CÚINNE NA nEALAÍON
Modh riachtanach cumarsáide
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Mhínigh an péintéir Eamonn McAteer as Doire do Chiara Nic Gabhann cad é an cuspóir a bhíonn aige agus é ag dul i mbun na péintéireachta.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
An bád farantóireachta a raibh cuid de shaothar Eamonn McAteer le feiceáil air.

Mothaíonn an a mbíonn an deis aige amharc thart ar stiúideo an phéintéara Eamonn McAteer go bhfuil ag fáil spléachaidh ar intinn duine atá mothálach agus machnamhach.

Nuair a fhéachann thart ar a theach, atá suite i lár chathair Dhoire, chíonn saothar a dhéanann cur síos ar a shaol ar bhealach atá pearsanta agus macánta.

Rugadh agus tógadh McAteer i nDoire agus ag péinteáil leis le breis is cúig bliana is fiche. Mar a bheifeá ag súil, rian fágtha ag na Trioblóidí ar chuid shaothar. sin fíor faoina shaothar luath, ach taobh amuigh de sin, is eachtraí, cuimhní, áiteanna ar thug cuairt orthu agus a chuaigh i bhfeidhm air rudaí atá le feiceáil thart air a bhfuil luach speisialta acu a bhíonn le feiceáil mar ábhar ina chuid oibre.

Fuair a chuid oiliúna sa Slade School of Fine Art i Londain agus dúradh ag an am go raibh ar dhuine de na healaíontóirí ab fhearr a tháinig amach as an scoil sin.

Úsáideann stíl theibí den chuid. Nuair a labhair leis le gairid rinne comparáid idir an ceol agus an phéintéireacht agus é ag iarraidh cur síos a dhéanamh ar a shaothar féin.

Cosúil leis an cheol, corruair thig leat brí amháin a bhaint as pictiúr i gcónaí mar gur rud céadfaíoch atá i gceist. Cuir i gcás go bhfuil ag iarraidh cur síos a dhéanamh ar mhóimint neamhbhuan a fhágann rian ort. Gan amhras is rud fíordheacair é greim a fháil go fisiciúil ar rud atá doláimhsithe mar sin; an cóir é a mhíniú é a fhágáil oscailte?”

Úsáideann McAteer focail marionracasagusspioradáltachtagus frásaí marag déanamh teagmhála leis an tobar a luíonn taobh istigh dínnagus é ag caint faoin phróiseas cruthaitheach. In ainneoin go gcreideann gur cóir ligean do dhaoine teagmháil a dhéanamh lena chuid pictiúr ina mbealach féin, tugann na teidil leideanna dúinn faoi cad é bhí ina intinn féin nuair a bhí na pictiúir á gcruthú aige, leideanna ar nós Memories of the moss as seen from a sun holiday View from a beach hole (animal view of beach).

Is múinteoir ealaíne agus athair clainne é Eamonn. Nuair a d’fhiafraigh faoi chúrsaí ama, dúirt nach bhféadfadh a shaol a shamhlú gan an phéintéireacht. Modh riachtanach cumarsáide atá ann .

daoine eolach go maith ar shaothar Eamonn McAteer in iarthuaisceart na hÉireann agus le déanaí bhí roinnt chuid pictiúr le feiceáil i gcuideachta shaothar Brian Scampton agus Patrick Bradley i dtaispeántas neamhghnách ar bord an Toucan One, bád farantóireachta a bhíonn ag taisteal ar an Fheabhal idir Doire agus an Caisleán Nua in Inis Eoghain. Táthar ag súil go mbeidh tuilleadh taispéantas mar seo ann amach anseo agus go mbeidh tuilleadh deiseanna ag an phobal ealaín scóipiúil neamhghnách mar seo a fheiceáil.

roinnt de chuid pictiúr McAteer le feiceáil sa Westend Gallery chomh maith, dánlann atá suite cúpla slat ó stiúideo an ealaíontóra; leanfaidh an taispeántas sin ar aghaidh go dtí deireadh an tsamhraidh.

Focal scoir ó Éamonn féin: dúirt liom agus muid ag druidim le deireadh ár gcomhrá gur rud thar a bheith speisialta a bhí ann a bheith ábalta daoine eile a spreagadh mothúcháin a mhúscailt iontu i ndiaidh dóibh a bheith ag amharc ar a shaothar. “Fiú mura n-éiríonn liom teagmháil a dhéanamh ach le duine amháin, is fiú é.”

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.