CÚINNE NA nEALAÍON
Léargas ar am atá imithe
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

léargas den scoth le fáil ar an saol in Éirinn le caoga bliain anuas i dtaispeántas grianghraf atá ar siúl i mBaile Átha Cliath faoi láthair. Thug Ciara Nic Gabhann cuairt ar an taispeántas.

Íomhá
An grianghrafadóir cáiliúil Henri Cartier-Bresson, a bhfuil saothar dá chuid le feiceáil sa taispeántas
Íomhá
Íomhá

D’oscail taispeántas suntasach grianghrafadóireachta in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA) i mBaile Átha Cliath i rith na míosa seo caite a thugann ábhar machnaimh don té ar spéis leis an saol in Éirinn idir na caogaidí agus an lá atá inniu ann.

Taispeántas mór atá ann ina bhfuil breis is 150 pictiúr ó chartlann an ghrúpa idirnáisiúnta Magnum (www.magnumphotos.com), comharchumann grianghrafadóireachta a bunaíodh i 1947. Tá grianghrafadóirí ó gach cearn den domhan tar éis bheith ina mbaill de Magnum ó shin i leith, ina measc Henri Cartier-Bresson, Elliot Erwitt, Josef Koudelka, Martin Parr agus Eve Arnold. Chaith go leor de na grianghrafadóirí tréimhsí, idir ghairid agus fhada, sa tír seo agus thóg siad na mílte pictiúr, atá anois sa chartlann seo. Is é Donovan Wylie as Béal Feirste, a bhfuil saothar leis ar taispeáint chomh maith, an t-aon Éireannach atá ina bhall den ghníomhaireacht cháiliúil seo.

Léiríonn an taispeántas na hathraithe stairiúla, sóisialta, polaitiúla agus cultúrtha atá i ndiaidh a theacht ar an tír, ó thuaidh agus ó dheas, agus tugann sé léargas géarchúiseach dúinn ar an saol a bhí ag muintir na cathrach agus ag bunadh na tuaithe trí na daoine atá faoi scrúdú ag an lionsa.

Tá an taispeántas roinnte i dtréimhsí deich mbliana, ag tosú sna 1950í nuair a thóg Henri Cartier Bresson íomhánna tochtmhara de pháistí gioblacha ag súgradh taobh amuigh de thionóntán i mBaile Átha Cliath. (“The unkillable children of the very poor”, mar a dúirt an scríbhneoir Ezra Pound.)

I gcodarsnacht leis seo, tá pictiúir tógtha aige de dhaoine ag na rásaí capall i nDúrlas, Contae Thiobraid Árann, agus an t-atmaisféar bríomhar agus ardaithe.

Dhírigh Erich Lessing a lionsa ar oibrithe Harland and Wolff i mBéal Feirste agus nocht sé ina chuid pictiúr garbhánach dubh agus bán fir chruachaola i mbun a gcuid oibre sa longchlós – roinnt acu ag caitheamh babhlaeir ag an am chéanna.

Tá an dath agus an draíocht le feiceáil i sraith pictiúr Bruce Davidson ó na seascaidí de Shorcas Duffy agus i bpictiúir dhaite Phillip Jones Griffiths a léiríonn an ceiliúradh ar an dara lá déag de mhí Iúil i mBéal Feirste, sular bhris na Trioblóidí amach sa Tuaisceart.

Is leis na Trioblóidí céanna a bhaineann formhór na bpictiúr ó na seachtóidí agus na hochtóidí, go leor acu ag léiriú coimhlinte, scriosta agus foigin agus, ar ndóigh, is iad na híomhánna is truamhéalaí na cinn a léiríonn na gnáthdhaoine: páistí ag súgradh, déagóirí ag fánaíocht thart timpeall na sráideanna briste brúite.

I gcodarsnacht lom leis na pictiúir seo atá na cinn atá le feiceáil ó dheisceart na tíre ón tréimhse chéanna, ina bhfeictear radharcanna éagsúla, ina measc scaifte daoine curtha inár láthair ag Martin Parr agus iad bailithe i ngrúpaí beaga faoi chrainn ag fanacht ar theacht an Phápa Eoin Pól go Cnoc Mhuire i 1979 agus daoine ag ligean a scíthe cois farraige i gCiarraí sna hochtóidí i bpictiúir Harry Gruyaert.

Léiríonn íomhánna na nóchaidí tír faoi chlaochlú - na sean-nósanna agus na luachanna traidisiúnta i gcoimhlint leis an ré nua. Tarraingíonn pictiúir Martine Franck d’aird, pictiúir de bhuachaillí óga ag léim ar charranna goidte a dódh ar eastát tithíochta Darndale i mBaile Átha Cliath agus, mar chodarsnacht, an ghrástúlacht chiúin a léiríonn Martin Parr i seomraí maorga smolchaite Theach Lios an Daill i gContae Shligigh.

Críochnaíonn an taispeántas ar nóta misnigh agus dóchais le pictiúir ó Stuart Franklin a líonann an tsúil le ragairne mhic léinn Choláiste na Tríonóide agus iad ag ceiliúradh go croíúil ag a mbál bliantúil.

Is ag Donovan Wylie atá an focal scoir lena chuid pictiúr den Maze, an príosún cáiliúil inar coinníodh na mílte príosúnach poblachtánach agus dílseach agus ina bhfuair 13 óglach bás le linn na stailceanna ocrais. (Tá an láithreán le forbairt anois mar ionad spóirt agus aclaíochta trasphobail.)

Is le baill Magnum féin an comharchumann agus tá oifigí acu i Nua-Eabhrac, Londain, Páras agus Tóiceo. Soláthraíonn siad pictiúir do na meáin chumarsáide chomh maith le dánlanna, fógróirí, agus iarsmalanna ar fud an domhain. Tá cartlann ina bhfuil breis is milliún pictiúr acu, agus tá 350,000 íomhá dá gcuid ar fáil ar an idirlíon.

Tá leabhar, Magnum Ireland, foilsithe leis an taispeántas ina bhfuil na pictiúir ó gach tréimhse le feiceáil chomh maith le haistí ó John Banville, Anthony Cronin, Nuala Ó Faoláin, Eamon McCann, Fintan O’Toole, Colm Tóibín agus Anne Enright. Costas: €29.95.

*Beidh an taispeántas Magnum Ireland ar siúl go dtí 18 Meitheamh agus níl aon táille iontrála i gceist.Eolas breise: * www.imma.ie

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.