AR NA SAOLTA SEO
Moilleadóireacht an DUP
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Tá an DUP ag úsáid leithscéal na coiriúlachta chun nach gá dóibh suí síos i Stormont le Sinn Féin agus, dar le Robert McMillen, tá na meáin chumarsáide ó thuaidh agus ó dheas ag foilsiú scéalta atá ag cuidiú leis an pháirtí aontachtach leanstan orthu leis an mhoilleadóireacht.

Íomhá
Íomhá

Labhair Séamus Heaney fán uair “when hope and history rhymed.” Ar an drochuair, níl rím idir spriocam Beo! agus foilsiú thuarascáil an Choimisiúin Neamhspleách Faireacháin (nó an IMC) – tá cúpla uair an chloig sa bhearna, ach away liom.

Fríd ceann de na teileascóip sin a fheiceann tú cois na farraige a amharcann muid ar ghníomhaíocht pharaimíleatach anseo ó thuaidh.

Tá na teileascóip sin iontach maith ag díriú ar rudaí nach bhfeiceann muid ach go doiléir, ach ní thaispeánann siad an pictiúr iomlán.

Leoga, an teileascóp a úsáideann na páirtithe aontachtacha agus Rialtas na Breataine - agus Rialtas na hÉireann in amanna – ní fheiceann sé ach radharc amháin – an choiriúlacht phoblachtánach.

Glac an smuigleáil, mar shampla. Is iomaí duine a bhfuil cuimhne aige ar an smuigleáil a chuaigh ar aghaidh le linn an Dara Cogadh Domhanda trasna na teorann. Níl mé ag rá gurb ionann an cineál sin “coiriúlachta” agus a bhfuil ag titim amach i measc na bparaimíleatach, ach tá mé á lua mar chomhartha nár thosaigh an smuigleáil leis na Provies.

“IRA fuel laundering is dominating the Northern Ireland economy to such an extent that three retail giants have been forced to pull out of petrol station forecourts,” a d’inis an Belfast Newsletter dúinn.

Tá an IRA níos cumhachtaícomhlachtaí idirnáisiunta! Tá siad ag reáchtáil gheilleagar na Sé Chontae! Deargáibhéil atá anseo, ar ndóigh, ar chúinsí polaitiúla. Tá plé iontach suimiúil ar siúl mar gheall ar an smuigleáil ar leathanaigh Slugger O’Toole (www.sluggerotoole.com) ar an idirlíon ina bhfuil an ráiteas is fearr dar léigh mé le fada.

“Smuggling is the market’s way of telling a state that it is overcharging,” a scríobh “Henry94”.

Mura mbeadh difear idir praghas na hola ó dheas agus an praghas ó thuaidh, ní bheadh smuigleáil ar bith ann.

Scríobh duine eile go bhfuil na comhlachtaí móra ag tarraingt amach as garáistí i Sasana ar an ábhar go bhfuil an brabús róbheag. Ach tá an iomaíocht ó na hollmhargaí, Tescos mar shampla, atá ag díol peitril i bhfad níos saoire ná na gnáthstáisiúin pheitril, ag cur brú ar na comhlachtaí móra peitril. Fórsaí geilleagracha atá i gceist anseo.

Ruathar

Inniu ar an nuacht, ar an lá ar a fhoilseofar tuarascáil an IMC, bhí dhá mhír ar BBC Raidió Uladh (sic) a bhain le coiriúlacht.

Bhí ruathar ag na Gardaí ó dheas ar 20 gnólacht a bhain le “sciúradh airgid”. Maíonn siad go bhfuil baint ag grúpaí poblachtánacha leis an choiriúlacht seo. Cúpla bomaite i ndiaidh na tuairisce seo, rinneadh tagairt do bheirt “alleged” smuigleálaithe i ndeisceart Ard Mhacha atá an ARA (Assets Recovery Agency) a fhiosrú. An comhtharlúint é go bhfuil na scéalta seo sa nuacht ar lá foilsithe thuarascáil an IMC?

Níl mé ag rá, dar ndóigh, nach ann don smuigleáil phoblachtánach ach is cuid de cheist chasta í.

Shílfeá go raibh Sinn Féin i mbun an Státchiste anseo, tá foláirimh agus tairngreachtaí an DUP chomh tréan sin.

Bailiú faisnéise. Cad é atá ann? Tuilleadh fianaise go bhfuil an IRA réidh le pilleadh ar an fhoréigean lá ar bith anois, dar leis an DUP.

Táthar ag déanamh a mhór d’alt a bhí san Irish Times an tseachtain seo. Bhain mé abairt amháin amach as an alt sin mar léiriú ar na scáthanna atá a gcaitheamh nuair is gá an solas.

*"There is evidence of intelligence-gathering and the feeling is *that this *could *not happen without the knowledge of the IRA leadership,” a dúirt foinse rúnda an pháipéir. (Is mise a chuir cló Iodálach ar na focail san abairt.)

Cad é an fhianaise? An bhfuair siad an fhianaise ó spíodóir poblachtánach atá ag gníomhú ar son na Breataine?

“The feeling is” – cad é an chiall atá leis sin? Cé a mhothaíonn é? “Could” – aimsir chomh héiginnte is atá ar fáil sa Bhéarla.

Cén sort faisnéise atá poblachtánaigh ag bailiú? An raibh Denis Donaldson i mbun “intelligence gathering” do Rialtas na Breataine? Cén difear idir spíodóireacht phoblachtánach agus spíodóireacht Rialtas na Breataine?

Tá an DUP ag baint úsáide as leathfhírinní le bac a chur ar an lá – a thiocfas ina n-ainneoin, luath nó mall – nuair a chaithfidh siad suí síos i Stormont le Sinn Féin. Ó thaobh na bPoblachtánach de, is cuma leo fán mhoill. Tá siadsan ag fanacht le go bhfeicfidh siad an reachtaíocht atá á hullmhú ag rialtas Blair maidir le cúrsaí póilíneachta, a bheihd ar fáil an mhí seo chugainn.

Má fhaigheann siad a bhfuil uathu – nó gar dó – beidh ceannaireacht Shinn Féin sásta ansin glacadh leis an chóras úr póilíneachta, agus scaoilfear glas eile ar dhoirse dúnta Stormont.

Mura bhfaigheann siad é … zzzzzzzz.

Is iriseoir leis an *Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.