CÚINNE NA nEALAÍON
Maidneachan Tobann
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Léigh Ciara Nic Gabhann leabhar, A Sudden Sun le Dave Duggan, a iniúchann misneach an duine nuair a theagmhaíonn an tubaiste leis.

Íomhá
Dave Duggan ag seoladh a leabhair
Íomhá
A Sudden Sun
Íomhá
An t-údar Dave Duggan

Meabhraíonn an t-údar Dave Duggan ar an mhéid a tharlaíonn nuair a thiteann saol duine as a chéile ina leabhar nua, A Sudden Sun. Caitheann sé súil ar an choimhlint chun marthana a thagann chun cinn nuair a tharlaíonn géarchéim i saol duine.

Díríonn a leabhar ar Donna Bradley, bean de bhunadh chathair Dhoire atá ar turas féinléirstine i ndiaidh marbh-bhreith a hiníne. Scrúdaíonn Duggan an toradh a bhíonn ag an chailliúint mhillteanach seo uirthi féín agus ar a fear chéile, Tony, agus ar an dóigh a scamhann an dubrón a gcaidreamh go dtí go mbíonn sé róghoirt acu fanacht le chéile. Déantar staidéar ar na braistintí scoiteacha a mhothaíonn an bheirt acu agus iad ag dul i ngleic lena gcailliúint chomh maith leis an scéala gur coinníodh baill coirp a n-iníne, Teresa, san otharlann i ngan fhios dóibh.

Is marthanóir í Donna agus tarraingíonn sí ar fhoinsí inmhéanacha agus seachtracha le í féin a choinneáil slán agus, mar aon leis an tacaíocht agus sólás a fhaigheann sí óna muintir féin, a máthair agus a deirfiúracha Anna agus Martha, a fhanann go dilís léi i gcónaí. De réir a chéile, tosaíonn sí ar a saol a atógáil ón bhonn arís. Tá níos mó ná scéal amháin le hinsint sa leabhar seo agus tá béaloideas agus scéalta mhuintir Donna fite fuaite ina scéal féin, aguisín a shaibhríonn an leabhar agus a dhúisíonn ionainn an mothúchán go bhfuil muid beo faoi scáth ár muintire i gcónaí.

Tugann Caoi Ruda Caoi Ruda Eile

Gineann cruachás láidreacht sa duine agus is beag a thuigeann Donna nuair a thacaíonn sí le feachtas chun stad a chur le loiscneoir áitiúil go bhfuil a saol ar tí athrú. Tá lasracha na loiscneoirí mar mheafar ar an fhearg agus brón a mhothaíonn sí go domhain inti féin agus tugann an feachtas, agus na mná atá bainteach leis, an mhuinín di dul ar ais chuig an oideachas, cor ina saol a spreagann go mór í agus a chuireann tús le saol úr san Eolaíocht Comhshaoil. Meabhraíonn sí an tionchar a bhíonn ag na hathruithe seo uirthi nuair a deir sí: ‘They are the means by which I recover my life, the extinguishers I use to quell the fires in me and the bricks from which I use to build a future. I totter upon them everyday’

Tá an leabhar lán le mná láidre a thacaíonn le Donna agus a threoraíonn í chun a leasa, cosúil le lóchrann i lár anfa agus déanann an t-údar léiriú mothálach ar an dlúthpháirtíocht a bhíonn idir mná. Deir Duggan gur tháinig glór Donna chuige ó na mná ar fad atá ina shaol féin – a bhean chéile Diane, a iníon, a mháthair chomh maith lena cúigear deirfiúracha agus chuidigh siad le blas an leabhair a aimsiú mar is ceart.

Athshlánú an Duine

Is scéal faoi chrógacht é, a deir sé, ina bhfuil gliondar le brath ag an deireadh agus cé gur as an tsamhlaíocht a tháinig Donna, chuaigh a thaithi phearsanta féin i bhfeidhm ar an scríbhneoireacht nuair a theip ar a shláinte nuair a bhí an leabhar á scríobh aige. “Tá an scéal faoi athshlánú Donna, athshlánú na cathrach (ón loiscneoir) agus tá mise i mbun an turais athshlánaithe chéanna sin chomh maith.”

Deir Duggan go bhfuil an scéal ‘fréamhaithe’ sa mhéid is go bhfuil sé suite i nDoire ach gur scéal ‘fairsing’ atá ann a dhéanann ceiliúradh ar laochas an ghnáthdhuine. Is scríbhneoir agus drámadóir bisiúil é Dave Duggan a scríobhann i mBéarla agus i nGaeilge. Ar na dreamanna ar a bhfuil obair déanta aige dóibh tá: BBC, RTÉ, Sole Purpose, Ulysses Films, The Project i mBaile Átha Cliath, Amharclann na Mainistreach chomh maith le hIonad Pat Finucane agus le hIontaobhas Dhomhnach na Fola i nDoire.

Tá a dhráma AH6905 á léiriú san Afganastáin san am i láthair agus, níos gaire don bhaile, tá sé féin ag obair ar mhiondráma úr le léiriú i mbaile fearainn san Iarthuaisceart darb ainm Bris mo Chroi.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.