rud iontach é sin dar liom. Is minic ráite é, ní bhíonn néal gan ghealán.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is aistritheoir Gaeilge faoi oiliúint é Ross i gComhairle an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil faoi láthair. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.