THALL IS ABHUS
Lençois Maranheses
Seán Greif Seán Greif Seán Greif

Bhlais Seán Greif cuid den saol ciúin i réimse dumhcha ar chósta na Brasaíle. Bhí air a lámh a choinneáil ina phóca nó ba gheis dó íoc go daor as codladh aon oíche ar aon leaba.

Íomhá
An t-údar ag tabhairt sosa do na lapaí
Íomhá
'Línéadaí leapan na hAmasóine'
Íomhá
Lençois Maranheses
(le Nadia Stabile ar Picasaweb)
Íomhá
Lençois Maranheses

Is áit dhraíochtúil é Maranhao, in oirthuaisceart na Brasaíle. Sao Luís ainm príomhchathair an stáit agus is cathair álainn stairiúil í. Ach is stair bhrónach atá lán de chian atá i gceist. Bhí an chathair seo ar cheann de na chéad radhairc den Bhrasaíl a chonaic na sclábhaithe anoir as an Afraic. Tá cuma na haoise ar an seanbhaile anois. Ag titim as a chéile atá na foirgnimh uaisle, a ré caillte acu na céadta bliain ó shin. Ach tá fuinneamh nua i gcuisle na cathrach. Tá clú bainte amach ag Sao Luís de bharr na reggae beats agus fuaim na ndrumaí atá le cloisteáil gach oíche. Tá féile mhór tógtha ó thraidisiún na dtreabhacha áitiúla a mhaireann níos mó ná mí atá cáiliúil ar fud na tíre anois. Tá fuil óg le brath i seanchorp na cathrach anois agus b’fhéidir go bhfuil ré nua i ndán do Sao Luís.

Ach ní i Sao Luís atáim. Turas 250km siar ar bhóthar tur agus sroicheann tú na Lençois Maranheses. Tugtar “na brait bhána” orthu de bharr gaineamh geal a ndumhcha. Tá cuma fásaigh ar an áit, ach ní fásach é. Nuair a thagann seasúr na báistí, bíonn lochanna gealghorma idir na dumhcha agus cuma gealaí ar an áit. Tá an fásach bréagach seo beagnach chomh mór le Contae Pórt Lairge agus táimse i m’aonar ag siúl tríd ag lorg fuaráin ina lár agus na ndaoine a chónaíonn ann. D’imigh mé roimh éirí na gréine chun teas an lae a sheachaint. Ag fágail an baile roimh mhaidneachan, mhothaigh mé an gaineamh faoi mo chosa sula bhfaca mé an fásach mórthimpeall orm. Ach le breacadh an lae, nocht an t-iontas os mo chomhair.

Baol Seachráin

Ar ndóigh, tá sé easca tú féin a chailleadh in áit mar seo. Bhí orm a chinntiú go raibh mo scáth i gcónaí san áit chéanna agus mé ag siúl, ionas go mbeadh fhios agam go raibh mé ag leanúint líne díreach. Tagann an gaoth ón bhfarraige i rith an lae agus a mhalairt atá fíor san oíche. Cabhraíonn sé sin chomh maith. Bíonn ort cloí le líne dhíreach i gcónaí, fíu má tá ort lochanna móra a trasnú, nó an dumhach is airde a dhreapadh. Bhí sé thar a bheith te agus ní raibh faoiseamh ar bith ón ngréin. Bhain mé mo bhuataisí díom toisc go raibh siad ag líonadh le gaineamh agus bhí sé deacair siúl leo. Is doiligh a chreidiúint, ach bhí sé níos éasca siúl ar an ghaineamh te gan iad. Chun uisce glan a aimsiú ní raibh i gceist ach poll a dhéanamh gearr do loch agus glanann an gaineamh an t-uisce duit. Ach fiú leis na sosanna uisce, bhíos tuirseach traochta, agus bhí mé ag mothú níos laige le himeacht ama.

Ach ní mise an chéad Éireannach a shiúil sna críocha tirime tura seo. In áit naofa stairiúil atáim, áit a d’fhéadfadh bheith mar Mecca Los Irlandes ar an mór-roinn seo toisc gurb í Maranhao suíomh an chéad Lá Fhéile Phádraig i Meiriceá theas. Buíochas le Lancelot(nó Lourenco mar a thugtar air) Belfort a bhí an ócáid. Baile Átha Cliathach a rugadh i 1708, ach de thoradh saibhris agus cáile, bhain sé an Bhrasaíl amach thart ar 1739 mar shaighdiúir tuarastail ag troid i gcoinne treibheanna na háite.

D’éirigh go maith leis agus sul i bhfad bhí monarcha agus roinnt feirmeacha ollmhóra aige. Bhí Belfort mór le rá sa cheantar, go háirithe tar éis pósadh le bean ó chlann uasal Portaingéileach. Bhí deiseanna iontacha ag Belfort anois ach bhí carachtar corrthónach aige i gcónaí agus roimh i bhfad, bhí éacht nua ag taisteal uaidh. Lean sé an abhainn Itapecuru isteach go croí na tíre tirime contúirtí seo. Agus ar bhruach an Itapecuru a bhunaigh sé an baile beag Kelru. Deirtear go dtagann an t-ainm Kelru ón mBéarla Kylrue, ainm an caisleán inár rugadh é i mBaile Átha Cliath. Agus bhí sé sa bhaile neamhthabhachtach seo inár tógadh séipéal in ónóir do Naomh Phádraig. Céiliúradh an chéad Lá Fhéile Phádraig sa séipéilín seo agus gan fhios dó, d’fhág sé lorg Éireannach ar an bhfásach iargulta seo.

Íostas ar Ardchostas

Nuair a chonaic mé na crainn don chéad uair, níor chreid mé mo shúile. Ach ag breathnú arís ar an líne dhubh i ndomhan bán an ghainimh, bhíos cinnte nach meabhalscáil a bhí i gceist. Scread mé amach le háthas agus líonadh mo chorp le fuinneamh nua. Bhíos beagnach ag rith i dtreo an fhuaráin. Ach bhuail díoma arís mé nuair a bhain mé na crainn amach. Bhí siad chomh tiubh agus ní raibh an chuma ar áit go raibh éinne ina chónaí ann. Rinne mé iarracht deatach a aimsiú sa spéir chun mé a threorú, ach a leithéid ní raibh ann. Ag leanúint ar aghaidh tháinig mé ar loirg choise sa ghaineamh agus lean mé iad chuig na tithe.

Bhain mé an áit amach faoi deireadh ach thuig mé go luath go raibh siad chun an t-uafás airgid a iarraidh orm chun oíche a chaitheamh ann. Le barr easpa airgid agus ag cur mo mhuiníne i mo phuball féin, dhiúltaigh mé fanacht leo, ach ar son a bheith béasach, chruthaigh mé an leithscéal go raibh sé níos fearr dom siúl i rith na oíche, in ionad siúl faoi theas na gréine, scéal nach raibh iomlán bréagach. D’fhág mé slán agus beannacht acu agus thaispeáin siad an bhealach dom, an líne dhíreach a bheadh orm a leanacht. Bhí sé go hálainn ag súil i rith na hoíche, ag leanúint na réalta faoi spéir álainn. Chodail mé seal faoi na flaithis, ach bhíos ag siúl go luath arís roimh éirí na gréine, blaiseadh den bhrón orm na dumhcha a fhágáil i mo dhiaidh.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is as BAC an t-údar. Bhain sé céim sa tráchtáil agus sa Ghaeilge amach agus chuaigh ag obair ar mhór-ranna dheisceart an domhain. Tá sé ag cur lena chuid Spáinnise sa Phatagóin faoi láthair.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.