CÚINNE NA nEALAÍON
Mo Ghrá Thú, a Limey
John Paul McCarthy John Paul McCarthy

Bhí John-Paul Mc Carthy ag póirseáil trí leabhar Dhónaill Mhic Amhlaigh, Dialann Deoraí, le blaiseadh de shaol na seanimirce as Éirinn ó dhuine a d’fhág cuntas foirfe ina dhiaidh.

Íomhá
Íomhá Dhónaill ar chlúdach an leabhair, an Clóchomhar Teo. a d'fhoilsigh
Íomhá
Dónall Mac Amhlaigh
(le Saoirse 89)
Íomhá
Tigín 'Navvy' i Sasana
(le John Sutton ar Vicipéid)
Íomhá
An leabhar, Dialann Deoraí
Íomhá
An Irish Navvy

Cé go mbaineann leabhar corraitheach Dhónaill Mhic Amhlaigh, Dialann Deoraí, go hoifigiúil le téamaí bunúsacha uilíocha - pá, ocras laethúil, cairdeas, uaigneas agus dóchas- d’éirigh leis téamaí níos teibí fós a iniúchadh freisin. Agus é ag labhairt fén Welfare State dar ghearr Rialtas Atlee as an gcloch idir 1945-51, mar aon leis na gearáin chantalacha Chaitliceacha a dhéantaí ina leith, scríobh sé:

Is é mo bharúil féin gur túisce a ghéillfeadh muidne in Éirinn, bíodh is gur Caitlicigh muid, do chóras deachtóireachta ach go dtiocfaidh sé uainn féin ón taobh istigh.”

B’shin croílár leabhair tábhachtaigh Tom Garvin cúpla bliain ó shin, Preventing the future: why was Ireland so poor for so long? (2004), leabhar a rinne cur síos ar na laigeachtaí cultúrtha agus intleachtúla inmheánacha a chuireadh bac roimh an bhforbairt náisiúnta. Ní foláir nó gur éirigh le Mac Amhlaigh príomhcheachtanna Gharvin agus Hubert Butler fiú a mhúineadh i líne ghonta amháin. Tugann an dialann seo dar scríobhadh i Northhampton sna caogaidí droim láimhe dos na fir léinn sin a deir go bhfuil uaisleacht mhórálta de shaghas éigin ag baint leis an mbochtanas saolta, bochtanas a sheasann mar sciath ós comhair chathú agus thruailliú na gcathracha nua-aimseartha. Ní ghineann an bochtanas polaitíocht radacach rómánsúil dar leis an ndialann seo; gineann an bochtanas sceimhle agus náire. Nuair a chaith Mac Amhlaigh seal ag obair in otharlann, rinne sé cur síos ar imeagla na n-imirceach Éireannach agus iad ag plé le dochtúirí is altraí.

Ar Maos in Umhlaíocht

Mhínigh sé an fhadhb seo do dhochtúir Breatnach amháin agus dúirt go gceapann Éireannaigh a théann fé bhráid na ndochtúirí gurb ionann an triail sin is a “mar a ghabhfá isteach ós comhair maithe móire nó tiarna talún fadó, ar crith agus go humhal.” Faigheann daoine bás de dheascaibh na heagla in úrscéalta na bpáistí, ach tugann an dialann seo le fios don ghlúin nua go dtarlaíodh tragóidí cosúil le sin go minic níos lú ná caoga bliain ó shin. Ba ghéire an iomaíocht ag bun an chairn ná an iomaíocht náisiúnta idir na Gaeil a théadh ar imirce agus a gcuid fostóirí Sasanacha. “I see you’re as thick as the rest of McAlpine’s ganger-men”, a dúirt sé le Éireannach amháin a thainig salach air ó thaobh poist éigin. “Is it an X you put down when you sign for the sub?”

In alt amháin, déanann Mac Amhlaigh cur síos ar na mothúcháin casta a ghintear i gcroíthe na n-imirceach agus iad ag déanamh iarrachta saol a chruthú dóibh féin tar éis dá gcomhphobal dúchasach cliseadh orthu go leanúnach. Bhuail sé lá amháin le gasúr nuathagtha as Bleá Cliath agus é “ag cur síos os comhair na Sasanach ar cé chomh gann is a bhí obair in Éirinn, agus ar an mbochtanas. Bhí fonn orm é a bhualadh sa smut, ach bhí a fhios agam dá ndéanainn go n-aithneodh an dream eile gurbh fhíor dhó é. Thosaigh mé ansin ag bréagnú an méid a bhí sé tar éis a rá... Dar ndóigh, tá a fhios ag an saol gur easpa slí bheatha is ciontach le muid a bheith ag teacht anall anseo, níl ach díth céille a bheith á shéanadh, ach is inmholta an rud ina dhiaidh sin leads a fheiceáil ag seasamh dá dtír féin, fiú nuair nach bhfuil áit ina dtír féin dóibh.”

Cothú an Mhisnigh

Agus an t-alt macánta seo á dhíleá, is furaist claonadh Mhic Amhlaigh i dtreo an tsóisialachais agus an chumannachais a thuiscint. Chothódh an cumannachas misneach i measc na n-imirceach chun go bhféadfaidís ponc sóisialta na hÉireann a cháineadh, agus thugadh an meon aigne sin foclóir eile dóibh ag an am céanna chun impriúlachas agus ciníochas na Breataine a cháineadh freisin. B’shin an “dialecticcáiliúil sin ag lucht Mharx, an cumas dhá smaoineamh ar leith a choimeád sa chloigeann daonna gan fadbh. Cuireann an dialann seo leabhair ilghnéitheacha i gcuimhe dúinn cinnte, leabhair cosúil le A Thig Ná Tit Orm de chuid Mhaidhc Dainín Uí Shé, nó litreacha Mháirtín Uí Chaidhin, As an nGéibheann.

Ach is féidir guth eile a aithint, guth cáiliúil Breatanach ó ré Victoria a chaith an-chuid ama in Éirinn, guth a rinne achoimriú ealaíonta ar mhothúcháin bhunúsacha Mhic Amhlaigh agus é ag féachaint siar i dtreo a mhuintire: “It is home. Far round the earth as their life callings may have scattered men, here is their treasure, for here their heart has been. They have gone away to live; they come home to die, to lay their dust in their fathers’ sepulchre, and resign their consciousness in the same spot where first it broke into being...whatever be the cause-like those cunning Indian weapons which, projected from the hand, fly up their long arc into the air, yet, when their force is spent, glide back to the spot from which they were flung - the spent life travellers carry back their bodies to the old starting point of home.” [J.A. Froude, The nemesis of faith, 1849].

MAIDIR LEIS AN ÚDAR
  • Is scríbhneoir staire ó chathair Chorcaí John-Paul McCarthy.
RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.