AR NA SAOLTA SEO
Leasú Polaitiúil: Cén Dul Chun Cinn?
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

Cleas an philibín? Is eagal le Ciarán Mac Aonghusa go dtitfidh ar lár leasuithe tábhachtacha sa chóras pholaitíochta a bhí ar chlár an rialtais.

Tugtar Tír Aodha ar an áit a rugadh is a tógadh féin, an limistéar tíre i ndeisceart Thír Chonaill idir Béal Átha Seanaigh agus an Bearnas Mór i ngar do bhaile Dhún na nGall. an ceantar seo ina chuid de chontae Thír Chonaill ( contae Dhún na nGall lena hainm oifigiúil a thabhairt air) ón nua-aois luath. Bhí Tír Aodha ina chuid de dháilcheantar Dhún na nGall sa chéad Dáil agus ina chuid den dáilcheantar Dún na nGall Thiar Theas ó roinneadh an chontae ina dhá chuid. Ach moladh anois ann go nascfaí an dháilcheantar chonallacha arís agus go mbainfí Tír Aodha amach as Tír Chonaill chun í a chur le Sligeach-Liatroim.

Níl muintir Thír Aodha róshásta leis an scaradh seo, ach deir an rialtas go laghdófaí an méid Teachtaí Dála ó 166 go 158 de réir na moltaí nua. Níl amhras ach go bhfuil leasuithe polaitiúla de dhíth, ach is ar éigean a chreidim gur leasú ionraic é seo. Níl ann, dar liom, ach go bhfuil an rialtas ag iarraidh athrú éigin a dhéanamh le go mbeidh le acu gur chuir siad lena bhfocal ó thaobh leasuithe pholaitiúla de. Cleas an philibín.

bhí díospóireacht ann faoin líon ceart Teachtaí gur chóir a bheith againn, níor chuala í. Agus chuir an rialtas fianaise os comhair an phobail a léirigh go gcuirfeadh laghdú d’ocht dTeachta le feidhmiú na Dála, fhaca í. Níl ann, mar is gnách ach cur i gcéill agus cur amú ama.

Comhdháil an Bhunreachta

Gheall Fine Gael agus an Lucht Oibre araon go gcuirfidís athruithe móra ar an bhunreacht. Lena gceart a thabhairt daoibh, chinntigh siad ar na mallaibh go dtionólfar comhdháil choinne an bunreacht a leasú. Gheall an Lucht Oibre roimh an toghchán gon-athscríobhfaí an bunreacht”. bheidh i gceist sa chomhdháil, áfach, ach athruithe beaga gan mórán tábhachtaan tréimhse in oifig atá ag an uachtarán, aois na vótála, an tagairt do dhiamhasla a scriosadh amach, srl.

beagán dul chun cinn déanta ag an rialtas i dtaobh mhaoiniú na bpáirtithe. D’fhoilsigh siad bille anuraidh a chuirfidh sriain ar shíntiúis pholaitiúla. bheidh ceadaithe de réir an bhille ag aon iarrthóir níos €1000 a ghlacadh, is bheidh cead ag páirtí níos €2500 a fháil. I gcás aon síntiús os cionn €200, caithfear gach sonrúballraíocht, cuntais, agus tuarascálacha bliantúlaa bhaineann leis an bhronntóir a chur chuig an Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí.

Cuirfear cúinsí lín inscne i bhfeidhm fosta. Aon pháirtí nach mbeidh ar a laghad 30% chuid iarrthóirí ina mná, bhfaighidh siad ach leathchuid den mhaoiniú stáit a bhíonn ar fáil do pháirtithe.

Dúirt Brendan Howlin le déanaí go bhfuil faoin rialtas rialacha nua a chur i bhfeidhm maidir le brústocaireacht. Cuirfear na carthanais, na forais ghairmiúla, agus na brústocairí tráchtála ar chlár poiblí. Foilseofar an chumarsáid idir na heagraíochtaí seo agus ranna an rialtais fosta. Beidh ar státseirbhísigh agus ar airí fanacht dhá bhliain sula mbí cead acu obair san earnáil phríobháideach. Agus gearrfar pionós orthu siúd a sháraíonn na rialacha seo.

An Tír san Fhaopach

an rialtas fós a go gcuirfí reifreann ar an tSeanad os comhair na ndaoine ar ndóigh. súil agam go gcíorfar an cheist seo i gceart d’fhéadfadh feidhm fhiúntach a bheith ag an tSeanad a chuirfeadh le daonlathas na tíre. Cuirim i gcás go bhféadfadh an Seanad ceapúcháin phoiblí a scrúdú, fiosrúcháin éagsúla a dhéanamh. Ach ar ndóigh, bheadh athrú mór ar bhallraíocht agus ar cheapadh an tSeanaid féin de dhíth. Léiríonn an fiasco i Westminster maidir le Teach na dTiarnaí gur féidir le ceist an Uachtair a bheith ina coimhlint ghéar. B’fhéidir nach bhfuil deireadh leis an tSeanad go fóill!

fheicim aon dul chun cinn, áfach, maidir leis na ceisteanna is a d’fhág an tír sa chaoi a bhfuil , san fhaopach. Níor chualamar faic faoi na lochtanna a bhaineann leis an Dáil féin.

Is léir nach raibh daoine cumasacha i gceannas ar an tír le linn aimsir an tíogair. hionadh ar bith é is ar éigean a mheallann an Dáil éinne a bhfuil taithí mhór aige aici ó aon earnáil eile amach ón pholaitíocht féin: go bhfuil cuid mhaith acu oilte, thosaigh siad mar chomhairleoirí agus chríochnaigh siad sa Dáil. É sin fuair siad suíochán a bhí ag duine muinteartha. ( roinnt eisceachtaí ann ach seo an scéal i gcás bunús na dTeachtaí). mo bharúil féin go raibh an chomh-aireacht dheireanach de chuid Cowen ar cheann de na rialtais is cumas raibh ann.

chreidim nach bhfuil aon trácht, cuirim i gcás, ar an chaoi a gceaptar daoine ina n-airí de réir cumais ach, minic go leor, de réir na léarscála. Níor cuireadh aon athrú ar an ollchumhacht atá ag an fheidhmeannacht, rud a fhágann nach bhfuil againn ach parlaimint iontach lag. Níl de chumas ag an fhreasúra cuntas a iarraidh ar an rialtas. Is níor chuala aon rud faoi na Coistí Dála a chur ar bonn bunreachtúil seasamh níos fearr a thabhairt dóibh.

Agus ar ndóigh, níor chualamar tada faoin cheist mhór atá ag croílár na polaitíochta sa tír seo, mar atá, an cliantachas. Dubhaíonn an scamall seo gach pobal in ÉirinnTír Aodha ina measc. múscailt de dhíth táimid chun an pholaitíocht a athnuachan i gceart, ach dóigh liom go bhfuil an cheist seo ag goilleadh go róghéar ar mhuintir Theach Laighean.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.