AR NA SAOLTA SEO
Learpholl an Drochshaoil agus Learpholl na Linne Seo
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Bhí Tony Birtill ag caitheamh súil siar na blianta ar Learpholl an Drochshaoil nuair a chas an t-iriseoir teilifíse, Donal Mac Intyre, air ar na mallaibh.

Íomhá
Fear na teilifíse, Donal Mac Intyre
Íomhá
An tAire Séamas Ó Duineacháin agus Méara Learphoill, Frank Prendergast
Íomhá
Comóradh ag an Iarsmalann
Íomhá
Ag an seanduga i Learpholl
Íomhá
Danny Morrison i Learpholl

An t-Aire Ealaíne, Oidhreacht agus an Gaeltacht, Séamas Ó Duineacháin TD, an t-aoi speisialta a bhí againn Dé Domhnaigh 16ú Deireadh Fómhair nuair a d’fhreastail sé ar imeachtaí ag Féile Learphoill amuigh faoin aer ag seanduga Albert.

Chomh maith le siamsa Chomhaltas Ceoltóirí Éireann agus Scoil Rince Mhic Fhearghusa, d’inis complacht aisteoirí áitiúla scéal faoi dhídeanaí ón Drochshaol a tháinig i dtír sa chathair i 1847, dráma a bhí an-fhóirsteanach mar labhair Séamas Ó Duineacháin ag Cuimhneachán ar an Drochshaol an tráthnóna sin i lár na cathrach. Eagraíonn Rialtas na hÉireann deasghnáth mar seo gach bliana - anuraidh i Nua-Eabhrac a bhí sé agus bhí sé ag Grosse Isle, Quebec, Ceanada, arú anuraidh, 2009, áit a bhfuair 6,000 Éireannach bás san ionad coinneála ansin.

nasc brónach idir an t-oileán seo agus Learpholl, mar sheol cuid mhaith den loingeas a tháinig i dtír ansin as Abhainn na Mersey, cuir i gcás an Virginius le 476 paisinéir ar bord. Seo mar a scríobh an Dochtúir George Douglas, Stiúrthóir ar Grosse Isle faoin bád seo, 25ú Bealtaine 1847: "On mustering the passengers for inspection yesterday, it was found that 106 were ill of fever, including nine of the crew, and the large number of 158 had died on the passage, including the first and second officers and seven on the crew, and the master and the steward dying, the few that were able to come on deck were ghastly yellow looking spectres, unshaven and hollow cheeked, and, with exception, the worst looking passengers I have ever seen;" (‘The Famine Ships’ le Edward Laxton, 1996)

Leacht Cuimhneacháin

Ag an leacht cuimhneacháin a rinne Éamonn Ó Dochartaigh (nach maireann) a bhí an deasghnáth. Nocht Uachtarán na hÉireann, Máire Bean Mhic Giolla Íosa, an leacht seo i 1997 agus labhair Greg Quiery, ó Choiste Cuimhneachán an Drochshaoil (Learpholl) ar an lá sin agus arís i mbliana. Ghabh sé buíochas le Comhairle na Cathrach, a sholáthair suíomh don leacht. Léigh sé sliocht as an ráiteas a thug an Príomhaire Tony Blair 31ú Bealtaine 1997:

"That one million people should have died in what was then part of the richest and most powerful nations in the world is something that still causes pain as we reflect on it today."

D’fháiltigh Frank Prendergast, Méara Learphoill, roimh an Aire agus roimh an Ambasadóir, Bobby McDonagh, agus mhol sé an méid a rinne na hÉireannaigh do leas an phobail sa chathair, go mór mór i ngnóthaí spóirt, ceoil, siamsa agus sa drámaíocht.

Thug Séamas Ó Duineacháin cur síos ar an laghdú sa daonra i nÉirinn, ó 8.5 milliún i 1845 go 6.6 milliún i 1851, an tréimhse ba mheasa den Drochshaol. Tháinig 1.3 milliún acu i dtír i Learpholl 1845-1852 agus tá ceangal láidir idir an chathair agus Éire ó shin. Ach luaigh sé an ‘gorta’ san Afraic faoi láthair agus dúirt sé: "The only way we can truly honour the victims of the Irish Famine is to eliminate famine today."

In aitheasc fíorbhrónach, mhínigh Cllr. Roz Glannon, leascheannaire Comhairle na Cathrach, go dtáinig a sin-seanathair ó Chorcaigh go Learpholl in am an Drochshaoil nuair a bhí sé 10 bliana, an t-aon marthanóir amháin as teaghlach deichniúr.

An dúnghaois Laissez Faire de Rialtas Shasana (nuair a tógadh an bia as Éirinn) ba chúis leis an sléacht, mar a dúirt Tony Blair, agus dhearbhaigh Roz Glannon go raibh ganntanas bia i measc gnáthdhaoine i Sasana sa lá atá inniu ann agus sin an fáth go raibh ‘bancanna bia’ eagraithe sa tír. Féach ar Food Banking

Learpholl na Linne Seo

Ag tús Meán Fómhair bhí mórshiúl i gcuimhne na Stailce Ocrais 1981 i Learpholl, eagraithe ag Cairde na hÉireann, le bannaí cheoil as Albain, An Bhreatain Bheag agus as Learpholl féin chun tosaigh. Labhair an t-iarchime Danny Morrison leis an slua i lár na cathrach in aice le dealbh mór de ‘Bhanríon an Drochshaoil’ - Victoria. D’inis sé go raibh aithne mhaith aige ar Bobby Sands agus thug sé cuairt air sa Cheis Fhada anuas trí 1980. Mhaígh sé go ndearna na meáin chumarsáide deamhan as Bobby Sands MP, an íde chéanna a thug siad don iarrthóir uachtaránachta Martin McGuinness.

Bhí Donal Mac Intyre i láthair ag an dá mhórshiúl poblachtacha - a d’eagraigh eagrais éagsúla - ag déanamh clár faisnéise ach ní scaoilfeadh sé a rún liom nuair a chuir mé ceist air faoi ábhar a chuairte. Ba léir ag an mórshiúl easaontach go raibh aithne mhaith ag Mac Intyre ar na ceoltóirí le Banna Ceoil Jim Larkin agus chuala mé go raibh sé ag fíosrú an ceangal idir easaontóirí agus coirpigh.

Rinne Mac Intyre clár sa bhliain 2003 (A Very British Gangster) faoi na Noonans - deartháireacha de bhunadh Éireannach atá ina gcónaí i Manchain. Bhí na Noonans an-oscailte leis, rud a chuir iontas orm. Maraíodh Dessie Noonan, deartháir amháin le linn na scannánaíochta i 2003 agus sheinn Banna Jim Larkin ag cuimhneachán dó ag Reilig Mostyn, Manchain i Márta i mbliana. (Féach nasc You tube de leataobh anseo).

Ní raibh fhios agam go raibh spéis ag muintir Noonan i bpolaitíocht na hÉireann. Ach tuairiscíodh go raibh Mark Duggan, an fear a mharaigh na póilíní i Londain i Mí Lúnasa i mbliana, ina nia ag bean a bhí pósta le Dessie Noonan.

Gan amhras, beidh spéis ag muintir Learphoill i gclár Mac Intyre!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.