CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Meathlú
Íomhá
Íomhá
Braitheann Brian Lenihan dearfach faoi ghnéithe áirithe den gheilleagar go fóill

Tá 25 bliain imithe tharainn ó bhí meathlú i gceist sa tír seo agus dá gcaithfeá an iomarca ama ag léamh na nuachtán agus ag breathnú ar thuairiscí teilifíse, shílfeá nach raibh dóchas ar bith i ndán dúinn. Níl aon dabht faoi ach gur feiniméan suntasach a bhí sa Tíogar Ceilteach, ach caithfidh gur cothaíodh é de thairbhe na tráchtaireachta uilig a rinneadh air agus é ag teacht chun cinn. Dá mba rud é go raibh tionchar ag na meáin ar ráta fáis an Tíogair Cheiltigh, tá gach seans go bhféadaidís dlús a chur faoina chúlú.

Ar an drochuair, áfach, dealraíonn sé sa chás áirithe seo nach bhfuil na meáin ag cothú scéalta. Tá údar maith acu a bheith diúltachis cosúil go bhfuil an phraiseach ar fud na mias ó thaobh an gheilleagair de faoi láthair.

De réir tuarascála a d’fhoilsigh NCB Stockbrokers le gairid, tiocfaidh laghdú 1.6 faoin gcéad ar olltáirgeacht intíre i mbliana agus tiocfaidh laghdú aon faoin gcéad ar olltáirgeacht náisiúnta. Mar gheall air seo – agus mar gheall ar an gcúlú sa mhargadh tithíochta agus tógála; an ráta boilscithe; na rátaí úis; an euro láidir agus an géarchor creidmheasa – tá gach cuma ar an scéal go mbeidh meathlú tromchúiseach i gceist sa tír seo gan mhoill. De réir na tuarascála céanna, méadóidh an ráta dífhostaíochta ó 5.8 faoin gcéad go 6.7 faoin gcéad i mbliana agus beidh laghdú 40 faoin gcéad i gceist ó thaobh praghsanna tithe de ó bhí an buaicphointe ann i mí Eanáir 2007.D’impigh an Taoiseach, Brian Cowen, orainn an mhí seo caite dearcadh níos dearfaí a chothú. “We need to keep a perspective on this and I think some of the talking down of the economy - to the point where people are talking about almost Armageddon-type scenarios - really needs to stop,” a dúirt sé. Dúirt an tAire Airgeadais, Brian Lenihan: “There are a lot of positives in the Irish economy and I *don’t think we should be talking them down*.” Ach tá scaoll tagtha faoin ngnáthdhuine, gan amhras – go háirithe faoin nglúin atá tagtha i méadaíocht le tríocha bliain anuas. Níl aon taithí ag mórchuid na glúine sin

ar dhífhostaíocht nó ar shochar leasa shóisialta, gan trácht ar easnamh cothromais – rud atá i ndán go cinnte don dream donasach sin a cheannaigh tithe le bliain anuas ar bheagán cothromais agus ar mhorgáistí móra.Rud amháin ar féidir a bheith deimhin de ná go bhfuil éiginnteacht romhainn. Ach mar a deir an seanfhocal, is olc an ghaoth nach séideann maitheas do dhuine éigin. Agus b’fhéidir gurb é an maitheas a bhainfidh daoine áirithe as na heachtraí seo ar fad ná go bhfoghlaimeoidh siad ceacht agus nach gcaillfidh siad srian orthu féin ó thaobh tomhaltachais agus caiteachais de an chéad uair eile a bheidh borradh i gceist. Tuigfimid ar fad ansin go dtéann an tobar i ndísc in amanna.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.