AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Leagan simplíoch George Clooney den stair
Tom Deignan Tom Deignan Tom Deignan

Measann Tom Deignan go bhfuil na tuairimí atá ag an aisteoir George Clooney mar gheall ar an Seanadóir Joe McCarthy, an bithiúnach i scannán nua Clooney, agus faoi John F. Kennedy, i bhfad ró-shimplíoch.

Íomhá
An t-aisteoir George Clooney
Íomhá
An t-iarsheanadóir Joe McCarthy
Íomhá
John F. Kennedy: bhí a theaghlach an-chairdiúil le McCarthy

Dúirt réalta Hollywood George Clooney le gairid gur samplaí iad John F. Kennedy agus an Seanadóir Joe McCarthy - fear na géarleanúna agus an bithiúnach i scannán nua Cooney, *Good Night and Good Luck *– de na gnéithe is fearr agus is measa de Mheiriceá na nÉireannach.

“Ba sheanadóirí Éireannacha iad beirt a thóg slite an-éagsúla sa saol. Ba thubaiste duine amháin acu i na teilifíse ach d’éirigh go seoigh leis an duine eile lena linn. Chuir an teilifís, ar shlí éigin, léargas ceart ar fáil de Mheiriceá, agus rinne níos cothroime é ar shlite áirithe,” a dúirt Clooney, a stiúraigh agus a scríobh script an scannáin seo fosta, ar saothar é faoi fheachtas an iriseora Edward R. Murrow sna caogaidí chun an fhírinne maidir le McCarthy a nochtadh.

“Ba cheart go mbeadh Kennedy agus McCarthy ar an leibhéal céanna sna caogaidí, ach nocht an teilifís do Mheiriceá na tréithe a bhain le Kennedy a bhí in easnamh i gcás McCarthy.”

San agallamh céanna, lean Clooney, ar duine é a mbíonn na meáin ag déanamh béal bán leis féin de ghnáth, ag lústar le JFK naofa, agus dúirt gurb é Kennedy an phearsa stairiúil, thar aon duine eile, ba mhaith leis a chur faoi agallamh.

B’fhéidir, dá mbeadh an deis sin aige, go bhféadfadh Clooney fiafraí de JFK cén fáth a raibh McCarthy ar dhuine de na cairde ab fhearr a bhí ag muintir Chinnéide sna caogaidí.

In ainneoin gur Daonlathaigh go smior a bhí i muintir Chinnéide agus gur bhuachaill feirme Poblachtánach ab ea McCarthy, bhí an nasc Éireannach Caitliceach idir an dá theaghlach an-láidir. Thug Joe Kennedy bronntanais do McCarthy agus bhí Bobby Kennedy ina bhall d’fhoireann an tseanadóra ar feadh tamaill, fiú.

“The Kennedys were major backers of the senator’s anti-Red jihad,” a scríobh Thomas Maier i leabhar den scoth a foilsíodh in 2003, The Kennedys: America’s Emerald Kings, ina bhfuil stair an teaghlaigh.

Anois, gan amhras, tá cuid peacaí Joe McCarthy pléite go mion leis na blianta fada. Ba dhuine bagrach agus ba thuathghríosóir é.

Ach is leagan róshimplíoch den stair é an méid a bhí le rá le gairid ag Clooney a léirigh JFK mar aingeal Éireannach agus McCarthy mar dhiabhal. Fiú i ndiaidh blianta fada, níl daoine mar Clooney – ar breá leo a rá go bhfuil siad toilteanach rúin dhorcha Mheiriceá a nochtadh – sásta a n-aird a dhíriú ar fhíricí áirithe faoi Mheiriceá na nÉireannach a dhéanann daoine míshuaimhneach.

Gan amhras, is Éireannach é Kennedy – spleodrach, saibhir agus dea-labhartha – a mbeadh sé furasta cion a bheith agat air.

Ach bhí go leor Meiriceánach ann chomh maith a raibh an-dúil acu san fhear giorraisc, ráscánta sin, McCarthy. Agus go dtí go mbeidh muid sásta a admháil cén fáth a raibh an oiread sin dúile ag daoine i McCarthy – ní hamháin na hoibrithe láimhe Gael-Mheiriceánacha ach fosta dream na gcuirtíní lása mar Joe Kennedy – tá an baol ann nach dtabharfaidh muid faoi deara na comharthaí rabhaidh nuair a thiocfaidh McCarthy eile ar an fhód. Cuirtear i gcuimhne dúinn arís eile i leabhar nua gur lucht tacaíochta an-díograiseach de chuid McCarthy ab ea go leor de na Caitlicigh Éireannacha.

“Throughout his rise, many observers believed that McCarthy drew especially strong support from Catholics and particularly Irish Catholics. There is certainly strong evidence of this,” a deir Timothy J. Meagher ina leabhar nua, The Columbia Guide to Irish American History, saothar atá breac le heolas.

Drochdhuine

Cuirtear i gcuimhne dom radharc i leabhar Frank McCourt, ’Tis, ina gcuireann sé síos ar an dóigh, agus é ina mhúinteoir i ngairmscoil i Staten Island, ar úsáid sé McCarthy chun fíricí gránna a léiriú mar gheall ar charachtar, ar drochdhuine é, i leabhar cáiliúil Nathaniel Hawthorne, The Scarlet Letter. Ar ndóigh, fuair McCourt moll mór glaonna ó thuismitheoirí feargacha Gael-Mheiriceánacha agus Iodálacha.

Ar cheart dúinn, mar sin, maithiúnas a thabhairt do McCarthy as a chuid peacaí agus dearmad a dhéanamh go ndearna sé damáiste an-mhór do shícé Mheiriceá. Níor cheart, gan amhras.

I *Good Night and Good Luck *caitheann an t-iriseoir laochta Edward R. Murrow an oibiachtúlacht a bhain riamh anall leis an iriseoireacht i dtraipisí agus cuireann sé ar fáil léirmheas teasaí ar McCarthy, rud a chuireann tús le turnamh an tseanadóra. Maith go leor. Ach na laethanta seo, sin go díreach an rud a dhéanann gach duine ar an teilifís. D’fhéadfaí an argóint a dhéanamh, mar sin, gur sin an rud a d’fhág Murrow le hoidhreacht.

Anois, cén t-ainm seo arís atá ar an tráchtaire sin atá chomh daingean ina bharúlacha a mhaíonn gurb eisean an t-aon duine sa lá atá inniu ann atá toilteanach fimíneacht agus ainbhearta a nochtadh? An duine sin, a mbíonn sé féin agus Clooney de shíor in adharca a chéile?

Ó, sea, Bill O’Reilly ó Fox News.

B’fhéidir go mbeadh sé sin ina ábhar maith don chéad scannán eile a dhéanfaidh Clooney.

Tá Tom Deignan ag obair mar eagarthóir agus mar cholúnaí leis an Irish Voice i Nua-Eabhrac. Is iarléachtóir ollscoile é. Foilsíodh a leabhar is déanaí, Coming to America: Irish Americans *(Barron’s), in 2003.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.