GNÓ AGUS TEICNEOLAÍOCHT
Mol an óige agus tiocfaidh sí
Emer Ní Bhrádaigh Emer Ní Bhrádaigh Emer Ní Bhrádaigh

Aréir bhíos ag léamh leabhair a foilsíodh sna 1960í faoi choincheap an chaipitil dhaonna agus b’ionadh liom an dul chun cinn atá déanta againn mar shochaí ach b’ionadh liom níos mó an easpa dul chun cinn ar bhealaí eile.

Íomhá

Dhein Gary Becker taighde ar an infheistíocht a deineadh in oideachas meánscoile agus ollscoile i Stáit Aontaithe Mheiriceá sa chéad leath den fhichiú haois. Eacnamaí ab ea é agus thaispeáin sé go raibh infheistíocht ní ba mhó á déanamh ag fir bhána ina n-oideachas tré fhreastal ar na hollscoileanna ab fhearr. B’acmhainn leo é sin a dhéanamh, ach an rud ba shuimiúla dom ná go raibh an toradh ar an infheistíocht níb airde ag na fir chéanna nuair a chuir sé iad i gcomparáid le “mionlaigh” eile - mná, daoine neamhbhána agus “dropouts” nár chríochnaigh a gcúrsaí ollscoile.

Is é sin, dá mhéad oideachas a bhíonn ag duine, is airde a bheidh tuarastal an duine sin thar a s(h)aol. Chuir sé na “mionlaigh” éagsúla i gcomparáid le fir bhána leis an leibhéal céanna oideachais agus fós bhí ioncam níb airde acu.

Bhí sé ait leabhar a léamh a d’úsáid focail ar nós “Negros”, agus “non-whites”, agus léamh go raibh taighdeoirí áirithe den tuairim go ndéanann cuid de na mná infheistíocht ina n-oideachas le deis níos fearr a thabhairt dóibh bualadh le fear céile le hoideachas maith, fear a bheadh saibhir amach anseo! Ní haon scéal nua a bhí ann dom go raibh ioncam na bhfear bán ardaithe níos mó ná ioncam na “mionlach” eile.

Traenáil agus oideachas

Thaispeáin Becker freisin gur fiú do chomhlachtaí infheistíocht a dhéanamh i dtraenáil agus in oideachas a bhfostaithe, agus is fíor go bhfuil foghlaim fhadsaoil ag fás mar choincheap inghlactha anois. Níl céimithe na linne seo ag lorg postanna a bhfanfaidh siad iontu ar feadh 35-40 bliain sula dtéann siad ar pinsean. Níl an tsocracht sin chomh tábhachtach is atá post suimiúil a thabharfaidh seans dóibh forbairt agus bláthú.

Tuigeann na comhlachtaí rathúla an tábhacht a bhaineann le traenáil agus atraenáil mar go bhfeiceann siad toradh na hinfheistíochta. Táimid anois i sochaí ina bhfuil eolas níos tábhachtaí ná láidreacht fhisiciúil, agus forbraíonn eolas le hoideachas. Tá an taoide eacnamúil ag casadh le cúpla mí anuas agus is anois atá ár spleáchas ar Stáit Aontaithe Mheiriceá ag teacht chun solais. Is anois a fheicimid an difríocht idir na hoibrithe neamh- nó leathoilte agus iad siúd le hardoideachas atá ag obair i rannóga taighde agus forbartha na gcomhlachtaí ilnáisiúnta. Is anois a fheicimid an tábhacht a bhaineann le hinfheistíocht in oideachas.

Níl an saol athraithe mórán ó bhí Becker ag scríobh nuair a fheicimid an toradh a bhí ar chás Jamie Sinnott. Dá ndéanfadh an stát infheistíocht níos mó i bpáistí míchumasacha agus iad óg, ní bheadh costas chomh ard sin i gceist nuair a d’fhásfadh siad suas. Gan trácht ar mhoráltacht, cearta daonna, comhionannas nó an tsochaí i gcoitinne, ar bhonn eacnamúil amháin b’fhiú an infheistíocht a dhéanamh go luath seachas go mall. Tá tuiscint níos fearr againn anois gur féidir cabhrú le gach duine a phoitéinseal is fearr a bhaint amach, na daoine míchumasacha san áireamh. Ní carthannacht atá i gceist a thuilleadh ach cearta agus comhionannas.

Thaispeáin Becker freisin go raibh infheistíocht níos mó á déanamh sna daoine le hardchumas, agus is cosúil go bhfuil an dearcadh sin fós ann na laethanta seo. Táim ar bhord bainistíochta m’iar-bhunscoile agus uaireanta cuireann sé ionadh orm an seantrealamh a fheiceáil agus na boird agus cathaoireacha a bhí ann le mo linnse fós ann. Cuireann an príomhoide i gcuimhne dom go bhfuil an scoil go maith as, i gcomparáid le go leor de na bunscoileanna agus is fíor dó. Agus ansin fillim ar m’oifig bhreá leis an trealamh is fearr ar an gcampas. Plus ça change...

Tá Emer Ní Bhrádaigh ag obair mar léachtóir le Fiontraíocht le Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU). Tá BSc in Airgeadas, Ríomhaireacht agus Fiontraíocht, agus MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais á rith ag Fiontar.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.