AR NA SAOLTA SEO
Majella O Hare, Nach Maireann agus Daoine Eile
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Tá Robert McMillen den bharúil go bhfuil athrú ag teacht ar dhearcadh mhuintir na Sé Chontae mar gheall ar nochtú fhírinne roinnt de scéalta na ndaoine a maraíodh agus roinnt de scéalta na ndaoine atá ar marthain!

Íomhá
Majella O Hare, dúnmharaithe ag 12 bhliana déag d'aois
Íomhá
An Dr. Brian Crowe
Íomhá
Martin McGuinness le dul chun tosaigh, b'fhéidir
Íomhá
Ceaptha agus caipíní, constáblaí úra an PSNI

Bhí an eagla ar iriseoirí ó thuaidh go mbeadh an saol i bhfad níos leadránaí nuair a tháinig deireadh leis na Trioblóidí agus nuair a rinneadh céilí leapa den DUP agus Sinn Féin. Bhí gnéasúlacht éigin ag baint le bheith ag tuairisciú ar an uafás is déanaí i súile aicmí áirithe ach anois, le theacht na síochána, ní bheadh le déanamh acu ach a bheith ag scagadh mionchúrsaí suaracha Stormont i bhfad ó bholadh an cordite.

Ach níor cheart dóibh a bheith buartha. Ainneoin an Nollaig a bheith curtha caillte le ráithe tá an gheamaireacht ag dul ar aghaidh ó thuaidh, go háirithe taobh istigh den UUP. Tá sé dochreidte mar shampla go mbeadh ‘comhairleoir’ de chuid an Aire Danny Kennedy, Dr Brian Crowe, ag iarraidh táille gnéis a ghearradh ar chailín a bhí ag iarraidh cruinniú leis an Aire Fostaíochta agus Foghlamtha san Fheidhmeannas ó thuaidh.

Barack Obama? Thuigfinn sin. Mahmoud Ahmadinejad? Maith go leor. Ach Danny Kennedy? Is é mo bharúil go bhfuil seal den bhualadh craicinnblaisín beag daor’.
Ní nach ionadh, tugadh bata agus bóthar don Dr Brian Crowe, ar iar-Mhinistir lánaimseartha in Eaglais na hÉireann é. Tá mí-iompar séanta go láidir ag an Dr Crowe. Nuair a tháinig deireadh leis an fhoréigean, bhí muid sásta go raibh an pholaitíocht normálta ag dul a bheith i réim. Níor thuig muid go mbeadh oilbhéimeanna gnéis mar chuid den normáltacht sin, a bhuíochas d’Iris Robinson, do Brian Crowe agus do laoch óg an DUP, Paul Berry. Cad é eile atá folaithe go fóill? Neosfaidh an aimsir. Mura raibh impleachtaí tromchúiseacha le hoilbhéim an chomhairleora Danny Kennedy, ní mar sin a bhí sé le hoilbhéimeanna eile.

Maigh gCabraí

I mí na Nollaig 2009, d’éirigh Steve Rodford as a phost mar rialtóir Charcair Mhaigh gCabraí i ndiaidh do eochróirí theacht ar a mhionsonraithe pearsanta i gcillín ina raibh cime easaontóra, Brendan McConville. Measadh go raibh Rodford faoi bhagairt bháis ag poblachtánaigh

An tseachtain seo, cuireadh beirt eochróirí ar fionraí i ndiaidh fiosrúcháin ó Ombudsman na gcarcracha, Pauline McCabe, a mhaígh gur dócha gur bhall de fhoireann na carcrach a leag na sonraí sa chillín. Ní geamaireacht atá anois againn ach scéinséir.
Tá sé aitheanta ag gach duine taobh amuigh de Chumann na nOifigeach Príosúin go bhfuil an tSeirbhís Príosúin ó thuaidh mífheidhmiúil de réir ceann de na síorfhiosrúcháin, go bhfuil barraíocht daoine ag obair inti ar fhoireann a chumann a cuid rialacha féin (druideadh dhá chumann sóisialta mídhleathacha ar thailte dhá phríosún an mhí seo) agus nach dtig, le teann mhíchumas na foirne céanna, cimí a athshlánú. Leoga measann cuid mhór nach bhfuil riail nó dlí ar na hoifigigh.

Nuair a thug Rodford iarracht leasuithe a chur i bhfeidhm chuir sé olc ar na heochróirí agus maítear gur chuir siad féin mionsonraithe an gobharnóra i gcillín McConville, a bhfuil dúnmharú an Chonstábla Steven Carroll curtha ina leith. An mhí seo, cuireadh deireadh le hearcaíocht 50/50 don PSNI. Bhíothas ag dúil agus ba é aidhm Thuairisc Patten ar an Phóilíneacht, go mbeadh ionadaíocht Chaitliceach sa PSNI tuairim’s ar 33%. Bhíothas ag dúil go mbeadh an sprioc sin bainte amach i mbliana ach inniu tá 30% den PSNI ina gCaitlicigh. I measc dhaonra na Sé Chontae, is ionann Caitlicigh agus 43 faoin chéad. Mhothaigh mé deja vu an tseachtain seo agus aontachtaithe ag iarraidh ar na slóite Protastúnach dul isteach sna péas. Tá aigne an léigir beo beathach go fóill!

Búistéireacht

Sin ráite, le tamall beag anuas, tá aitheantas a thabhairt, diaidh ar ndiaidh, go raibh siocair ghearáin ag Caitlicigh/Náisiúnaigh an tuaiscirt, rud a shéantar go minic. Thosaigh sé agus David Cameron ag déanamh leithscéal as dúnmharaithe Dhomhnach na Fola. An tseachtain seo, rinneadh leithscéal eile, an iarraidh seo as dúnmharú Majella O Hare, cailín óg 12 bliana d’aois as deisceart Ard Mhacha. Mharaigh saighdiúir Briotanach í mí Lúnasa 1976. Ar an teilifís, bhí cláracha ar loscadh Shráid Bombay ag drong dílseoirí i 1969 agus ar Bhúistéirí na Seanchille, dream dílseoirí síceapatacha a d’fhuadaigh, a chiapaigh agus a mharaigh ar a laghad 30 duine - Protastúnaigh ina measc - ag gearradh sceadamán na n-íobartach go minic. Beidh an toghchán tionóil ar siúl i gcionn míosa arís agus is é an siombalachas is mó atá i mbéal an phobail, ach tá na cásanna thuasluaite fite fuaite iontu, ainneoin gur tharla siad fada ó shin.

Ag deireadh an toghcháin ar an 5ú Aibreáin, an mbeidh Martin McGuinness mar chéad Aire sa Tionóil sin? Ball de Shinn Féin mar Thaoiseach, mar Phríomh-Aire ar na Sé Chontae agus an páirtí. An cuma? Is cuma leoga. Mar a dúirt an tráchtaire polaitíochta, Fionnuala O Connor, bheadh athrú in aigneolaíocht bhunúsach an stáit. Thuigfeadh náisiúnaithe nach ndéanfaí neamhaird orthu mar a rinneadh ó bunaíodh an Stát ach tá sé suimiúil cén t-athrú aigne a thiocfadh ar Aontachtaithe, daoine a chreid gur leo féin amháin sé chontae as naoi gcontae Chuige Uladh.

Tá contúirt anseo. Má sciobann tú bunfhealsúnacht dreama ar bith uathu, ní fios cén freagra a thabharfaidh siad air. An é sin an fáth go bhfuil na mílte Protastúnach á ngríosadh le dul isteach sa PSNI agus deireadh tagtha le hearcaíocht 50/50?

Tá na Trioblóidí thart ach beidh neart le scríobh faoi ag iriseoirí na tíre

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.