AR NA SAOLTA SEO
Meallta i Moil
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Biseach beagmhaitheasachmeasartha, tá Robert McMillen den tuairim go n-imeoidh tuaisceart Bhéal Feirste ó aithne leis na hathruithe atá ar na bacáin don ag an DUP agus Sinn Féin.

Íomhá
Ag meangadh faoi Girdwood
Íomhá
Beartas Girdwood
Íomhá
Teach na Cúirte, Br. na Cromghlinne
(le Keresaspa ar Vicipéid)

Is cuid thábhachtach de chultúr na hÉireann é an dinnseanchas. Meastar gur tháinig sé chun cinn le theacht na Críostaíochta in Éirinn leis an oidhreacht staire, chultúir, chreidimh, dhaonna a tháinig roimhe a chaomhnú. Agus í ag scriobh sa New Ireland Review, rinne Julia C Overt ó Ollscoil Wyoming cinneadh ar atógail=decision to rebuild">="gloss" title="a reference to">tagairt do rud a dúirt Nuala Ní Dhomhnaill:

‘In dinnseanchas, the land of Ireland is translated into story: each place has history that is being continuously told. . . . The landscape itself . . . contains memory, and can point to the existence of a world beyond this one. . . .[It] allows us glimpses into other moments in historical time.’

Tá an dinnseanchas beo beathach sa lá atá inniu ann agus tá an cinneadh ar atógail Bheairice Girdwood i dtuaisceart Bhéal Feirste ar maos leis na téamaí atá luaite ag Ní Dhomhnaill. Tá Girdwood i gceann de na ceantracha is fuiltí de chuid na dTrioblóidí. 20% de na daoine a maraíodh le linn na dTrioblóidí - dhá dtrian acu ina gCaitlicigh - tharla siad fá mhíle de Girdwood. Ní nach ionadh, tugadh ‘Míle an Dúnmharaithe’ air. Tá scéal le hinse ag gach orlach i ndinnseanchas uafásach an bháis i dtuaisceart Bhéal Feirste.

Tá an stair sin - agus na mothúcháin doimhne a théann ina chuideachta - go daingean in aigne na ndaoine atá ina gcónaí sa cheantar. Ar ndóigh, ní hionann aigne gach duine. Cuid de na daoine a d’fhulaing, níl siad sasta maithiúnas a thabhairt cionn is nach bhfuil (an focal doiléir sin) ‘clabhsúr’ acu agus daoine eile ann atá ar theann a ndíchill dul chun cinn a dhéanamh, beag beann ar an aimsir chaite. Ach is mian le gach duine acu go mbeadh siad ina gcónaí i gceantar atá slán, sábháilte agus measann siad nach féidir sin a dhéanamh i limistéar ina bhfuil cuid mhór daoine den treabh eile agus anuas ar sin, tá fadhbanna ar leith i dtuaisceart Bhéal Feirste.

Biseach ar Bith

Is beag buntáiste a fuair na ceantracha is boichte i limistéir ina bhfuil tithe galánta meánaicmeacha, árasáin arda de chaighdean an-íseal agus dúichí tithíochta beo bocht. Tá tuairim is 86,000 duine ina gcónaí ann. Ar bhonn staidrimh, is iad na Caitlicigh is mó atá in áit na leithphingine. De réir ailt ar an North Belfast News, léiríonn staidreamh ón Fheidhmeannas Tithíochta ó thuaidh, tá 2427 duine ar an liosta feithimh do thithe i dtuaisceart Bhéal Feirste, 970 acu ina gCaitlicigh, 283 a bhfuil creidimh eile acu, 779 nár léirigh an creideamh a bhí acu. Fagann sin nach bhfuil ach 395 Protastúnach ar an liosta.

Seo an chruacheist. Cé acu is tábhachtaí - tithíocht a chur ar fáil do na daoine is mó ina díobháil, .i. Caitlicigh, nó tithíocht a chur ar fáil sa dóigh is go mbeidh Caitlicigh agus Protastúnaithe ina gcónaí go síochánta le chéile? Sa ‘mháistir-phlean’ - ve have vays of making you live viz each ozzer - a d’fhoilsigh an DSD an tseachtain seo caite, tá dhá cheantar leagtha amach do thithe, ceann amháin gar do Bhóthar Aontroma - a mheallfadh Caitlicigh sa chuid is mó agus ceann eile in aice le Clifton Park Avenue a mheallfadh Protastúnaithe don chuid is mó.

Le Chéile ach Scartha.

Tá an comhrialtas DUP/Sinn Fein i bhfách leis an phlean. Tá an Alliance in aimhréidh, agus tá an SDLP scoilte ar an cheist. Bhí duine de na daoine is sinsirí sa pháirtí, Alban Maginness, páirteach sna cainteanna a tháinig ar an tsocrú agus ainneoin gur chinn a comhghleacaí SDLP, Alex Atwood a raibh cúram fhorbairt Girdwood air agus é ina Aire sa Roinn Forbartha Sóisialta, gur cheart go mbeadh 220 teach tógtha ar an suiomh - do Chaitlicigh amháin, is cosúil - ní thógfar an oiread sin tithe ach níl a fhios ag aon duine cá mhéid go fóill.

Ba é Nelson McCausland ón DUP a d’fhógair gur cinneadh go dtógfaí réileán peile, sacair agus rugbaí, láthair laistigh spóirt, foirgneamh tráchtála ina mbeidh fiontair ghnó agus an gheilleagair shóisialta anuas ar na tithe.

Don 2427 duine atá ar an liosta feithimh agus iad ina gcónaí i dtithe nó in árasáin fhuara, taise, mhífhollaine, is beag an fháilte a chuirfidh siad roimh pháirc peile. I measc na gCaitliceach, meabhróidh siad go bhfuil siad ar ais chuig na seanlaethanta réamh-Thrioblóide nuair a fuair tú teach bunaithe ar an chreideamh a bhí agat - Protastúnach.

Sin an fáth i ndinnseanchas an tuaiscirt, go bhfuil muid in ann a bheith ag caint ar thithe Protastúnacha agus ar thithe Caitliceacha, ar pháirceanna Protastúnacha agus ar pháirceanna Caitlieacha gan aon íoróin. Déarfaidh siad go bhfuil Aontachtaithe ag déanamh an rud a rinne siad riamh anall, Caitlicigh a choinneáil in áit na leithphingine - ach le cúnamh ó Shinn Féin an iarraidh seo.

Maífidh daoine eile gur seo tús le ré úr ina mbeidh an dá threabh ina gcónaí le chéile, ag imirt le chéile, ag obair le chéile. (Cue: Louis Armstrong ag ceol What a Wonderful World) Mol pobail a thugtar ar seo, ina mbeidh áiseanna sláinte, tograí oideachais agus oiliúna, mol idirlín gan sreang, gáirdin pobail agus caife. Luaitear ‘an phóilíneacht phobail’ - cibé an chiall atá leis sin - sa scéim chomh maith.

Neosfaidh an aimsir an gcuirfear an fhorbairt seo i gcrích. Tá iarratas ar £10m d’airgead Eorpach Peace III curtha isteach ach anuas ar sin, tá pleananna ag Ollscoil Uladh £250 milliún a infheistiu i dtuaisceart na cathrach agus tá moltaí ann fostadorchla cultúir’ a thógáil agus foirgnimh stairiúla i sráid Dhún na nGall agus ar Bhóthar Chromghlinne, an charcair san áireamh, a fheabhsú.

Bíodh dúil agat sa chinneadh faoi Girdwood nó ná bíodh, is léir go bhfuil tuaisceart Bhéal Feirste ag dul a athrú as a riocht sna blianta atá romhainn.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.