THALL IS ABHUS
Mná na Fraince
P.J. Mac Gabhann P.J. Mac Gabhann

Is mór ag lucht margaíochta na linne seo íomhá na mná ar chlúdach tosaigh irise, ar sliobarna amach ar mhullach an chairr ar díol, nó í ar an fhógra teilifíse. Ghlac roinnt de thíortha móra an domhain le híomhá an athar dá fatherland, ach ghlac roinnt eile againn lenár gCáit Ní Dhuibhir de bhandia an fhlaithis, nó lenár Medb mheisce. Ghlac comharsa mhór amháin ar mhór-roinn na hEorpa leis an íomhá bhaineann, agus tharraing sí aird PJ Mac Gabhann uirthi féin lena scéal a iniúchadh.

Íomhá
Marianne, comhartha na Saoirse agus na Gaoise, comhartha na Fraince
Íomhá
Saoirse í féin ag stiúradh an phobail
Íomhá
Brigitte Bardot, cara na míolta
Íomhá
Betancourt ag caint le Bono, 12-12-08
Íomhá
Betancourt ag lárionad na Náisiún Aontaithe
Íomhá
Simone Veil na linne seo
Íomhá
Christine Lagarde, Aire Airgeadais na Fraince

Ar na siombailí éagsúla lena samhlaítear an phoblacht sa Fhrainc, is í an Marianne an tsiombail is coitianta b’fhéidir. Feictear í ar stampaí La Poste agus ar roinnt de bhoinn airgid euro na tíre. Is í an Marianne agus í mar chuid de bhratach na Fraince lógó an rialtais.

Is tar éis na réabhlóide in 1789, nuair nach raibh fáilte a thuilleadh roimh rud ar bith a bhain leis an monarcacht ná leis an eaglais, gur tosaíodh ar an Marianne a úsáid chun luachanna an náisiúin - ‘liberté, égalité, fraternité’ - a léiriú. Bhí an dá íomhá den Marianne ann: an banlaoch óg misniúil a shamhlaítear leis an réabhlóid agus a fheictear sa saothar ealaíne ‘La liberté guidant le peuple’ (Eugène Delacroix, 1830); nó an bhean atá níos staidéartha a bhíonn ar taispeáint i dtithe cúirte agus i

hallaí cathrach na tíre a léiríonn ciall agus ceart.

Ar ndóigh is traidisiún é a théann fada siar in Éirinn chomh maith an náisiún a shamhlú mar bhean. Tá an traidisiún seo le feiceáil i réimse na haislinge nuair a shamhlaíonn an file gur bean óg í Éire atá ag iarraidh an pobal a mhúscailt le cur in aghaidh an chos ar bolg. Seasann an bhean leis an ngnáthdhuine. Tugann sí cosaint agus cothú dó. Is é an coincheap céanna atá i gceist leis an Marianne.

Tá an nós tar éis fás sa Fhrainc le roinnt blianta anuas bean a roghnú ón phobal agus a

haghaidh a úsáid mar mhúnla chun Marianne a linne a shamhlú. Ina measc siúd a roghnaíodh roimhe seo le bheith ina Marianne, bhí leithéidí Brigitte Bardot (1968) agus Catherine Deneuve (1985). In 2000, ba í Laetitia Casta, mainicín agus aisteoir, a roghnaíodh ina Marianne don mhílaois nua. Ach d’fhág sí an Fhrainc go luath ina dhiaidh sin agus chuaigh sí chun cur fúithi i Londain, ar chúiseanna a bhain le cúrsaí cánach a dúradh ag an am. Níorbh fhada gur roghnaíodh bean eile ina háit.

Is dócha gur trom an t-ualach é stadas Marianne a bhronnadh ar bhean ar bith. Ach dá mbeadh Marianne nua le roghnú ag an bpobal ag tús 2009, ní easpa rogha a bheadh ann don duine a chaithfeadh súil siar ar 2008. Bronnadh an gradam Chevalier de la Légion d’Honneur ar Ingrid Betancourt ag searmanas in Áras an Elysée ar lá náisiúnta na Fraince i mí Iúil seo caite. ‘Is comhartha dóchais í Betancourt do mhuintir na Fraince,’ a dúirt uachtarán na tíre, Nicolas Sarkozy, fúithi agus é ag cur fáilte roimpi ar ais sa Fhrainc. Fuadaíodh Betancourt agus í i mbun toghchánaíochta sa Cholóim i mí Feabhra 2002. Cuireadh tús le feachtas pobail agus stáit sa Fhrainc chun í a fhuascailt ó lámha an FARC agus cuireadh dlús leis an bhfeachtas sin nuair a tháinig Sarkozy i gcumhacht. Cé nach Francach í, tá meas as cuimse ag muintir na Fraince ar Betancourt toisc an misneach a thaispeáin sí le linn di a bheith i ngéibheann.

Toghadh Simone Veil ina ball den Académie française ag deireadh mhí na Samhna 2008. Is iar-aire rialtais, údar, an chéad uachtarán mná ar Phairlimint na hEorpa (1979-82) í Veil agus is duine a tháinig slán ó champa báis Auschwitz ag deireadh an Dara Cogadh Domhanda í chomh maith. Glactar leis go forleathan go bhfuil a háit ar an Académie tuillte aici. Is fíor gur tháinig thart ar 100 duine le chéile ar an Pont des Arts i bPáras ar lá na vótála chun cur in aghaidh an gradam seo a bhronnadh uirthi, toisc gur ritheadh an reachtaíocht a cheadaíonn ginmhilleadh sa Fhrainc (la Loi Veil sur l’IVG) in 1974 agus í i gceannas ar an Roinn Sláinte i rialtas Giscard d’Estaing (1974-81). Ní mhaithfidh Caitlicigh dhochta an reachtaíocht seo di go deo. Ach é sin ráite, is laoch eile de chuid an phobail í.

Ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair seo caite, fuair an tSiúr Emmanuelle (née Madeleine Cinquin) bás agus í beagnach céad bliain d’aois. Agus an aois scoir sroichte aici, shocraigh sí an chuid eile dá saol a chaitheamh ag maireachtáil leis na daoine ba bhoichte i gCaireo, lucht na ngiobal nó iad siúd a mhaireann ar pé rud a fhaigheann siad ar na sráideanna. ‘Mo mhuintir féin,’ a thugadh sí orthu. Ba mhór an meas a bhí ag muintir na Fraince ar a cuid oibre agus ar an mbealach in ar éirigh léi idir pholaiteoirí agus lucht na meán cumarsáide a spreagadh chun cabhrú léi. Tá bonneagar fágtha ina diaidh aici a chinntíonn go leanfar leis an obair ar chuir sí tús léi.

D’insíodh sí go minic an scéal gur shocraigh sí lá gur cheart di a chur in iúl don phápa, Eoin Pól II a bhí ann, go raibh sí ag cur frithghinniúint ar fáil do na mná a bhí faoina cúram. Scríobh sí chuige agus thug sí an litir do chara dílis léi ag rá, ‘Déan cinnte go dtugann tú féin an litir seo dó.’ Nuair nár tháinig aon scéal ar ais ón phápa ag cur dogma na heaglaise i gcuimhne di, dúirt sí gur ghlac sí leis go raibh an pápa ar aon intinn léi maidir lena raibh ar siúl aici. Is fiú mná Francacha eile a bhain clú amach dóibh féin sa chomhthéacs idirnáisiúnta a lua chomh maith: Christine Lagarde, an tAire Airgeadais sa Fhrainc, an chéad bhean riamh ar aire airgeadais í ar thír de chuid an G8 agus Françoise Barré-Sinoussi a bhuaigh an Duais Nobel i Leigheas i mbliana, in éineacht le Luc Montagnier, as an obair a rinne siad i gcomhpháirtíocht lena chéile chun an víreas SEIF a aithint.

Fágfaidh mé an focal deiridh ag an tSiúr Emmanuelle: Céard sa deireadh é an saol muna bhfuil dúshlán ann duit, muna dtéann tú sa seans? An té nach dtógann seans riamh, is ar éigean gur féidir leis an duine sin a rá go bhfuil sé tar éis maireachtáil. Aon uair a bhí orm rogha a dhéanamh i mo shaol, chuir mé orm an cheist seo - cén dúshlán atá anseo domsa? Músclaímis ár misneach, a chairde. Tá an bhliain úr ag síneadh amach romhainn is tá coispéin coiligh ar an lá!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.