AR NA SAOLTA SEO
Leithcheal á Dhéanamh ar Fhoghlaim na Gaeilge i Sasana
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Amharcann Breandán Delap ar an chinneadh deireadh a chur leis an Ghaeilge mar ábhar scrúdaithe i Sasana.

Íomhá
An Rúnaí Oideachais, Michael Gove, Feisire
(ar Vicipéid)
Íomhá
Ionad Chultúir na nGael i Hammersmith
Íomhá
Christy Evans, Coláiste na nGael, Sasana
Íomhá
Iris na Gaeilge de chuid Choláiste na nGael

Ceart bunúsach go leor é d’aon ghasúr óg a bheith ábalta cáilíocht a bhaint amach i dteanga a shinsir. Tá an baol ann, áfach, go mbeidh an ceart seo á shéanadh ar dhaltaí de bhunadh na hÉireann i Sasana feasta. Nuair a bhí an mustar agus mórdháil a bhain le cuairt oifigiúil Uachtarán na hÉireann ar an Bhreatain in ard a réime an mhí seo caite, tháinig bileog bheag daite chugam sa phost. ‘Abandoned!’ a bhí mar theideal air agus bhí pictiúir air de ghasúr óg lena cheann faoi. ‘Who will speak for Irish children in Britain now the VIPs have gone back to Dublin?’ a d’fhiafraigh an bhileog.

Cé go raibh rúidín den áibhéil ag baint leis na grianghrafanna ar an bhileoig, níl aon amhras ach go raibh pointe láidir déanta ann. ’Sé Coláiste na nGael, a chuireann ranganna Gaeilge ar fáil do thuairim is 25 páiste ar fud Shasana, a d’eisigh an bhileog agus tá siad ag iarraidh aird a tharraingt ar an chinneadh a deineadh anuraidh deireadh a chur leis an Ghaeilge mar ábhar scrúduithe don GCSE i Sasana. Deir an foras cáiliúcháin a bhíodh ag cur na scrúduithe Gaeilge ar fáil gur de bharr easpa éilimh a deineadh an cinneadh.

’Sé an Bord Scrúdaithe i dTuaisceart Éireann, an CCEA, a bhíodh ag cur na cáilíochtaí Gaeilge ar fáil i Sasana. Rinne siad an cinneadh anuraidh, áfach, stop a chur leis na scrúduithe. Ciallaíonn sé sin nach bhfuil deis ag aon dalta i Sasana tabhairt faoin Ghaeilge sa GCSE feasta. Chuir an cinneadh seo alltacht ar Choláiste na nGael agus scríobh siad chuig an Aire Oideachais, Michael Gove, lena n-imní a chur in iúl. Fuair siad freagra uaidh siúd ag maíomh nach faoina Roinn a thiteann an cúram sin a thuilleadh ach faoin fhoras cháiliúcháin chuí – an CCEA sa chás seo.

Cead a Chinn ag Comhlacht

Deir an Roinn Oideachais sa Bhreatain gur cinneadh é do gach bord scrúdaithe measúnú a dhéanamh ar an mhéid éileamh atá ar cháilíochtaí faoi leith. 2,080 dalta a thug faoin Ghaeilge sa GCSE anuraidh ach ba i dTuaisceart na hÉireann a bhí siad uilig díomaite de bheirt i Sasana. I ráiteas a d’eisigh an CCEA dúradh gur deineadh cinneadh gan cháilíocht sa Ghaeilge a chur ar fáil i Sasana níos mó mar gheall “ar na difríochtaí atá ag teacht chun cinn idir na scrúdaithe i dTuaisceart Éireann agus i Sasana.” Deir siad go bhfuil dualgas reachtúil orthu scrúdaithe Gaeilge a chur ar fáil i dTuaisceart Éireann, ach nach bhfuil an ceangal sin orthu i Sasana.

Go bunúsach feidhmíonn na Boird Scrúdaithe sa Ríocht Aontaithe mar a bheadh gnólachtaí príobháideacha ann agus tá cead dá réir acu gan ábhair a sholáthar mura bhfuiltear ag déanamh brabúis astu. Deir Coláiste na nGael go mbíodh idir cúigear agus deichniúr dalta ag tabhairt faoin scrúdú GCSE go rialta i Sasana le dornán blianta anuas. Deir an Coláiste gur easpa deiseanna chun an teanga a fhoghlaim is cúis leis an líon beag seo. “Léiríonn ár dtaighde féin go bhfuil an-ráchairt ar an Ghaeilge. Bhí an-tóir ar ranganna Gaeilge a d’eagraigh muid i scoileanna i Sasana mar chuid de Sheachtain na Gaeilge i mbliana,” arsa Christy Evans ó Choláiste na nGael.

Measann sé, áfach, go bhfuil fadhb níos leithne ann. “Tá lear mór daoine óga as Éirinn i scoileanna, otharlanna agus i hallaí baile na Breataine. Tá Gaeilge ag go leor acu. Tá tuairiscí tagtha chugam ó mhúinteoirí óga Gaeilge faoi eachtraí maistíneachta agus ciníochais. Tá doicheall go fóill ar go leor bainisteoirí scoile i Sasana i leith na n-Éireannach agus a gcultúir,” a deir Christy Evans. “Lena chois sin, tá go leor páistí ar scoil i Sasana a bhfuil Gaeilge acu agus níltear ag freastal ar a gcuid riachtanais siúd. Tá na hÉireannaigh i dTuaisceart Éireann ar ‘an ghrúpa eitneach’ is fearr a chruthaíonn sna scrúduithe ins an Ríocht Aontaithe. Os a choinne sin, tá páistí Éireannacha atá ina gcónaí sa Bhreatain gar do bhun na sraithe. Ní dhéanann údaráis oideachais na Breataine aon phlé ar an bhfadhb seo.”

Teangacha Baile na Ríochta Aontaithe

Ach an bhfuil aon ní gur féidir a dhéanamh chun an deis a thabhairt in athuair do scoláirí i Sasana atá ag iarraidh tabhairt faoin scrúdú? Is léir nach bhfuil an cinneadh stop a chur leis na scrúdaithe greannta i gcloich. Tá pobal na Gaeilge sa Bhreatain ag iarraidh go ndéanfaí cás faoi leith don Ghaeilge mar ábhar GCSE i Sasana. Deir Christy Evans go gcaitheann Rialtas na Breataine leis an Ghaeilge mar ‘theanga baile’ de chuid na Ríochta Aontaithe. An bhféadfaí eisceacht a dhéanamh mar sin lena chinntiú go dtabharfaí deis don dornán scoláire atá ag iarraidh cáilíocht a bhaint amach ann? I ráiteas a d’eisigh rialtóir na gcáilíochtaí, an tOifig um Scrúduithe agus Cáilíochtaí sa Bhreatain (nó Ofqual mar is fearr aithne air), do Beo.ie, dúradh nach gcuireann siadsan aon bhrú ar na boird scrúdaithe ábhair faoi leith a chur ar fáil do dhaltaí. Táthar i mbun leasuithe a chur i gcrích ar na hábhair GCSE faoi láthair agus beidh an próiseas seo críochnaithe fán bhliain 2017:

“This spring, we will consult on our plans for the reform of the remaining GCSEs (and A levels). When we have finished the consultation, we will set out the process exam boards will have to follow if they want to develop and award a GCSE in a subject for which DfE has not published content.”

Measann Christy Evans go gcuireann Rialtas na hÉireann an-chuid béime ar mhaoiniú a dhéanamh ar thograí a bhaineann le daoine a chuaigh ar imirce go Sasana ins na seascaidí. Tá sé ag éileamh ar an Rialtas anois tosaíocht a thabhairt feasta do riachtanais oideachais an aosa óig sa Bhreatain. Níl aon cheist ach go bhfuil an caidreamh idir an dá stát ag leibhéal cairdis nach facthas ariamh cheana. Níl sé míréasúnta mar sin a bheith ag súil go ndéanfadh rialtas na hÉireann idirghabháil ar son phobal na Gaeilge thall lena chinntiú go leanfar leis na scrúduithe. Cé nach bhfuil ach dornán daltaí i gceist ar bhonn bliantúil, tá tábhacht nach beag ag baint leis an cheist seo do dheoraithe agus do shliocht na n-Éireannach i Sasana atá ag iarraidh a gcultúr agus a teanga a chaomhnú.

Chinnteodh a leithéid de thacaíocht ó rialtas na hÉireann nach mustar gan ghustal a bhí i dturas Michael D chun na Breataine.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.