AR NA SAOLTA SEO
Léirsithe le toiseacht arís ag Scoil na Croise Naofa?
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

I dtrátha an ama seo anuraidh bhí pictiúir le feiceáil ar scáileáin theilifíse ar fud an domhain de chailíní Scoil na Croise Naofa i mBéal Feirste á maslú go fíochmhar ag léirsitheoirí dílseacha agus iad ar a mbealach ar scoil. Tá ráflaí ag dul timpeall arís, a deir Robert McMillen, go gcuirfear tús leis na léirsithe seo in athuair.

Íomhá
Alex Maskey, Ardmhéara Bhéal Feirste: ag caint le dílseoirí
Íomhá
Páistí agus tuismitheoirí faoi ionsaí ar a mbealach go Scoil na Croise Naofa, 5 Meán Fómhair 2001
Íomhá
Léirseoirí Protastúnacha in aice le Scoil na Croise Naofa, Meán Fómhair 2001

Ba dhoiligh é a shamhlú cúpla bliain ó shin ach an mhí seo caite, 13 Lúnasa, bhuail Ardmhéara Sinn Féineach Bhéal Feirste, Alex Maskey, leis an Ulster Political Research Group, grúpa atá ceangailte leis an UDA. I measc thoscaireacht an UPRG, bhí JohnWhite - fear a ciontaíodh as dúnmharú an tSeanadóra Paddy Wilson agus Irene Andrews - Davy Mahood, agus iar leas-Ardmhéara na cathrach, Frank McCoubrey. Dúirt Maskey go raibh dóchas aige go dtionscnódh na cainteanna seo “dialóg structúrtha.”

Thart ar an am chéanna, bhuail Gerry Kelly, ball sinsearach eile de chuid Shinn Féin, leis an Oirmhinneach Mervyn Simpson, cathaoirleach Choimisiún na nDílseoirí, a bhfuil an UDA/UFF, nó faoina n-ainm cleite Cosantóirí na Láimhe Deirge, ina gcuid lárnach de.

An ábhar dóchais é seo, nó an bhfuil na páirtithe a bhfuil baint acu le paramílitigh ag iarraidh cumhacht a roinnt ina gceantracha féin? An féidir leis an dá dhream “fuascailt mhíleata” a oibriú amach eatarthu féin, socrú a chuirfeadh in iúl don dá dhream paramíliteach go bhfuil an bhua acu, mar a rinne Comhaontú Aoine an Chéasta iarracht a dheanamh i saol na polaitíochta?

Is comharba é an Ulster Political Research Group ar bhuail Alex Maskey leo ar an ghrúpa a d’fhoilsigh cáipéis dar teideal “Common Sense” i 1978. Tá ceangal láidir ag an ghrúpa leis an UDA/UFF ach bhí smaointe úra ó thaobh na ndílseoirí sa cháipéis seo 24 bliain ó shin. Bhí ceannairí an UDA, John McMicheal agus Andy Tyrie, ar na daoine a shínigh é. Mhol siad bunreacht scríofa do Thuaiscert Éireann, córas roinnte cumhachta idir na páirtithe polaitíochta a bhfuil macallaí de i gComhaontú Aoine an Chéasta.

Daonlathas nua-aimseartha

Thug “Common Sense” co-determination ar cibé socrú a thiocfadh as teacht le chéile “Protastúnaigh Uladh” agus “Caitlicigh Uladh.” Chruthófaí daonlathas nua-aimseartha, iolraíoch, spreagúil dá bharr. Tá difear an domhain idir an UDA agus a eití polaitíochta éagsúla ó shin i leith, ach b’fhéidir gur iarsma den smaointeoireacht radacach sin a bhí i “Common Sense” atá ag séideadh fríd an UDA faoi láthair, áfach.

Tuairiscíonn Anton Mac Cába sa nuachtán *Lá *go bhfuil an chuma ar an scéal “go mbeidh deireadh leis an UPRG” de dheasca an chruinnithe le Maskey. Deir sé go raibh cruinniú teasaí idir comhairle inmheánach an UDA agus baill an UPRG agus nár thug ach Tuaisceart agus Iarthar Bhéal Feirste tacacíocht don eite pholaitiúil. Is beag an seans, mar sin, go mbeidh cruinnithe idir baill Shinn Féin agus an UDA sa todhchaí, rud a thig salach ar thuairimí lucht scríofa “Common Sense” a mhaígh gur shíl an pobal Protastúnach nár leor é *No *a rá. Mhol siad “a set of constitutional laws, agreed by Ulster Catholics and Protestants together which would lay the foundations on which to build a new progressive democracy”.

Faoi láthair, tá dúshraith pholaitiúil an UDA ligthe i ndearmad. Tá deireadh tagtha le sos cogaidh s’acu agus tá siad ciontach as na céadta ionsaí buama ar thithe Caitliceacha le cúpla bliain anuas. Ainneoin Tuaisceart Bhéal Feirste a bheith i bhfách le cainteanna White agus a chairde le Maskey, tá an scéal ag dul in olcas sa taobh sin den chathair. Tá cailíní Scoil na Croise Naofa ar ais ar scoil agus ráflaí ag dul thart go bhfuil na léirsithe ina n-éadan le toiseacht arís. Tá an scoil Chaitlieach i mbaol a dúnta.

Dóibh siúd a bhfuil páistí bunscoile agaibh, seo an comhthéacs ina gcuireann tuismitheoirí a gcuid páistí ar scoil. Tá an scoil suite i gceantar - BT14 - inar maraíodh 421 duine ó bhí 1969 ann, bunús mór acu sin ina gCaitlicigh. Nuair a fosclaíodh Scoil na Croise Naofa den chéad uair i 1969, bhí 656 páiste ar na rollaí agus 22 múinteoir á dteagasc. Ag tús an téarma seo, beidh 216 páiste ag freastal ar an scoil.

Drochíde

Tá a fhios ag an tsaol mhór fán drochíde a tugadh do na cailíní anuraidh. Seachtain sular fhoscail an scoil don téarma úr i mbliana, caitheadh dhá bhuama peitril isteach ar fhuinneog tí i dtuaisceart Bhéal Feirste ina raibh beirt pháistí scoile ina gcónaí. Tá an síorfhoréigean ag dul ar aghaidh an t-am ar fad, bunús mór de ag teacht ó dhílseoirí. Rinneadh damáiste mór do scoil Chaitliceach eile sa cheantar, Dominican College, nuair a cuireadh seomraí stórais le thine an tseachtain seo caite.

Tá na céadta buama píopa agus peitril caite ar thithe Caitliceacha fud fad na Sé Chontae, go háirithe i dtuaisceart Bhéal Feirste mar a bhfuil Scoil na Croise Naofa suite. Tá foinsí slándála ag rá go bhfuil an LVF, atá gníomhach i dtuaisceart na cathrach, ag treisiú i rith an ama agus tá caint ann go bhfuil na léirsithe le toiseacht in athuair. Deir an tAthair Troy, cathaoirleach Bhord Gobharnóirí Scoil na Croise Naofa, go bhfuil an teannas níos measa anois ó “tháinig na gunnaí amach ar na sráideanna,” ach go raibh dóchas aige nach gcuirfí isteach ar dhaltaí na scoile Protastúnaí, Wheatfield, dá bharr.

Dá gcruthódh sé deis le deireadh a chur leis an choimhlint uafásach seo, nár cheart do na daoine a bhfuil tionchar acu a bheith ag caint le chéile, fiú más an UDA agus an IRA atá i gceist.

Is iriseoir leis an *Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.