CÚINNE NA nEALAÍON
Leabharmheas
Pól Ó Muirí Pól Ó Muirí

Déantar léirmheas sa cholún seo ar leabhair Ghaeilge, ag baint le réimsí éagsúla. An mhí seo: An Ród seo Romham: Saol agus Saothar Phádraic Mhic Phiarais (Comhar, €12.50) le Liam Mac Uistín. Léirmheas le Pól Ó Muirí.

Íomhá

Tá 21 leabhar Gaeilge ina luí gan léamh ar mo thábla. Ficsean agus Filíocht an dá chatagóir is mó atá ann. Tá cnuasach nó dhó d’aistí léannta ar chúrsaí litríochta agus ceann nó dhó ar ghramadach agus cheist na teanga. Tá aon leabhar staire amháin ann: An Ród seo Romham: Saol agus Saothar Phádraic Mhic Phiarais (Comhar, €12.50) le Liam Mac Uistín.Foilsíodh an leabhar le comóradh a dhéanamh ar 90ú bliain Éirí Amach na Cásca agus, mar a mhíníonn an t-údar, leabhar don ghnáthléitheoir atá ann, is é sin, leabhar léitheoireachta nach gcuirfeadh eagla do chraicinn ort ó thaobh líon na leathanachnach mbáfadh faoi thonn mhór fonótaí thú. Is é an chéad leabhar i sraith eolais ag Comhar atá le foilsiú faoin lipéad Doras Feasa. Pléann Mac Uistín le gnéithe éagsúla shaol an Phiarsaigh ar bhealach ciallmhar agus caibidlí ar nós: “Tús an Róid”; “Eagarthóir Neamheaglach”; “An tOideachasóir”; “An Scríbhneoir”, srl, le fáil ann.

Caithfidh mé a rá go gcuireann cuma, cuspóirí agus cur chuige* An Ród seo Romham leabhar a scríobh mé féin ar Sheosamh Mac Grianna, *A Flight From Shadow, i gcuimhne dom. Ba é an múnla a bhí agam féin Modern Masters, sraith leabhar a foilsíodh ar na húdair agus fhealsúna is céimiúla agus arbh iad mic léinn ollscoile nó léitheoirí ginearálta a bpríomh-mhargadh. Intreoir atá i gceist le sraith sin na máistrí agus is amhlaidh an scéal i gcás leabhar Mhic Uistín. Tugann sé spléachadh dúinn ar shaothar agus ar shaol Mhic Phiarais agus is maith mar spléachadh é.

Cuireann Mac Uistín síos ar na heachtraí ba thábhachtaí i saol an Phiarsaigh; pléann le cuid de na hiaróga a bhain leis; tugann léargas gonta ar imeachtaí staire agus ar a chuid scríbhneoireachta agus an cur síos ar fad déanta go réidh. Cuireann an leabhar pléisiúr ar chroí léitheora agus bhainfeadh mac léinn ar bith tairbhe as.

Ní hionann sin agus a rá nach bhfuil díth ann thall is abhus. Tá an chaibidil ar scríbhneoireacht an Phiarsaigh cuimsitheach ach róghonta. Roghnaíonn Mac Uistín sleachta an-ghairid as aistí Béarla an Phiarsaigh, "The Murder Machine" agus "Ghosts", mar shampla. Ach tá ábhar ansin ar cheart do gach duine ar spéis leis critic neamheaglach a léamh arís agus arís agus is trua nár scríobh tuilleadh ar an réimse seo nó tugann siad léargas breá ar mheon an Phiarsaigh agus ar a dhearcadh i leith na staire.

Tá mé idir dhá chomhairle fosta faoin chinneadh a rinneadh cuid de na pearsana stairiúla a Ghaelú. Rinneadh rogha de “Pádraic” seachas “Pádraig” a thabhairt ar an Phiarsach. Míníonn nóta sa leabhar gur mar “Pádraic” a shíníodh sé a ainm. “Pádraic” an fhoirm atá ag Cathal Ó Háinle in Gearrscéalta an Phiarsaigh agus “Pádraic” a thugann Mercier Press air in The Murder Machine and Other Essays. Bíodh sin amhlaidh, is dócha go bhfuil an cath áirithe sin caillte agus is fearr aithne ag daoine air mar “Phádraig” agus gurbh fhearr, i bhfianaise lucht léitheoireachta an leabhair seo, cloí leis an leagan coitianta. Ar an dul céanna, ní fiú “Séarlas” a thabhairt ar Charles Parnell nó “Liam” a tabhairt ar Willie Pearse.

Bíodh sin mar atá, tá doras feasa ar oscailt. Nárabh fhada go raibh muid ag siúl isteach ann arís.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.