AR NA SAOLTA SEO
Mhór do Thionscal na gCarranna
Daragh Ó Tuama Daragh Ó Tuama

Pisreog na huimhreach 13 seift mhaith eile le hairgead a mhealladh amach as do phóca? Bhí a chluas bioraithe le scéal ag Daragh Ó Tuama faoi na cláruimhreacha 132 D xxx seo.

Íomhá
132, an chláruimhir úr
Íomhá
Carr fruilithe i Sráid Grafton
Íomhá
An chéad fiche

Seo muid anois i Lúnasa 2013 agus táimid i ndiaidh ceann de na míonna is tábhachtaí do thionscal na gcarranna le tamall fada a chur dínn. Ag tús na bliana tháinig athrú mór ar an mbealach ina gcláraímid carranna sa tír seo. In áit 13 D xx a bheith ar ghluaisteáin (níl saD’ sin ach sampla, ar ndóigh!), chonaiceamar uimhir bhreise ag tús mhí Iúil – 132 D xx. neart cúiseanna leis an athrú seo, ach an tsiocair is atá ann, athbheochan a chur isteach i dtionscal na gcarranna.

Tuigim go bhfuil scéal ag dul thart go ndearnadh na hathruithe seo mar gheall ar an uimhir 13 a bheith mí-ámharach, ach i ndáiríre, níorbh é sin an fáth in aon chor. Le roinnt blianta anuas bhíodh de nós ag daoine carranna nua a cheannach ag tús na bliana. Agus mar gheall air seo, bhíodh díoltóirí ag fulaingt an chuid eile den bhliaintoisc nach mbíodh sreabhadh airgid ann dóibh. Go hiondúil, díoltar 80% de charranna nua sa chéad mhí den bhliain – 53% díobh sin sa chéad cheathrú. Mar gheall ar an easpa díolacháin an chuid eile den bhliain, bíonn ar dhíoltóirí fáil réidh le cuid bhfoireann oibre. Mar gheall air sin, titim 13,000 tagtha ar an líon fostaithe san earnáil seo.

Mar sin, mhol Cumann Thionscal Gluaisteán na hÉireann (Society of Irish Motoring Industry) go ndéanfaí dhá leath den bhliain. Is é sin an fáth ar tugadh isteach na plátaí 131 agus 132. Is é an coincheap atá taobh thiar de go mbeidh fonn ar níos daoine an plátais déanaí’ a cheannach leath bealaigh tríd an mbliain. Chomh maith leis sin, is comhartha maith é don chustaiméir go mbaineann a ghluaisteán féin leis an mbliain chéanna. (Cuid mhór de na carranna a dhíoltar ag tús na bliana, baineann siad le déantús na seanbhliana.)

An Bhfuil Rath ar an gCleas?

buntáistí agus míbhuntáistí eile ag baint leis na cláruimhreacha seo chomh maith. cheannaíonn gluaisteán nua idir Eanáir agus Iúilagus cláruimhir 131 airagus dhéanann iarracht í a dhíol amach anseo, beidh luach níos uirthi i gcomórtas le ceann a ceannaíodh sa dara leath den bhliain. bhíonn mórán difir eatarthu sa luach, ach tagann titim bheag ar luach carranna athláimhe a mbíonn cláruimhir 131D orthu.

Mar sin, tháinig deireadh leis na cláruimhreacha 131 ag deireadh mhí an Mheithimh agus sa chéad mhí den bhliain tháinig titim ar líon na gcarranna a díoladh i gcomórtas leis an mbliain seo caite. Díoladh 13,285 carr níos sa chéad mhí de 2013 le hais na tréimhse céanna i 2012. Is é an sprioc atá ann anois, áfach, go ndíolfar i bhfad níos gluaisteáin le cláruimhreacha 132 orthu idir Iúil agus na Nollag i gcomórtas leis an mhí deireanach den bhliain seo chaite.

An cheist atá ann anois don chláruimhir 132 an ndíolfar níos caranna i mbliana mar a díoladh anuraidh? Ón eolas atá faighte agam, d’éirígh leis an tseift seo san Ísiltír, ach, ar ndóigh, is ag deireadh na bliana seo a bheas achan scéal againn.

Cheana féin agus ag scríobh an ailt seo ar 20 Iúil , 5,630 níos carranna díolta i gcomórtas leis an tréimhse chéanna i Iúil na bliana seo caite. Is comhartha an-mhaith é seo, ach an earnáil iomlán ar bís agus iad ag súil le huimhreacha maithe ag deireadh na bliana, go háirithe agus é i gceist an cinéal seo cláruimhreach a bheith againn feasta.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.