CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Marú na Muslamach leis an Ardteicneolaíocht

Is líonmhaire an méid eitleán ladrainn ná an líon gnátheitleán atá á ndéanamh ag SAM anois. Is tionscal ardteicneolaíochta é a chosnaíonn an t-an-slam airgid. Cosnóidh aon eitleán amháin den chineál Predator tuairim is 4.5 milliún dollar, suim nach beag, agus cosnóidh gach eitleán Reaper 10.5 milliún dollar. Cosnóidh gach diúracán Hellfire $58,000 agus teilgeadh 4,184 díobh san Afganastáin anuraidh. Ciallaíonn sé sin $242 milliún go leith teilgthe le daoine ar an talamh. Is tionscal mór airgid é an marú seo go léir do gheilleagar Mheiriceá. Tá dúnta airm, airfoirt, bailte beaga agus móra, innealltóirí, dearthóirí, lucht oibre, lucht freastail, agus an iliomad gairmeacha eile ag saothrú a gcoda ar an slad seo. Is dóigh go n-airíonn siad maith go leor faoi agus go n-airíonn an chuid is mó acu mórtasach as mar gur in aghaidh terror atá siad ag obair. Ní shamhlóidís go brách gur ar son terror atá siad chomh saothrach. De réir Arm na nIosraelach a mharaíonn daoine le ladrainn i nGaza, is iad muintir Ghaza an lucht sceimhle nuair nach bhfuil iontu ach seanbhunadh na tíre a cartadh as a dtithe agus as a dtailte féin agus a sáinníodh isteach ar mhullach a chéile, 1,657,155 duine i gceantar atá níos lú ná leath de Chontae Lú. 122,808 duine atá i gCo. Lú.

Tuigfidh lucht tógtha na ladrann faoi cheann roinnt blianta, áfach, nuair a thógfar na cúisimh éagsúla chun tosaigh ina n-éadan i gcúirteanna SAM féin, an milleadh agus an scrios a rinne siad in áiteanna ar fud an domhain mar a bhfuil cosmhuintir Mhuslamach beo bocht, cosmhuintir ar neamhní lena gcuid rialtas féin iad cuid mhaith. Faoin am sin, beidh comhlachtaí Meiriceánacha eile ag saothrú a gcoda go súch sách as na caingne éagsúla. Mothóidh siadsan go maith faoin ngairm siadsan, an lucht dlí, mar beidh siad ag obair, dar leo, ar son an chirt. Rachaidh na scéalta daonna i bhfeidhm ar chuid acu agus caoinfidh siad deoir anois is arís nuair a altófar roimh bhia nó nuair a bhreathnóidh siad ar a gclann féin ar aon aois le roinnt de na daoine a loiteadh in oibríochtaí na ladrann seo. Rachaidh an fhianaise ghrianghraf i bhfeidhm orthu, nó b’fhéidir go mbuailfidh siad le roinnt de na híospháirtithe féin a bheas amach sna déaga faoin am sin. Cosnóidh an obair seo go léir na billiúin dollar agus €uro mar tógfar cásanna in aghaidh na stát éagsúil a bhí gníomhach i marú agus i lot na ndaoine bochta seo i sráidbhailte san Áis agus san Afraic. Is dóichí ná a mhalairt go bhfuil baint ag comhlachtaí in Éirinn leis an mharú thoir is ó dheas uainn.

An Cos ar Bolg

Bhí Éireannaigh sáite in obair an chos ar bolg ar son Shasana, na Fraince, na Spáinne, na Portaingéile, na hAstráile, na hAfraice Theas, na Rúise, SAM agus áiteanna eile nach iad, gan trácht siar ar na saighdiúirí dubha - na constáblaí - agus lucht gróite na dtiarna is na ngníomhairí ar an oileán iathghlas féin. Bhí daoine muinteartha liom féin ina saighdiúirí single agus ina n-oifigigh i Vítneam, i gCuantanamó agus tá a fhios agam an chaint go léir ar banana rats, ar camel spiders, fragging srl.

Tíortha Críostaíochta nó iar-Chríostaíochta, nó tíortha Ind-Eorpacha, don chuid is mó atá i mbun mharú na Muslanach. Sna tíortha a bhfuil daonra measctha ar nós na Somáile, is in aghaidh na Muslamach amháin a fheartar an troid ón aer, ón talamh nó ar na meáin chumarsáide. Mar ‘chrósáid’ a fearadh é an chéad lá. Roimh na Muslamaigh, dhá ghlúin ó shin, ba in aghaidh dream nár chríostaithe a fearadh an troid. Ba iad na Iúdaigh an ceap milleáin ag cách an t-am sin. Rompu sin arís, cheaptaí aicmí éagsúla Críostaithe mar ábhar milleáin agus dreamanna dúchais ar fud na cruinne. Is mór ag lucht cinsil gach dreama a bheith in ann an mhéar a shíneadh le dream lasmuigh dá dtreibh. Tugann sé buntáistí go leor dóibh. Is féidir iad a shíobadh de dhromchla an domhain mar cheacht do gach éinne sa bhaile agus i gcéin. Cuireann sé na pingneacha sa timpeall, nó a tharraingt as, le geilleagar Chinnín Óir - an Goldilocks economy - a chobhsú, nó a aimsiú, más gá. Caithfidh Meiriceá agus ‘an domhan thiar, is cosúil, daoine a mharú faoi láthair ar son a ngeilleagair inmheánaigh. Is cosúil nach stadfaidh Arm an Atlantaigh Thuaidh go dtige siad aniar ar an Teiscinn Chiúin.

Is leamh gur ‘sceilpeanna máinliachta’ a thugann siad ar na botúin a dhéantar san Áis as féachaint ar scáileán in ionsamhlóir in Oregon, sceilpeanna a chuireann daoine den saol in ionad a slánú mar dhéanfadh máinlia.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.