AR NA SAOLTA SEO
Laige san Iarthar
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

Is fearr an leathbhuilín ná a bheith gan arán ar fad. Dá strómhaire é saol iarthar domhain, dar le Ciarán Mac Aonghusa, ar a laghad ar bith is féidir labhairt amach go neamhfhaiteach is le feirg faoi.

Íomhá
Mick Wallace TD
(le Paul Reynolds ar Vicipéid)
Íomhá
NATO 'affiliations'
(le ECAT ar Vicipéid)
Íomhá
David Camshrón
(le huimhir 10, gov.uk ar Vicipéid)
Íomhá
An Taoiseach Enda Kenny & James Reilly
(leis An Roinn Sláinte ar Flickr)

Feictear domsa go bhfuil tíortha daonlathacha an Iarthair leath ina gcodladh, ag suansiúl i dtreo na tubaiste. Chuir cliseadh an Aontais Shóivéadaigh amú iad. I lár na nóchaidí bhí Meiriceá, an tír chaipitlíoch agus dhaonlathach is mó ar domhan, ar barr na gaoithe. Seo an léamh a baineadh as an scéal: fuair an córas liobrálach caipitlíoch an lámh in uachtar ar an chóras chumannach. Agus fuair an daonlathas an lámh in uachtar ar an chóras uathlathach. Scaipfeadh an córas a raibh an lá aige ar fud an domhain go caithréimeach.

Ceathrú céad ina dhiaidh sin nach amaideach agus nach truamhéalach é an tuar sin. Ní hamháin go bhfuil athrú ó bhun go barr ar an ord geilleagair idirnáisiúnta ach tá cuid mhaith de thíortha daonlathacha an iarthair tite chun mífheidhme.

Níor mhaith liom go seolfadh Meiriceá nó an ECAT a gcuid tancanna isteach san Úcráin – cé a d’fhéadfadh Cogadh mór fuilteach a shamhlú agus muid ag cuimhneamh ar an Chogadh Mhór a thosaigh céad bliain ó shin. Ach léiríonn an neamh-éifeacht a bhaineann le freagra na dtíortha iartharach ar an ghéarchéim úd a laige is atá siad. Sa deireadh thiar thall ní raibh ach briathra ag an iarthar fad is a bhí bearta ag an Rúis. Agus é ag dul isteach chuig cruinnithe ar an ábhar seo, bhí miongháire le feiceáil ar bhéal Vladimir Putin.

Meallta go Mór

Sílim ar bhealach go bhfuil gráin ag an iarthar air féin. Amharcann na daoine ar an dóigh ar chlis ar an daonlathas, an chaoi ar chuir sé díomá orthu, an bhearna a tháinig idir an gealltanas agus an saol mar atá, agus tagann fearg agus frustrachas orthu ar dtús. Agus i ndiaidh tamaill, athraíonn an fhearg go tuirse agus an frustrachas go fuarchúis.

Is iontach agus is millteanach an chaoi ar múchadh bladhm an dóchais lochtach=faulty">="gloss" title="between the coalition being elected">idir toghadh an chomhrialtais sa tír seo agus an lá atá inniu ann. Gheall siad “an pholaitaíocht nua” ach ní bhfuaireamar, i ndeireadh na mbeart, ach an chaimiléireacht chéanna. D’imir O Reilly cluichí polaitíochta le liosta na n-ionad um chúram príomhúil. Bhain Shatter mífheidhm as a oifig nuair a luaigh sé Mick Wallace. Agus mar sin de. I ngeall ar an teip seo, an dóigh ar theip orainn an daonlathas a cheartú agus a chothú tar éis na géarchéime, tá ciall cheannaithe ag na daoineníl meas ar bith ag daoine ar an vóta, ar an rialtas, ná ar an daonlathas féin.

Ach tá an cliseadh céanna le feiceáil i dtíortha eile. Tá an Iodáil scriosta ag an chaimiléireacht agus an mhífheidhmiú leis na blianta. Ní thig leis an Fhrainc dul i ngleic leis na fadhbanna móra atá aice mar thír. Sna Stáit Aontaithe, tá siadsan ag suansiúl go bacach ó ‘aill fhioscach’ go géarchéim maoinithe (gan a bheith ag trácht ar na cogaí roghnacha thubaisteacha a tharraing siad orthu féin le deich mbliana anuas). Bíonn na Poblachtaigh agus na Daonlathaigh in adharca a chéile i gcónaí.

Thall sa Bhreatain an scéal céanna – díomá agus míshásamh. I mí Meán Fómhair, nuair a bheidh reifreann in Albain, beidh cuid den Riocht Aontaithe ag freagairt na ceiste ar chóir fanacht sa pholaití úd ar chor ar bith. Léiríonn sé a mhífheidhmiúla is atá an stát nuair atá daoine ag iarraidh é a fhágáil. Siar sa bhliain 2009 i Londain bhí Gordon Brown ag cáineadh na margaí agus na mbanc cionn is go ndeachaigh siad thar fóir. Sa lá atá inniu ann tá David Cameron ag troid in aghaidh aon rialú dian a chuirfeadh an Eoraip ar na bainc i Londain!

Ní féidir ach aon toradh a bheith ar na coimhlintí agus ar na deighiltí seo: an laige. An tír nach bhfuil in ann í féin a riaradh agus a rialú mar is ceart, cén chaoi a mbeadh sí aontaithe in uair na cinniúna? Cén chaoi a mbeadh sí in ann polasaithe fad-téarmacha éifeachtacha a chur le chéile?

Ní Mór an Cath a Throid

Is cinnte go bhfuil fórsaí cumhachtacha domhanda ag brú an daonlathais as a riocht. Dá bharr sin tá rialú an stáit níos casta agus níos deacra. Ach fós féin tá níos mó cumhachta againn nó mar a cheaptar, cuirim i gcás, tá sé ar ár gcumas, mar Éireannaigh, ár gcóras sláinte féin a dhearadh agus a riaradh mar is mian linn. Níl le déanamh againn ach an riocht ceart a chur ar an chóras náisiúnta pholaitíochta.

Is fíor go bhfuil díomá orainn, ach má fhaigheann an tsoiniciúlacht an lámh in uachtar ar an dóchas, beidh deireadh linn ar fad. Ní mór an cath a throid. Tá an daonlathas liobrálach lochtach gan amhras agus tá an córas caipitlíoch míchothrom. Ach go dtí seo, ní fheicim aon rogha ach iad, agus mar sin, ba chóir iad a chur ag feidhmiú chomh maith agus is féidir.

Tá siad ann a mhaíonn go bhfuil “an t-iarthar” chomh dona leis an Rúis nó le tír ar bith eile nach nglacann le “luachanna an iarthair”. Ach is fearr liom fós a bheith beo i dtír a bhfuil saoirse ag na meáin, agus a bhfuil cearta sibhialta, lochtach is atá siad, ag an duine. An té a labhraíonn i gcoinne an rialtais in Éirinn, ar a laghad ní rachaidh sé go príosún (nó as amharc ar fad). Ní athscríobhtar an bunreacht de réir mar a fheileann sé don pháirtí atá i gcumhacht. Tá na cúirteanna saor ó thionchar an rialtais. Agus mar sin de.

Ní beag iad na buanna seo, nó an dul chun cinn atá déanta. Is fiú an cath a throid go fóill agus an fód a sheasamh. Chuirfeadh an daonlathas fearg ort, ach is fearr fós a bheith ag plé le botháin vóta ná le tancanna sna sráideanna.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.