AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Lucht Dearóil an tSaoil Fódlaigh agus an tSaoil Bhraonaigh
Balor Balor Balor

Balor bocht! Tá mearbhall air arís an mhí seo, a léitheoirí dílse, nó níl a fhios aige cé atá i mbun na liarlóige seo i láthair na huaire.

Íomhá
Íomhá
Uachtarán an Iarthair
Íomhá
An tÓrmach Ian Paisley
Íomhá
An tIar-Thaoiseach, Bertie Ó Hernia
Íomhá
An Sciathán Leathar Ó Keefffe

Bhíodh Éamonn Ó Doornail againn ar feadh tamaill; ansin bhí Caoimhe Ní Lion againn ar feadh

tamaill bhig; bhí Leamh Ó Cuinneagáin againn ar feadh cúpla uair an chloig; agus ar na saolta deireanacha seo, tá Balor ag fáil litreacha forbhannacha ón Dochtúir Seosamh Mac Muirí, ag áitiú air gan aon tagairt a dhéanamh dó féin nó d’eagarthóir sealadach ar bith eile, agus ag bagairt batrála ar Bhalor bocht caoch dearóil má dhéanann sé amhlaidh. Dar ndóigh, tá a fhios ag madraí an bhaile go bhfuil Seosamh Mac Muirí gaolta leis an Slua Muirí – an scaifte sin a thug cead a gcinn do na hallúraigh allta alltaracha maoin mhara mhuintir na hÉireann a chur ar neamhní; agus tá an Muiríoch seo (i gcead do mhuintir álainn aoibhinn Iarthar Chiarraí) ag scriosadh scríbhinní scríbhneoirí Beo Ar Éigean ar an dóigh chéanna. Leanfaidh Balor ar aghaidh go gasta anois, ar scor ar bith, ar eagla go n-éireodh an Muirín, nó an Muiríoch, nó an Mhuir nIocht, nó cibé ainm ceart atá air rud beag múisiamach. Déanfaidh Balor na Súile Nimhe an rud is dual dó a dhéanamh agus an rud a n-íoctar go maith agus go flaithiúil é ar a shon, is é sin a shúil nimhe a chaitheamh ar chúrsaí an tsaoil. Sa chás seo is ar an bhliain 2008 atá an tsúil nimhe sin ag díriú.

An Tor tur

Ár soraidh céad slán le Seoirse Sceach, sciúirse na sceimhlitheoirí agus sciúirse gach duine nár

aontaigh lena léargas beag cúng teolaí ar an domhan seo is ar an domhan atá fós le teacht. Is fada linn d’imeacht, a Sheoirse, agus is iomaí grua thirim a bheas i do dhiaidh, sa bhaile agus i gcéin, agus i bhfad i gcéin, agus thar a bheith i bhfad i gcéin. Ár gcéad míle fáilte roimh Bheairic Ó Báma, an Slánaitheoir, an Fuascailteoir, an tUngthach féin; é siúd a chuirfidh gach rud ina cheart arís agus Stáit Aontaithe Mheiriceá ar ais ar bharr an domhain mar is cóir, ar muin na muice mar is ceart, agus ar bharr gach liosta ceana, mar a bhíodh san am fadó. Ní hé go bhfuiltear ag súil le barraíocht ó Bheairic, nó le go mbeidh sé in ann gach rud a chur ina cheart arís gan mhoill. Ó ní hé! An é? Ó ní hé!

An Basilica Béimeannach

Céad slán le hIan an Bhéil Mhóir, sciúirse an Phápa agus na hEaglaise Caitlicí, sciúirse na náisiúnaithe agus na bpoblachtach, laoch an Phrotastúnachais agus an aontachais, tréanfhear na míréasúntachta, cáinteoir agus criticeoir na measarthachta agus creimire agus íslitheoir gach uile dhuine a raibh rian ar bith den uaine ag baint leis nó léi riamh (cnead, snag agus slogadh beag aeir anseo). Guíonn Balor suaimhneas ort agus tú ar féarach, a Ian – rud nach bhfuair muid mórán de uait féin le dhá scór bliain anuas. Agus céad míle fáilte roimh a chomharba, Peter an Gunslinger Robinson, fear atá i ndiaidh a mhaíomh go sollúnta go ndéanfaidh sé a dhícheall agus a sheacht ndícheall Norn Irnand a threorú isteach sa naoú haois déag faoi dheireadh.

An tUasal Ó Hernia

Céad slán le Bertie Ó Hernia, sciúirse na mbinsí agus na mbinseoirí, sciúirse na n-iriseoirí agus na dtráchtairí agus na dtuairisceoirí; ach nár lách agus nár dheas agus nár mhánla mar a sciúrsáil sé iad – agus gan a fhios acu go raibh sciúrsáil ar bith ag dul ar aghaidh. Agus ár gcéad míle fáilte roimh Brains Cowen, an Biffo is mó díobh ar fad, Rí na Móna agus Impire Lár Tíre.

Bhagair sé díoltas ar na seanóirí a chaith vóta in éadan Liospóin, agus féachaigí gur tháinig tuar ar an tairngreacht sin. Cé atá fágtha anois gan cártaí leighis is gan cinnteacht ar bith go dtabharfar aire dóibh agus iad fágtha ar a gcuid tralaithe ar dhorchlaí fuara feothanacha otharlann na tíre. Bhagair sé díoltas ar na leanaí scoile a bhí ag tarraingt pictiúr gránna de nár thaitin leis, agus ag cumadh rann dána faoi nár thaitin leis, agus féachaigí go mbeidh na leanaí beaga bochta á gcur abhaile ón scoil anois gan mhoill ag príomhoidí nach mbeidh ionadaithe acu le hiad a mhúineadh. Níl Balor iomlán cinnte go mbeidh na leanaí scoile á dhamnú as éadan chomh mór agus a bheidh na seanóirí... ach beidh na príomhoidí!

Batt-man

Agus, ós ag caint dúinn ar phríomhoidí agus ar mhúinteoirí, tá Batt-man Ó Keeffe, an tAire Éadóchais, i ndiaidh é féin a chur ag bun liosta ceana gach múinteora in Éirinn leis an ráiteas a rinne sé ar na mallaibh. Bhí sé olc go leor deontais agus ionadaithe a ghoid ó na scoileanna, ach nuair a chuir sé i leith na múinteoirí go mbíonn póit orthu gach Aoine agus Luan... tá Balor den bharúil gur polaiteoirí a bhí i gceist aige, agus gur tháinig cineál de mhearbhall air, mar a thagann ar pholaiteoirí dúra maidineacha Luain ó am go chéile. Batt-man bocht! Ní bheidh sé ag fáil mórán cártaí Nollag ó mhúinteoirí na hÉireann am seo na Nollag. Tá a fhios ag an saol mór gurb iad Dé Máirt agus Dé Céadaoin oícheanta móra ólacháin na múinteoirí.

Cuireann Balor a bheannacht leis na PDanna, an páirtí a bhí ródhaonlathach, cionn is nár chóir dóibh fanacht le vóta na mball leis an pháirtí a scor; ba chóir do dhuine inteacht iad a dhíbirt amach as saol polaitíochta na hÉireann blianta fada ó shin.

Scaradh na gcompánach

Céad slán fosta le Paul Newman, an buachaill bó gan sárú. Nuair a bhí Splint Driftwood agus a chairde ag déanamh Spaghetti Westerns bhí Paul Newman ag déanamh Spaghetti Sauce. Suaimhneas síoraí do Judge Roy Baked Beans.

Slán go deo le Ronnie Drew, an Dub nár thug cúl riamh le cine. D’fhan sé dílis go bás do na bailéid. Ansin, i ndiaidh a bháis, chualathas é i mbun snagcheoil agus gormachaí agus gach sórt ceoil nár chan sé lena bheo. Is ait an mac an saol.

Más ait an mac an saol, is boichte a bheas saol cultúrtha na hÉireann i ndiaidh bhás Dhónaill Uí Liatháin – Dónall an Bhéil Bhinn – seanchara do Bhalor agus do Ghaeil uilig na hÉireann; fear Chúil Aodha, múinteoir, file, amhránaí, aisteoir, scríbhneoir agus Gaeilgeoir den scoth. Go gcuire Gobnait agus naoimh uilig na hÉireann fáilte agus fiche roimhe isteach sna flaithis. Ar dheis Dé go raibh a anam uasal.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.