CÚINNE NA nEALAÍON
Leabharmheas
Pól Ó Muirí Pól Ó Muirí

Déantar léirmheas sa cholún seo ar leabhair Ghaeilge agus Bhéarla, ag baint le réimsí éagsúla. An mhí seo: How the Irish Invented Slang: the secret language of the crossroads le Daniel Cassidy (CounterPunch). Léirmheas le Pól Ó Muirí.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Mad Dog Coll: cainteoir dúchais Gaeilge agus coirpeach mór le rá

Údar Gael-Mheiriceánach é Daniel Cassidy, mar a d’aithneofá ar a ainm baiste agus ar a shloinne, agus comhlacht Meiriceánach é CounterPunch. Is leabhar i mBéarla é seo faoin Ghaeilge agus leabhar ina gcíorann Cassidy lorg na Gaeilge ar Bhéarla na Stát Aontaithe. Is i Nua-Eabhrac a tháinig Cassidy ar an saol agus is de thaisme a chuir sé spéis san ábhar seo. Cara dá chuid a fuair bás go hóg agus a d’fhág foclóir Gaeilge le huacht aige ba chúis le tús a chuid taighde ar fhocail Ghaeilge a mhaireann faoi chruth an Bhéarla Phoncánaigh.

Agus bí ag caint ar liosta focal. Scríobhann Cassidy go bhfuil bunús Gaeilge le focail ar nós “slum”. Tháinig sé sin ó “is lom” agus teifigh Éireannacha ag cur fúthu i gceantair bhochta Nua-Eabhrac agus Bhostúin. Is as an Ghaeilge a thagann an focal “jazz”; teas is fréamh leis; tagann “snazzy” as snas; is ionann “dingbat” agus duine bocht; “gink” agus geanc; “croak” agus croch; “clout” agus clabht; “so long” agus slán.

Tugann Cassidy mórán samplaí d’fhocail Bhéarla atá i mbéarlagair na Stát Aontaithe agus is fíor go bhfuil na leaganacha Gaeilge a aimsíonn sé iontach cosúil leis an Bhéarla ó thaobh fuaime agus brí de. Go fiú is go n-aimsíonn sé corrbhriathar a mhaireann faoi chruth amhráin. Ag scríobh ar amhrán amháin de chuid na sclábhaithe traenach, cuireann Cassidy ina luí ar an léitheoir gurb ionann curfá an amhráin: Fil-i-me-oo-re-i-re-ay agus “Fillfidh mé uair éirithe” a chiallaíonn, dar leis, “time to get up, I’ll go back.”

Is deacair gan aontú leis an chur síos sin agus cuireann sé téis de chuid an scoláire Breandán Ó Buachalla i gcuimhne dúinn. Thug sé caint i mBéal Feirste blianta fada ó shin inar léirigh sé go raibh Gaeilge in amhrán de chuid na bhFear Buí, Lilly Bolero: “lilí, ba léir ó, b’againn an lá.”

I measc nithe spéisiúla eile, scríobhann Cassidy go dtagann an focal “buckaroo” ó bocaí rua. Buachaill bó a bhí ann mar buckaroo agus arís, tagann ciall agus fuaim chur síos Cassidy le chéile. Cén fáth nach mbeadh tionchar ag an Ghaeilge ar chaint na mbuachaillí bó? I ndeireadh thiar thall, ba iad na hÉireannaigh teifigh eacnamaíochta a linne. B’éigean dóibh glacadh leis na poist ab isle céim agus is beag post ab ísle céim ná tiomáint eallaigh thar mhachairí Mheiriceá.

Samhlaigh seo fosta: Bhí clú ar John Wayne – nó Marion Michael Morrison! – mar dhuine de na haisteoirí ba chumasaí dá ré. Is minic a ghlac sé páirt i scannáin buachaillí bó agus bhain sé Oscar as a pháirt mar Rooster Cogburn sa scannán True Grit. Labhrann Rooster aon fhocal amháin Gaeilge le linn an scannáin sin. Agus é ag déanamh tagairt mhaslach d’inchinn mná, labhrann sé faoi “clábar”. (Amharc ar an scannán, mura gcreideann tú mé.) Is ar thailte na nIndiach i lár an 19ú haois atá an scannán suite agus ba spéisiúil fáil amach cá bhfuair lucht an scannáin an focal. An amhlaidh – agus níl anseo ach buille faoi thuairim – gur cuireadh an focal isteach mar aitheantas don chanúint áitiúil? Ní focal é a shamhlaíonn tú le cathracha na Stát, áit ar chuir formhór na nÉireannach fúthu.

Is é rud atá déanta ag Cassidy go bhfuil tús curtha aige le díospóireacht faoin Ghaeilge sna Stáit Aontaithe. Tá cainteoirí dúchais ag dul anonn chun an Oileáin Úir ó aimsir an Ghorta Mhóir. Bhain siad leis an aicme is lú pribhléid ar feadh

tamaill mhóir fhada. Is minic a chuirtear síos ar a n-imeacht as Éirinn i dtéarmaí talaimh amháin, is é sin, d’fhág siad an t-oileán ocrach ina ndiaidh agus sin go bunúsach a raibh i gceist lena gcaill. Is annamh a chuireann staraithe nó scríbhneoirí síos ar an rud a thug siad leo – mar atá teanga.

Ó luaigh mé Breandán Ó Buachalla uair amháin, luafaidh mé arís é. Scríobh Ó Buachalla ceann de na leabhair ba thábhachtaí riamh 40 éigin bliain ó shin, I mBéal Feirste Cois Cuain. Tá an t-am ag duine éigin a mhacasamhailI mBostún Cois Cuain – a scríobh, leabhar a chuirfeadh síos ar an teanga thall agus ar na daoine – ó Rooster Cogburn go Mad Dog Coll – a labhair Gaeilge. Tá an chéad chaibidil scríofa cheana féin ag Daniel Cassidy.

How the Irish Invented Slang: the secret language of the crossroads

Daniel Cassidy.

CounterPunch. Ní luitear praghas in euro. $18.95 a luach sna Stáit Aontaithe

Tháinig Pól Ó Muirí ar an saol i mBéal Feirste Lá Nollag, 1965. Is Eagarthóir Gaeilge de chuid an Irish Times* é; colúnaí spóirt le Foinse agus scríobhann sé colún ar an Belfast Telegraph. Le cois bheith ina iriseoir, is file agus scríbhneoir é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.