AR NA SAOLTA SEO
Leabharlann Bhreandáin Mhic Lua
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Thit roinnt ceisteanna le hintinn Tony Birtill nuair a d’oscail Ambasadóir na hÉireann, Daniel Mulhall, leabharlann i gcuimhne ar Bhreandán Mac Lua in Ollscoil Learphoill an mhí seo chuaigh thart.

Íomhá
Dealbh do chol ceathrar Chluaid de Ceabhasa
Íomhá
An tOllamh Marianne Elliot ag labhairt
Íomhá
Dealbh Noel Chavasse. Roinn Léann na hÉireann sa chúlra
Íomhá
Ambasadóir Daniel Mulhall ag caint ar oscailt Leabharlann Bhreandáin Mhic Lua in Ollscoil Learphoill

D’oscáil Ambasadóir na hÉireann, Londain, Daniel Mulhall, leabharlann i gcuimhne Breandán Mac Lua (1935-2009) i Roinn Léann na hÉireann, Ollscoil Learphoill an 12ú Bealtaine. Eagarthóir an nuachtáin Éireannaigh sa Bhreatain, The Irish Post, ab ea Breandán Mac Lua agus bhí aithne mhaith ag Daniel Mulhall ar an fhear uasal. Mhínigh sé dúinn gur chaith siad seal ar Eilean Íle le chéile i 2000 nuair a nochtadh leacht cuimhneacháin do na hÉireannaigh a cailleadh ansin nuair a briseadh The Exmouth of Newcastle 28/4/1848.

Bheartaigh fear áitiúil, gan cheangal ar bith aige le hÉirinn, go mba chóir leacht a thógáil ag Sanaigmore. Chuaigh sé i dteagmháil le Breandán Mac Lua agus d’eagraigh seisean maoin don togra,” a dúirt Daniel Mulhall linn. Seo an téacs:

“Tógadh an leacht seo i gcuimhne na 241 deoraí Éireannach a cailleadh ar an toabh (sic) thiar thuaidh d’Ile agus í ar an bhealach ó Dhoire Cholmcille go Québec Ceanada, le linn an Drochshaoil, fuarthas 108 corpán mná agus páiste a mbunús (63 acu faoi bhun 14 bliana d’aois agus 9 naíonán) agus cuireadh iad faoi mhacaire glas na trá báine, mar a luíonn siad inniu faoi shuaimhneas agus faoi shíocháin bhuan Chríost.”
www.islayinfo.copm/exmouth-islay-tragedy agus www.en.islay-gaelic.net

Leabhair de chuid Bhreandáin Mhic Lua agus an staraí Ian Mc Keane (1944-2010) Ian McKeane atá san áis nua, chomh maith le cartlann den Irish Post ó bhliain a bhunaithe, 1970.

Ceisteanna na Staire

History is to blame’ – Commemorating Ireland 1912-1922ba theideal na léachta a thug Daniel Mulhall san ollscoil tar éis na hoscáilte oifigiúla agus d’admhaigh sé nach raibh sé ag súil leis an tslua mhór a bhí i láthair dó. Ní raibh iontas orm féin faoi seo, mar tá fhios agam go bhfuil suim ar leith ag an phobal Éireannach i Learpholl sa tréimhse sin, nuair a bhí Jim Larkin ina cheannaire i bhFrithdhúnadh 1913 agus throid a lán Éireannaigh eile as an chathair, idir fhir agus mhná in Éirí Amach 1916. Ag brath ar d’aois, ní bhraitheann sé an tréimhse sin i bhfad siar.

“That crowded, conflict-filled decade,” a thug an t-ambasadóir ar 1912-1922 agus mhínigh sé dúinn in athfhriotal ó Ulysses, a foilsíodh 1918: “history is to blame”.

D’inis sé dúinn go raibh sé féin agus a athair i láthair i 1966 nuair a nochtadh leacht cuimhneacháin do 1916 ar bhruach Abhainn na Siúire, leacht le dealbh Críost ar a barr: “Our leaders were elevated to the stature of ‘godly’”, a dúirt sé linn.

Ní hionadh ar bith é gur tharla seo, i dtír bheag a bhí tar éis briseadh ó chumhacht dhomhanda, ach ag an am chéanna bhí dearmad déanta ar ghnéithe áirithe de stair na tíre, cuir i gcás Éireannaigh a bhí ina mbaill d’Arm Shasana sa Chéad Chogadh Dhomhanda, a mhaígh sé. Cé nach bhfuil ‘stair i gcoitinne’ ag Éirinn agus Sasana, téann stair na dtíortha thar a chéile in amanna (dúirt sé). Mhaígh sé go téann scéal lárnach na staire tríd an GPO agus tríd an Chéad Dáil, ach tá ‘craobhaibhneacha’ ann, ar nós na mBillí Rialtas Dúchais agus an Chéád Chogadh Dhomhanda.

Athmhachnamh nó Athscríobh

Ó thaobh Comóradh 1916 de, dúirt Mulhall go raibh sé féin in aghaidh ‘stair comhghéillte’ Éire/Sasana agus dúirt:

“Those who come to Dublin in 2016 will not be asked to endorse everything that happened in 1916.”

Agus é ag caint, smaoinigh mé dom féin nárbh í Éire an t-aon tír amháin a rinne ceangal idir a cuid laochra agus Dia. Níl le déanamh ach siúl isteach sa teampall Anglacánach agus is minic go mbíonn brait reisimintí Arm Shasana go feiceálach ar na ballaí nó fiú amháin in aice na haltóra. D’fhiafraigh mé de an bhfaca sé an dealbh taobh amuigh de Roinn Léann na hÉireann – dealbh de Noel Chavasse, an t-aon saighdiúir amháin a fuair dhá Crois Victoria sa Chéad Chogadh Dhomhanda. Cé gur rugadh in Oxford é, bhí a athair ina easpag i Learpholl, áit an raibh an teaghlach ina gcónaí. Is laoch mór é do na Sasanaigh i Learpholl - tá Páirc Chavasse ann chomh maith leis an dealbh agus chonaic mé taispeántas faoi i leabharlann na cathrach. I leabhar amháin bhí cóip den litir a scríobh Chavasse chuig a athair sular d’fhág sé an tír i 1914:

“Goodbye, my dear father. I am going to do my best to be a faithful soldier of Jesus Christ and St George. Your loving son, Noel.”

Dá mbeadh litir mar sin scriofa ag Pádraig Mac Piarais nó ag laoch Éireannach eile, bheadh siad cáinte go láidir ag lucht an athbreithnithe!

Bhí mé ar aon intinn le Dan Mulhall maidir leis na ‘craobhaibhneacha’ stair atá ann, ach an mbeidh staraí i Sasana sásta aitheantas a thabhairt dóibh fosta? Bíonn a lán cainte faoi Noel Chavasse i Learpholl, ach ní luaitear a chol ceathrar, Claude Chavasse, ar chor ar bith. Rugadh ‘Cluad de Ceabhasa’ in Oxford fosta, ach bhí seisean ina óglach in Éirí Amach na Cásca agus i gCogadh na Saoirse.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.