THALL IS ABHUS
Léargas nua
P.J. Mac Gabhann P.J. Mac Gabhann

an taisteal atá déanta thar lear le dhá bhliain anuas ag Máire Ní Chuagáin tar éis léargas nua a thabhairt di ar a tír dhúchais.

Íomhá
Máire Ní Chuagáin san Afraic anuraidh
Íomhá
Íomhá
Máire ag súgradh le páistí a raibh sí ag tabhairt aire dóibh i nGána anuraidh

Is dócha go bhfuil rud amháin nach mbraitheann na hÉireannaigh uathu agus iad thar lear: an drochaimsir. Ceapaimse go bhfuil an ghrian agus an teocht ard i measc na gcúiseanna go dtaitníonn an Astráil chomh mór sin leis na hÉireannaigh. Tar éis dom teocht de 35 céim Celsius a fhágáil i mo dhiaidh i Sydney agus Singapore, céard a bhí ag fanacht orm i mBaile Átha Cliath? Agus an t-eitleán ag dul i dtreo Aerfort Bhaile Átha Cliath, is ar éigean a bhí mé in ann aon rud a fheiceáil tríd an mbáisteach agus na scamaill mhóra liatha. Ní raibh aon amhras faoi – bhí mé ar ais sa mbaile anois!

I mo thuairim féin, tugann tréimhse thar lear dearcadh nua duit ort féin agus ar dhaoine eile. Feiceann tú do dhúchas, do chultúr agus do thír féin ar leibhéal uiledhomhanda. Is féidir leat céim a thógáil siar ó gach gné de do shaol sa bhaile agus léargas nua a fháil air. Níor chuala mé ach dea-scéalta den chuid is mó faoi na hÉireannaigh, go háirithe sa tSaimbia, áit a raibh dea-chuimhní ag go leor daoine ar mhúinteoirí Éireannacha a bhí acu. Is léir go bhfuil clú agus cáil dhomhanda ar ár dtír bheag féin mar áit iontach chun dul ar an drabhlás, agus meastar gur féidir le hÉireannach ar bith na céadta pionta a ól! Tá a fhios agamsa go bhfuil níos mó ná sin i gceist le bheith i d’Éireannach. Ach cén íomhá atá againn go hidirnáisiúnta? Bhraith mé go raibh spéis mhór ag muintir na dtíortha Afracacha ina raibh mé eolas a fháil ar mo chultúr; bhíodh go leor ceisteanna acu faoin teanga, an rince agus an ceol. Ach maidir le roinnt de na hEorpaigh agus na Meiriceánaigh a casadh orm, ní bhíodh le rá acu faoi Éirinn ach “Guinness”, “Lá Fhéile Pádraig”, nó “Sinn Féin”. Tá roinnt de na ceisteanna a ardaíodh sa tsraith teilifíse “Níos Gaelaí”, a bhí le feiceáil ar RTÉ le linn Sheachtain na Gaeilge, fíorspéisiúil, agus ceapaim go bhfuil sé tábhachtach dúinn ar fad tuiscint a fháil ar céard is Éireannachas ann.

Is Éireannach amach is amach mé féin, gan amhras. Is breá liom mo thír, mo theanga, mo dhúchas, mo chultúr agus mo chomh-mhuintir. Ach i ndiaidh dom a bheith ag teacht agus ag imeacht ón tír le cúpla bliain anuas, tá dearcadh nua agam ar an áit. Feicim na rudaí dearfacha agus diúltacha ar bhealach úr soiléir.

Tá a fhios againn ar fad go bhfuil an tír athraithe as cuimse le blianta beaga anuas. Tá postanna agus airgead ann in áit na scuainí imirce,árasáin áit a mbíodh na páirceanna agus tá lattes in áit na bpotaí tae!Bearna mhórNíl aon amhras ach go bhfuil buntáistí ag baint leis an saibhreas nua, ach ciallaíonn sé freisin go bhfuil an bhearna idir na haicmí ag méadú in áit a bheith ag laghdú. Anuas air sin, ciallaíonn sé go bhfuil níos mó carranna agus níos mó SUVanna ar na bóithre, rud atá ag déanamh damáiste don chomhshaol. Ciallaíonn sé go bhfuil árasáin agus tithe á dtógáil chomh sciobtha sin go bhfuil an chuma ar an scéal gur beag oscailte glas, gan trácht ar thalamh feirme, a bheidh fágtha againn. Mar atá le feiceáil san fhorbairt atá beartaithe sna Clocha Liath, mo bhaile dúchais féin, tá áiteanna áille, seanáiteanna, á scrios ar mhaithe leis an airgead. Tá a fhios agam gur gá bogadh chun tosaigh agus bheith ag forbairt, ach caithfidh meas a bheith ar an dúchas agus ar an gcomhshaol. Amanna, ceapaim go bhfuil an tír seo chomh gafa sin le hairgead gur cuma le go leor daoine faoi rud ar bith a bhaineann leis na “seanlaethanta”. An gá don Tíogar Ceilteach, cé gur seanchat anois é, droim láimhe a thabhairt le haon rud a bhfuil rian den traidisiún le sonrú air?

Rud amháin ar chuir mé suntas ann áit ar bith a raibh mé san Afraic ná an tslí a mbíonn am ag daoine dá chéile. Bíonn daoine sásta suí síos le chéile, comhrá a dhéanamh agus cabhrú lena chéile. Caithfidh na daoine brath ar a chéile agus

cabhrú lena chéile mar, gan sin, bheadh an saol i bhfad ródhian. Agus mé i measc an chultúir phobail láidir seo, rith sé liom go mairim i sochaí atá leithliseach, santach agus nach bhfuil inbhuanaithe*. *Ach, ar ndóigh, feicim na buntáistí atá agam féin agus ag mo thír – geilleagar láidir, caighdeán maith fostaíochta, oideachas, rogha slite maireachtála, sláinte, cothromas inscne. Ach an gcaithfear íoc as na rudaí seo le brú, strus agus ísliú meanman? Céard faoinár saibhreas agus forbairt spioradálta?

I gceann seachtaine fillfidh mé ar an Maláiv go ceann sé mhí. Sin an rogha atá déanta agam. Is beag duine sa Mhaláiv a bheadh in ann turas sé mhí go hÉirinn a roghnú. Is é an ceacht is mó a d’fhoghlaim mé le dhá bhliain anuas ná chomh hádhúil is atáoiread roghanna a bheith agam i mo shaol. Tá cumhacht agus smacht agam ar mo shaol féin. Agus mé ar ais i mBaile Átha Cliath le cúpla mí anuas, thug mé faoi deara chomh míshocair is a bhraitheann go leor daoine. Cé go bhfuil “gach rud” acu, tá rud éigin in easnamh. Cé nach bhfuil “gach rud” ag muintir na Maláive, tá saibhreas spioradálta as cuimse acu, agus tá soineantacht agus sonas le brath taobh thiar de gach meangadh gáire, in ainneoin dheacrachtaí an tsaoil, deacrachtaí nach féidir linne a shamhlú. Tá an rogha déanta agam smaoineamh i gcónaí ar na rudaí atá tábhachtach domsa, agus smaoineamh ar na deiseanna atá mar phribhléid agam, mar gheall ar an tír inar rugadh mé.

go leor plé faoin Éirinn nua ar siúl le déanaí, ach beidh an tseanbhratach chéanna ar mo mhála agam Déardaoin seo chugainn agus mé ag imeacht agus tá a fhios agam céard a chiallaíonn sé sin domsa.

Is as Cill Mhantáin ó dhúchas í Máire Ní Chuagáin. Bhain sí céim amach sa stair agus sa Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide in 2002 agus chaith sí dhá bhliain ag obair le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ina dhiaidh sin. Tá dhá thréimhse éagsúla tugtha aici ag obair go deonach san Afraic le dhá bhliain anuas.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.