CÚINNE NA nEALAÍON
Leabharmheas: An áit a n-ólann an t-uan an bainne le John Ghráinne
Caitríona Ní Chleirchín Caitríona Ní Chleirchín

Scéalta John Ghráinne Uí Dhuibheannaigh, an seanchaí Conallach, atá le léamh agus le cloisteáil sa phacáiste [i]An áit a n-ólann an t-uan an bainne[/i], atá curtha in eagar ag Seán Mac Labhraí agus a bhfuil leabhar agus DVD mar chuid de. Is seoid de leabhar é, dar le Caitríona Ní Chleirchín.

Íomhá
John Ghráinne Ó Duibheannaigh
Íomhá
John in éineacht le Seán Mac Labhraí (eagarthóir an leabhair) i gColáiste Cholmáin sa bhliain 1988
Íomhá
John agus a chuid iníonacha, seachas Eileen, nach maireann
Íomhá
John agus a "chomrádaí", Gracie

Is seanchaí, saoi agus saineolaí ar chanúint Thír Chonaill é John Ghráinne Ó Duibheannaigh ó Rann na Feirste, atá beo bríomhar go fóill agus é sna hochtóidí. Den chéad uair riamh, tá scéal a shaoil le léamh agus le cloisteáil i bhfoirm leabhair agus DVD. Ba é Seán Mac Labhraí a rinne script den taifeadadh agus a chuir an leabhar in eagar.

Scéalaí den scoth is ea John Ghráinne – nó John Phadaí Hiúdaí, mar a thugtar air chomh maith – agus baineann sé feidhm as an stíl chéanna scéalaíochta agus é ag tabhairt cuntais ar eachtraí a shaoil. Guth sainiúil John Ghráinne a fhaighimid anseo agus é lán de shaibhreas agus de shaíocht Ghaeltacht Thír Chonaill. Chuirfeadh an blas draíochta sin agus rithimí cainte Rann na Feirste faoi gheasa thú. Agus tú ag léamh leat, bíonn an glór sin fós e cloisteáil i gcúl d’intinne mar a bheadh ceol béil ann.

Bhí sé de phléisiúr agus d’onóir agam casadh ar John Ghráinne féin níos mó ná deich mbliana ó shin agus mé ag freastal ar Choláiste Bhríde, Rann na Feirste mar scoláire. Ba ghnách leis teacht isteach go dtí an seomra ranga agus scéalta a insint dúinn. Is cuimhin liom go n-insíodh sé scéalta dúinn mar gheall ar na síogaí a thagadh amach i ndiaidh leath i ndiaidh a deich san oíche agus an ghrian ag dul faoi sa samhradh. Thart ar “aicearra na suirí” ba mhó a bhídís, dar leis.

Is é an rud is suntasaí faoin fhear uasal seo ná an greann iontach a bhaineann leis, agus tá an greann céanna le feiceáil sa leabhar fosta. Tagraíonn an teideal *An áit a n-ólann an t-uan an bainne *don fhonn a thagann ar dhaoine, de réir mar a théann siad anonn in aois, filleadh ar a n-áit dhúchais.

MeasFeicimid an meas atá aige ar a áit dhúchais ina chuid cainte. Sa chéad chaibidil, cuireann sé síos ar a mhuintir – “an dream ar daofa mé” – agus tuigeann sé na gaolta casta agus an stair ar fad a bhaineann leo. Nach i bhfad atá muid anseo ón

choimhthíos iarnua-aoiseach! Tá a fhios aige cé hé féin agus cárb as é: “Agus théid sin siar agus siar fada buan: théid siar go dtí Clann ‘ic Grianna go Rann na Feirste ... agus is fada sin. Mise John Gháinne Chonaill Neilí Eibhlín Aodha Róise Sheáin ‘ac Grianna.”

Labhraíonn sé ar laethanta a óige agus ar na traidisiúin uilig a bhí coitianta ag an am ar oíche Fhéile Bríde. Théadh duine inteacht amach agus scairteadh ag doirse mhuintir na háite, “Gabhaigí ar bhur nglúine agus fosclaigí bhur súile agus ligigí isteach Bríd.” Agus scairteadh na daoine istigh, “Sé beatha sé bheatha”, agus dhéantaí Crosa Bríde agus mar sin de. Tráchtann sé fosta ar a bheith ag siúl costarnocht ar scoil agus dhá fhód móna faoina ascaill aige agus ar a bheith ag buachailleacht i ndiaidh na scoile. “Saol breá” a bhí acu ansin, in ainneoin an chruatain a bhí i gceist in amanna. Tagann cumha air agus é ag cuimhneamh ar an tréimhse seo dá shaol: “Ach bhí an óige galánta, ach faraor imeann sí agus imeann sí iontach fáilí.”

Ba iad “Damhsaíocha agus Suirí” agus “An Cleamhnas” na caibidlí ba mhó a thaitin liom mar gheall ar an ghreann agus an spraoi a bhaineann leo. Mar shampla, agus é ag ithe aráin le cailín i dteach éigin eile, tháinig fear an tí amach agus chonaic sé John Ghráinne ansin. Deir sé gur fhág “an croí an áit agam” agus bhí air rith go tobann!

NathannaIs iontach na nathanna cainte atá aige, nathanna nach bhfuil chomh coitianta sin sa lá atá inniu ann – “an ghrian a bheith fad corráin mhóir ar an aer ar maidin”, cuir i gcás, arb éard atá i gceist leis ná cur síos ar an am sin den lá thart ar 11.30 am. Nath eile a thaitin liom ná “ag teacht i gcrann”, is é sin, ag teacht in aois fir.

Cuireann sé síos ar na nósanna ar fad a bhain leis an chleamhnas agus an dóigh a gcaitheadh daoine a bheith pósta roimh Mháirt na hInide, an Mháirt roimh an Charghas.

Insíonn sé dúinn faoin nós a bhí ag muintir na Gaeltachta gabháil ag obair ar an Lagán, is é sin “áit ar bith ó Leitir Ceanainn go Doire go Tír Eoghain”, áiteanna a raibh talamh maith feirmeoireachta, agus faoi Aonach an Fhostaithe ar an Srath Bán. D’imigh sé go hAlbain lena athair agus bhí sé ag tanú tornapaí ansin, in áit darbh ainm Landrick. Tugann sé cuntas ar na tithe tábhairne uilig sa cheantar agus ar an chéad phionta a d’ól sé riamh.

Tá grianghraif de dhaoine agus d’áiteanna a luann sé le fáil ag deireadh an leabhair; a bhean Gracie ar bhuail sé léi i nGlaschú an t-am sin, a sheisear cailíní agus seanchaithe Rann na Feirste, Micí Sheáin Néill, Neidí Frainc, John Ghráinne féin, Joe Johnny Shéamaisín agus Seán Bán.

I ndiaidh dó Albain a fhágáil, chuaigh John Ghráinne ag obair i mBaile Átha Cliath thart ar 1940. Ba rud neamhchoitianta go leor é sin ag an am do mhuintir na Gaeltachta ach ba ann a chaith sé tamall i gcomhluadar Jimí Fheilimí nó mhac Sheamás Uí Ghrianna, ag ól sa Cat and Cage i nDroim Conrach. Chuir John faoi i Mín na Leice lena bhean i ndiaidh dóibh seal a chaitheamh ar an choigríoch agus ba ghnách leis a bheith ag obair i gColáiste Bhríde Rann na

Feirste le linn an ama sin. Bhí air bogadh ó Mhín na Leice, áfach, nuair a cailleadh a iníon, Eileen, go tragóideach i dtimpiste bhóthair i 1978 toisc go raibh sé céasta ag cuimhní san áit sin. Chuir sé faoi i Rann na Feirste arís.

Nuair a chaill sé a bhean Gracie, deir sé “gur chaill sé a chroí glan ansin." Cuireann sé síos uirthi mar chomrádaí agus deir sé nach bhfuil a dhath eile ar domhan agat má chailleann tú do chomrádaí. Is iontach an rud é scéal grá mar sin a chloisteáil in aois mar seo. Tuigeann John Ghráinne go mbaineann sé le saol eile ar fad anois, ach tá sé linn go fóill agus a bhuíochas le Seán Mac Labhraí, beidh sé linn go deo.

Caithfear éisteacht leis an leabhar seo!

Nóta ón eagarthóir: An bhfuil tú ag iarraidh cóip den leabhar seo a bhuachan? Má tá, tabhair cuairt ar chomórtas na míosa seo! (http://www.beo.ie/?page=comortas&content_id=706)

An áit a n-ólann an t-uan a bainne foilsithe ag Cló na Seaneaglaise. Cosnaíonn sé €19.95 agus is féidir é a ordú go díreach ón eagarthóir, Seán Mac Labhraí (s.maclabhrai@smucb.ac.uk).

Is féidir scríobh chuig Seán chomh maith ag an seoladh seo: Seán Mac Labhraí, Coláiste Ollscoile Naomh Muire, 191 Bóthar na bhFál, Béal Feirste, BT12 6FE

Is as Scairbh na gCaorach, Co. Mhuineacháin ó dhúchas í Caitríona Ní Chléirchín. Tá sí i mbun dochtúireachta ar fhilíocht chomhaimseartha na Gaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath faoi láthair.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.