AR NA SAOLTA SEO
Mná ar Imirce
Alan Desmond Alan Desmond Alan Desmond

Is iomaí bean, roinnt milliún acu, a chaill a cearta i bhfad óna muintir ar shaol leochaileach na himirce, mar a fhuair Alan Desmond amach.

Íomhá
I mbun feachtais, mná imirce go leor díobh
(na N. Aontaithe ar Flickr)
Íomhá
Uaireanta fada agus pingneacha gearra
(na N. Aontaithe ar Flickr)
Íomhá
Na Náisiúin Aontaithe
(ar Flickr)

Tugtar imircigh idirnáisiúnta ar dhaoine a chónaíonn i dtíortha nach iad a dtíortha dúchais iad. Meastar go bhfuil tuairim is 214 milliún díobh ar dhroim na cruinne sa lá atá inniu ann, is é sin 3% de dhaonra an domhain, méadú mór ar an 150 milliún imirceach idirnáisiúnta a áiríodh sa bhliain 2000.

Ardaíonn an líon suntasach seo daoine ceisteanna tábhachtacha i réimse an gheilleagair, réimse an chomhair idirnáisiúnta agus i réimsí eile nach iad. Ach gné amháin den daonra seo a bhfuil aird á díriú uirthi le blianta beaga anuas ná gné na hinscne. Ó 1960 ar aghaidh tá an sciar den daonra imirceach idirnáisiúnta ar mná iad ag dul i méid agus meastar anois gurb ionann agus 50% den daonra sin é an cineál baineann. I gcás stát faoi leith, na hOileáin Fhilipíneacha, mar shampla, is mná iad 70% de na daoine a thréigeann an tír. Is mar gheall air seo atá trácht le cloisteáil le roinnt blianta anuas ar bhaineannú na himirce.

Cosúlachtaí

Gan amhras, is minic gurb iad na rudaí céanna a thugann ar fhir is ar mhná araon dul ar imirce. Teitheann daoine áirithe óna dtíortha dúchais mar gheall ar thubaistí nádúrtha, beag beann ar cheist na hinscne. Tréigeann daoine eile an fód dúchais de dheasca na géarleanúna a imrítear orthu mar gheall ar a gcreideamh, a dtuairimí polaitíochtaa gclaonadh gnéis. Is é is mó is cúis le daoine aghaidh a thabhairt ar an gcoigríoch, ar ndóigh, ná an easpa deiseanna dul chun cinn ina dtíortha breithe.

Téann na suáilcí is na duáilcí a bhaineann leis an imirce i gcion ar gach duine, idir fhir is mhná, ó liath go leanbh, agus is iomaí buntáiste agus míbhuntáiste a roinneann gach duine a thugann faoi thuras thar lear, pé inscne atá i gceist. Ach is cinnte go mbíonn soghontacht faoi leith ag baint le himircigh ar mná iad.

Difríochtaí

Oibríonn formhór na n-imirceach mná san earnáil neamhfhoirmiúil. Ós rud é go samhlaítear mná le hobair sa bhaile, is minic a fhaigheann siad poist i dtithe príobháideacha mar ghlantóirí nó chun aire a thabhairt do sheandaoine is leanaí. Is minic, leis, a thugtar lóistín dóibh sna tithe príobháideacha seo, rud a fhágann nach éasca deighilt shoiléir a dhéanamh idir uaireanta oibre is am saor, idir saol na hoibre is an saol pearsanta. Ciallaíonn sé sin gur minic a iarrtar orthu obair dhuaisiúil a dhéanamh gan sosanna ná saoire ceart a fháil.

Baol a bhíonn ag bagairt ó thús an phróisis imirce ar mhná ná baol an fhoréigin ghnéis. Is iomaí scéal faoi mhná á n-ionsaí ag daoine a thionlacann iad ar an turas ón tír dhúchais go dtí an tír cheann scríbe. Is iomaí tuairisc faoin bhforéigean gnéasach, agus foréigean eile, a dhéantar ar mhná a oibríonn i dtithe príobháideacha, go háirithe i stáit na Murascaille.

I gcás oibre san earnáil ghnéis agus sna tithe príobháideacha, obair a dhéanann mná den chuid is mó den am, bíonn sé deacair caighdeáin saothair a chur i gcrích mar go ndéantar an obair lastiar de dhoirse dúnta. Ciallaíonn sé sin gur faoi cheilt, leis, a tharlaíonn an íospairt, idir fhoréigean gnéasach agus choinníollacha tarcaisneacha oibre.

Má ligtear bean isteach i dtír mar bhean chéile fir atá fostaithe sa tír sin, is minic a bheidh stádas na mná ceangailte lena gaol leis an bhfear. Ciallaíonn sé sin nach mbeidh ceart ag an mbean a bheith sa tír má thagann deireadh leis an ngaol seo. Is léir go mbíonn mná sa chás seo faoi mhíbhuntáiste mór. Is minic nach dtréigfidh siad fir chéile in ainneoin mí-úsáid a bheith á fulaingt acu ar eagla go mbeidh orthu filleadh ar an tír dhúchais. Is minic, leis, i gcás na mban seo a thagann isteach i dtír mar chéile cleithiúnach fear a bhfuil víosa oibre aige, nach ligeann a stádas imirce dóibh post a fháil, is cuma cén sórt cáilíochtaí a bheadh acu. Ní hionadh, mar sin, gur fadhb í an dí-oiliúint i measc imirceach mná.

Fómhar na Soghontachta

Is dócha gurb iad mná atá i láthair i dtír gan cead na daoine is mó atá i mbaol na mí-úsáide. Bíonn drogall ar na mná seo teagmháil a bheith acu leis na húdaráis ar eagla go gcuirfí abhaile iad. Fágann sin nach annamh a dhéanann fostóirí is fir eile na mná seo a éigniú, a chur ag obair ar feadh tréimshsí fada is gan íoc leo uaireanta as an obair a dhéanann siad. Is minic a bhíonn mná atá i dtír lasmuigh den dlí gan chosaint in aghaidh gníomhartha dochosanta den saghas seo. I bhfianaise na soghontachta seo a thréithríonn saol is stádas na mban ar imirce, ní dhéanfar iontas de gurb iad mná is cailíní is mó a bhíonn mar íospartaigh ag an ngáinneáil ar dhaoine, tionscal a dtuilleann eagraíochtaí coiriúla na billiúin euro as in aghaidh na bliana. Is éasca teacht i dtír ar dhaoine bochta i bhfad ó bhaile nach mbíonn stádas daingean imirce acu, agus iad go minic aineolach ar theanga na tíre ina mbíonn siad, gan trácht ar na cearta is na teidlíochtaí atá acu. Ach dá mhéad imirceach mná ar domhan is ea is leitheadaí an éagóir a dhéantar orthu, ar máithreacha, íníonacha, deirfiúracha is mná céile iad. Ba chóir caitheamh níos fearr leo. Is mithid leas na mban seo a chur san áireamh agus dlíthe imirce á ndéanamh agus á gcur i bhfeidhm.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.