CÚINNE NA nEALAÍON
Línte Limbo
John Paul McCarthy John Paul McCarthy

Bhí an-rath ar dhráma Conor Mc Pherson i Londain ar na mallaibh, agus bhí John-Paul Mc Carthy i láthair lena mheas.

Íomhá
Jack Langrishe, Owáyasuta
(Deadwood, ar Vicipéid)
Íomhá
An tseanchora ginte aibhléise
Íomhá
An t-aisteoir Brian Cox
(le Gdcgraphics ar Flickr)
Íomhá
An t-aisteoir & fuirseoir, Ardal O Hanlon
(le Chris Boland, distantcloud.co.uk, ar Flickr)

Éist anseo leis an alt á léamh ag Caitríona Budhlaeir, Ionad na Gaeilge Labhartha, Coláiste na hOllscoile Corcaigh. Is ó Bhaile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí í Caitríona.

Bhain an saineolaí béaloideasa Gearóid Ó Crualaoich feidhm as léargais aigneolaíochta de chuid Jung chun cultúr béil na hÉireann a scagadh ina leabhar tábhachtach, The Book of the Cailleach: Stories of the Wise-Woman Healer (Corcaigh, 2004). Is éard atá i gceist le béaloideas dar leis ná

‘code for a variety of emotional and psychosomatic disorders for which no cure is to be found in the hands of the bonesetter. A coping mechanism is available [i riocht an tseanchais]...testimony to the communal need to deal with emotionally disturbing experience on an ongoing basis and to a persistent utilization of the resources of an alternative cosmology to that of Christianity in order to do so.’

Oireann an sainmhíniú seo go breá agus dráma iontach Conor Mc Pherson, The Weir, á dhíleá againn. Chríochnaigh an dráma seo sraith fíor-rathúil i Londain le déanaí. Baineann an dráma le cúigear a chaitheann oíche gheimhridh i dtigh tábhairne beag amuigh fén dtuaith. Insíonn siad scéalta púcaí dá chéile i rith na hoíche, agus ritheann sé leis an lucht féachana leathshlí tríd an gcomhrá idir eatarthu nach scéalta greannmhara iad siúd ach an oiread, ach iarrachtaí fíorphearsanta greim a dh’fháilt ar a gcuid díomá agus a gcuid tubaistí éagsúla.

Chuala fear amháin sa chomhluadar púcaí ag cnagadh ar dhoras an tí aige oíche amháin tar éis dó an iomad a ól an oíche roimh ré. Maíonn fear eile “go bhfaca” sé duine sa reilig áitiúil maidin fhliuch amháin, duine a fuair bás cúpla lá ní ba luaithe agus a bhí cúisithe as ionsaí gnéis a dhéanamh ar chailín sa sráidbhaile.

Spreagtha chun Cainte

Tugann na scéalta seo misneach don bhean aonaránach sa chomhluadar a scéal féin a nochtadh, cé nach scéal é sin ach an oiread ach tráchtaireacht ar bhás a páiste féin i linn snámha. Agus dianiarracht á déanamh aici gan screadaíl, déanann sí cur síos ar an nglaoch gutháin a fuair sí tar éis bhás an linbh, glaoch ina raibh guth an linbh féin le cloisteáil go soiléir.

Is iomaí gné sa dráma seo a dhéanann nasc daingean idir na haisteoirí agus an lucht féachana: fiacha an dráma féin do thraidisiún scéalaíochta a ritheann ó William Carleton go Séamus Ó Duilearga, an bhéim ghrámhar a chuirtear ar chairdeas leochaileach na bhfear, mar aon le greann tobann na tuaithe. (Nuair a thagann an bhean isteach sa tigh tábhairne, iarrann sí fíon bán, agus tugtar pionta ollmhór Pinot Grigio di go béasach). Ach i ndeireadh na dála, ní foláir a rá go síolraíonn cumhacht an dráma seo as cúngacht na bpearsantachtaí ilghnéitheacha sa tigh tábhairne.

Is meafair nó ‘ideal-types’ i bhfocail Weber iad araon. Is é Ardal O Hanlon an lúdramán áitiúil, cineál Lennie Éireannach ó Of Mice and Men. Tugtar dualgais an bhoic mhóir thráchtála áitiúil do Risteárd Cooper. Mac na máthar tinne is ea fear an tí de chuid Peter McDonald. Agus Falstaff lách greannmhar é Brian Cox, an t-aisteoir is cumhachtaí ar an ardán ansin fé dheireadh. An tAmadán, an Póca Teann, Norman Bates agus an Ridire Ramhar ag iomrascáil lena chéile os comhair comharsa bhaineann nua. Ós rud é go raibh na haisteoirí go léir ar bharr a réime le linn na n-oícheanta i Londain, ba chuma leis an lucht féachana go bhfacthas na pearsantachtaí uilíocha seo cheana féin. Mhínigh an stairí Walter Pater cumhacht na bpearsantachtaí uilíocha seo, agus dar leis is éard a bhí i gceist ná iarracht

‘to seek the type in the individual, to purge from the individual all that belongs only to the individual, all the accidents, feelings, actions of a special moment, all that in its nature enduring for a moment looks like a frozen thing if you arrest it, to abstract and express only what is permanent, structural, abiding.’

Deadwood

Rinne Brian Cox féin an cleas seo cheana féin agus é ag obair le David Milch ar an tsraith teilifíse Deadwood i Meiriceá. Ghlac Cox le páirt Éireannach eile sa tsraith sin, páirt Jack Langrishe, bainisteoir cáiliúil ar troupe d’aisteoirí a chuir fúthu ag Owáyasuta sna Black Hills i South Dakota le linn fuadar an óir tar éis Chogadh na gCarad. B’Éireannach é cinnte sa tsraith seo mar aon le reacaire agus Gaeilgeoir fiú. (D’óladh Cox a uisce beatha sa saloon áitiúil le “sláinte”).

Ach bhí oilithreacht níos uilí á heagrú ag Langrishe freisin ós rud é gurbh eisean taidhleoir an ardchultúir, an tsiamsa agus an oideachais sa champa suarach mianadóireachta sin. Pearsantacht chúng so-aitheanta é Langrishe de chuid Cox, ach pearsantacht le ceachtanna domhanda ina mhála aige. B’é sin an rud a fheictear sa Weir freisin. Fé dheireadh, fágann Cox slán againn le cur síos ar an lá ar phós a chailín féin Garda i mBleá Cliath tar éis dó scaoileadh léi go fánach, gan chéill. Is taibhse é féin os ár gcomhair amach agus na gloiní á nglanadh agus na fuinneoga á ndúnadh ag fear an tí. Níl fágtha aige ach cuimhní cinn, a gharáiste beag agus i bhfocail Langrishe in Deadwood, ‘the expedition of one’s life disarray’.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR
  • Is scríbhneoir staire ó chathair Chorcaí John-Paul McCarthy.
RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.