THALL IS ABHUS
Lá Fómhair sa Rómáin
Diarmuid Johnson Diarmuid Johnson

An cineál saoil a d’éalaigh ar throigh gan tuairisc as tíortha go leor ó lár an chéid seo caite le meath na dtithe ceann tuí, tá sé beo bisiúil go fóill sa Rómáin dar le Diarmuid Johnson.

Íomhá
Seanteach adhmaid
Íomhá
Geoagiu de Sus
Íomhá
An gearrán iarainn
Íomhá
Drum Bun
Íomhá
Droichead coise

Le linn dom a bheith sa Rómáin anuraidh, chaith mé seachtain i gceantar Alba Iulia sa Trasalváin. Geoagiu de Sus is ainm don bhaile ar chodail mé ann an chéad oíche. I ngleann cúng iargúlta faoi scáth na haille atá sé. Tá cónaí fós sna seantithe ceann tuí ann. Tithe adhmaid iad seo a bhfuil díon ard orthu ar déanamh coca féir. Ní fhacas a macsamhail in áit ar bith san Eoraip. Tá tithe nua á dtógáil ann anois chomh maith, tithe saoire ina measc. Dhá rud a chuala mé ó fhuinneog an óstáin ar dhúiseacht dom ar maidin: trup trap chrúba capaill ar an mbóthar fúm, sin agus buillí rialta na gcasúr.

Shiúil mé an gleann an lá sin. Bóthar cúng a bhí fúm an chéad uair an chloig, cosán gan teara an dara huair an chloig, agus bealach aimhréidh ar bhruach an tsrutháin ina dhiaidh sin. Shiúil mé céad slat go glúin san uisce glégeal ar deireadh, na beanna scáfara chaon taobh díom, nó go mb’éigean dom casadh ar ais.

Ar mo bhealach abhaile, casadh dom spealadóir ar dhroichead cúng adhmaid. D’fhiafraigh mé de cén focal a bhí aige ar speal. ‘Kosa,’ arsa sé. ‘Speal’ arsa mise. ‘Speal’, arsa seisean agus straois mhór air. ‘Irlanda,’ arsa mise, agus tharraing mé a ghrianghraf. Is gearr go bhfaca mé bean ag iompar beart féir ar leathghualainn. I móinéar eile bhí an féar bainte agus scartha, agus an meitheal sínte fúthu ag ligean scíth an mheánlae.

Féar an chéad rud, plumaí an darna rud a bhí á mbaint an lá sin. Bhi crainnte plumaí go flúirseach ar fud an ghleanna agus dath aibí ar na torthaí. Úsáidtear na plumaí le poitín a dhéanamh. Ţuika a thugann na Rómáinigh air, agus níl a shárú le fáil. Tá leigheas an tslaghdáin ann, sólás don té a mbeadh piñata sna hailt air, agus úsáidtear ina ungadh é uaireanta dá mbeadh goimh, cealgdó craicinn ar dhuine. Téitear é ar an tine sa ngeimhreadh, agus cuirtear pinsín piopair ann.

Sean-Deasghnátha á gCleachtadh

Labhair mé le Bogdan Neagota, eitnegrafaí as ollscoil Cluj maidir le gnéithe de chultúr na tuaithe sa Rómáin. D’inis sé dhá scéal dom faoi chúrsaí báis. Scéal Izvora, cuir i gcás, bean a cailleadh ar a bhaile féin. An lá ar chuir na comharsain beannacht lena hanam, lig siad dhá scór coinneal le sruth na habhann. D’éalaigh na soilse leo ar bharr an uisce i dtreo na síoraíochta. I mbaile eile i gceantar Cluj, chuir bean gin mharbh ar an saol. Lasadh tine chnámh leis an mbealach chun na bhflaitheas a thaispeáint don leanbh, agus lena chraiceann mín nocht a théamh dó.

deasghnátha na heaglaise agus gnáis an phobail fite fuaite ina chéile chomh maith. Ar an 15ú de Lúnasa – lá Mhuire Mhóir – téann na mná go dtí an séipéal le moch maidne. Cuireann siad tiús á dhó, agus de réir mar a bhíonn an deatach ag éirí faoi na rachtaí, tosaíonn an chantaireacht. Nuair a bhíonn an deatach ag guairdeall go tiubh, amach leo le néal den deatach bheannaithe a chur sa scioból agus sa teach leis an mí-ádh a dhíbirt. Is amhrán ársa atá i laoi maidneachan lae. Ní deirtear é ach uair sa mbliain, agus ní mhaireann sé ach san áit is laige a bhfuil tionchar an tsaoil nua.

Chuaigh mé go Sibiu ar an mbus tar éis dom a bheith i Geoagiu de Sus. Shuigh seanfhear le mo thaobh sa stáisiún. Hata air agus meangadh gáire ar a bhéal. Ba léir fonn cainte air. Nu vorbesc pe romaneşte arsa mise – níl aon Rómáinis agam. Bhí triúr páistí ar thaobh an bhóthair ag magadh faoin saol. Cailín deich mbliana d’aois, gúna ildaite go talamh uirthi agus scairf dá réir. Leathnocht a bhí an bheirt ab óige. Mullach catach dubh orthu, agus a gcneas chomh buí le céir na mbeach. Ag dul trí bhaile Teiuş dúinn, bhí fear cois bóthair agus bó ag fosaíocht aige ar éill. D’fhéach mé amach as an mbus arís: bhí capall faoi charr ag teacht inár leith sna cosa in airde agus ribín dearg faoina cluais. Sa Rómáin, maireann na daoine ar scáth a chéile, agus ar scáth na gcapall chomh maith.

Seansaol Bisiúil

Shroich mé ceann scríbe gan mórán stró, mé féin, beirt sagart a raibh an éide dhubh orthu agus féasóg go himleacán, mo sheanduine meidhreach nár bhain de a hata ar feadh an aistir, agus bean a dúirt liom go bhfuil deartháir aici ina dochtúir sa nGearmáin. Ní de thaisme a luadh an Ghearmáin. Tá ainm eile ar Sibiu – Hermannstadt. Sa 12ú aois déag, le linn do Geisa II a bheith ina rí ar an Ungáir, nuair a bhí cogadh na croise á chur ar Ioslam, tháinig pobal ó cheantar an Réin in iarthar na Gearmáine agus chuir siad fúthu sa Transalváin. ‘Na Sacsain’ a tugadh orthu. Tá a dteanga á labhairt ann ó shin, agus tá ainmneacha na sráideanna i nGearmáinis agus i Rómáinis ar fud an chontae. An lá ar thug mé féin cuairt ar Sibiu, bhí Gearmáinis á labhairt ann ag na turasóirí, agus beirt nó triúr de sheanfhondúirí an bhaile feistithe go bródúil in éide thraidisiúnta na Sacsan.

Is beag áit san Eoraip a bhfuil seansaol na tuaithe chomh bisiúil ’s atá i sléibhte agus i ngleannta na Rómáine. Sna seachtóidí, bhí tóir ar an nGréig, ar an Spáinn agus ar Éirinn mar gheall ar shaibhreas den chineál sin. Ach chuir an carr, an teilifís agus saol an airgid deireadh le seanchas agus le saoithiúlacht na mbailte beaga. Lenár linn féin, is sa Rómáin a bhíonn na haoirí ar an sliabh, an spealadóir sa gcluain, torann na gcrúb ag capaill ar bhóithre, agus coinnle á seoladh le sruth na habhann nuair a fhaigheann na seandaoine bás go ciúin.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Gaillimheach é Diarmuid Johnson a bhfuil blianta caite aige ag obair i dtíortha thar lear.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.