THALL IS ABHUS
Marbh gan tae
Breandán de Gallaí Breandán de Gallaí

Theip ar Bhreandán de Gallaí tae ceart a fháil agus é i Nürnberg na Gearmáine agus go rómhaith a d’éirigh lena chuid iarrachtaí léargas a fháil ar stair na cathrach sin ach oiread.

Íomhá
Íomhá
Ollslógadh Naitsíoch i Nürnberg
Íomhá
An Nollaig in Nürnberg

shílim go bhfuil deacair a shásamh. Ó go bhíonn mórán uaim. Cupa tae, abair. Bhuel, sa Ghearmáin, sin rud a bhfuil doiligh a theacht air. Thig leat cinnte schwarzer tee, tae dubh, a iarraidh ach rud inteacht eile ar fad a gheobhaidh .

Bhí ar mo bhealach go Nürnberg an-luath maidin amháin le gairid agus bhí orm aistriú in Dusseldorf. D’fhear nach bhfuil ábalta an teach a fhágáil gan ar a laghad trí chupa tae sa ghrágán aige, bhí iontas orm go bhfuair chomh fada sin i mo thuras gan tae, agus gan aon duine a thachtadh. Bhí uair an chloig le cur thart agam agus bhí stiúgtha leis an ocras agus mo theanga ar an talamh choinne fix. Ach más Jumbo breakfast roll agus cupa tae a bhíonn uait, déan dearmad de bricfeasta na nGearmánach níos cosúla le béile a d’íosfá ag am lóin. Iad féin agus a slisní feola agus a ngircíní! D’iarr schwarter tee, ach mhothaigh féin ag socthumadh i lagar spride nuair a chonaic an boc seo ag líonadh cupa (sioctha) le huisce a bhí bogthe (ag an mhéid ab fhearr). Nuair a d’iarr milch air don tae, cúr cappuccino a chuir aira bhí te!Nuair a shuigh síos raibh agam dáiríre ach tea latte (fuar) agus an mála tae ag bogadach thart ar a bharr. Ba mhór an t-údar díomá é. raibh uchtach agam a dhul a dhath níos faide.

Nuair a chuaigh isteach i gcaife i Nürnberg, a mhalairt a bhí i gceist. Thug siad pota domh, agus dúirt an freastalaí liom an pota a fhágáil ar a thaobh go dtí go mbeadh an gaineamh tite in orláiste ubh, a cuireadh ar fáil in éineacht leis. Nuair a bhí na trí bhomaite sin thuas, bhí orm an pota a chur ina sheasamh mar is ceart sa dóigh is nach mbeadh an t-uisce ina luí sna duilleoga níos . Seo le cinntiú nach mbeadh an tae róshearbh, a dúirt an freastalaí.

hamháin gur fhág an tae ribí beaga ar mo theanga leis an tainnin agus an tseirbhe, bhí an oiread sin pointí teagmhála ag an uisce a fhad is a bhí sa phota go raibh an tae fuar. Socthumadh eile. Caith isteach cúpla mála Lyons Barrys nuair a bheas ag pacáil san am atá romhainn!

OllslógaíAn rud is clú Nürnberg gur tharla na *Reichsparteitagen *ansin. Thosaigh na hollslógaí seo i 1923, an chéad cheann in München agus ceann eile an bhliain chéanna in Nürnberg. Ach ó 1933 go 1938 ba í an láthair seo in Nürnberg amháin a d’úsáid siad. Bhí achan rún agam éirí go luath agus iarracht a dhéanamh an láithreán stairiúil seo a fheiceáil. Bhí díreach in aice leis an Hilton, áit a raibh ag stopadh.

Bhí an breá gruama nuair a d’éirigh , ach raibh agam ach cúpla uair an chloig sula mbeinn gafa leis an obair a bhí le déanamh agam sa Ghearmáin. Fuair rothar ar cíos ón óstán, agus le ceol mo iPod i mo chuid cluas, rinne an chéad iarracht féin a chur ar an eolas stair na Gearmáine. Thosaigh an bháisteach nuair nach raibh a dhath ach cúpla méadar síos an bóthar agus bhí orm pilleadh. Dúirt lucht fáiltithe an óstáin go raibh an aimsir seo geallta don ar fad, agus raibh cóta báistí ar bith liom. Dúirt an Fraulein liom go dtabharfadh scáth fearthainne domh, ach scil amháin atá i linn géinte na Síneach nach bhfuil i gceann na nGael: a bheith ag rothaíocht agus scáth fearthainne i do lámh agat ag an am chéanna. Ansin bhí smaoineamh an-mhaith agam: thiocfadh liom an rothar a fhágáil i mo dhiaidh agus siúl. Ardintleachtach! Amach liom sa deireadh le fear feasach a dhéanamh díom féin.

An rud atá iontach óstáin (más rud é gur tógadh thú i dteach siorraidh, mo dhalta féin) an dóigh nach dtuigeann cén aimsir a bhíonn taobh amuighbíonn an t-aeroiriúnú chomh maith sin ag cur dallamullóg ort. Bhí cúig bhomaite dhéag siúil déanta agam nuair a bhuail go raibh préachta. Bhí bruite san óstán, agus shíl mar sin go raibh measartha meirbh taobh amuigh. Bhí orm pilleadh ar an óstán le geansaí eile, cóta, a fháil ach bhí chomh fríd a chéile ag an phointe sin gur bheartaigh go raibh rud inteacht amuigh ansin, b’fhéidir an chruinne ar fad, nach raibh ag iarraidh orm foghlaim na Naitsithe. Chaith féin síos i mbeár an óstáin agus d’ordaigh tae le mo chuid néaróg a cheansú. Doh!

Cathair sa Bhaváir é Nürnberg, an baile is i réigiún Franconia. clú air mar chroílár thionscal na mbréagán Nollag agus as déantús an Elisenlebkuchen, arán sinséir. An áit is fearr le teacht orthu seo sa Weihnachtsmarkt, an margadh

Nollag a bhíonn ar siúl i go leor bailte agus cathracha sa Ghearmán aimsir na Nollag. Stainníní margaidh atá sa Weihnachtsmarkt a dhíolann bréagáin áille adhmaid, scailtín fíona agus arán sinséir i bhfoirm cístí, brioscaí i gcruthanna difriúla, agus go leor rudaí eile. Níl a dhath níos deise fuar geimhridh agus sneachta ar an talamh a bheith ar seachrán san áit iontas seo, a bhíonn maisithe go galánta agus lasta ag soilse beaga Nollag.

Maidir leis na hollslógaí, roghnaíodh Nürnberg mar go raibh lonnaithe i lár na Gearmáine. Sna blianta deireanacha bhíodh suas le 500,000 duine páirteach iontu agus siombail a bhí iontu de dhlúthpháirtíocht mhuintir na Gearmáine agus an pháirtí Naitsíoch. Cuireadh Adolf Hitler i láthair ar bhealach diaganta, mar shlánaitheoir na Gearmáine, a bhí ansin i measc na ndaoine trí oirchill .

Mar gheall ar an drochádh leis an rothar, an aimsir agus an easpa geansaithe, an t-eolas seo á chur i láthair agam le cuidiú ó Google, agus de bharr go raibh eispéireas saibhrithe agam féin ar an láthair.

Agus déan dearmad den tae nuair a bheidh sa Ghearmáinól an scailtín fíona, go díreach. Nuair a bhíonn sa Roimh, in Nürnberg, etc.

Is as Gaoth Dobhair é Breandán de Gallaí agus chaith seacht mbliana ag obair mar dhuine de phríomhdhamhsóirí Riverdance. Bíonn le feiceáil go minic ar chláracha teilifíse ar RTÉ agus TG4.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.